Clár Ilbhliantúil Gníomhaíochta um an tSláinte (2014-2020) (togra)

Cuireann an Coimisiún Eorpach a thríú Clár Ilbhliantúil Gníomhaíochta um an tSláinte i láthair don tréimhse 2014-2020. Freagraíonn an Clár seo an riachtanas seasamh leis na Ballstáit agus iad ag féachaint le sláinte a gcuid saoránach a fheabhsú agus inbhuanaitheacht na gcóras sláinte a chinntiú, atá sa straitéis Eoraip 2020.

TOGRA

Togra Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Samhain 2011, a chuireann ar bun tríú clár ilbhliantúil gníomhaíochta an Aontais i réimse na sláinte don tréimhse 2014-2020, dar teideal “Sláinte le haghaidh Fáis” [COM(2011) 709 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil]

ACHOIMRE

Is é an clár “Sláinte le haghaidh Fáis” (2014-2020) an tríú clár ilbhliantúil gníomhaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh (AE). Cuidíonn/tacaíonn sé leis na Ballstáit d’fhonn:

Cuspóir Uimh. 1: cur le córais sláinte nuálaíocha inmharthana

Caithfidh an Coimisiún Eorpach cuidiú leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas na n-acmhainní daonna agus airgeadais. Caithfidh sé iad a spreagadh fosta le nuálaíocht a chomhtháthú i gcúraimí sláinte, mar shampla maidir le sláinte ar líne agus lena gcuid saineolas a roinnt sa réimse seo. Tacaíonn an Clár le comhpháirtíocht Eorpach nuálaíochta faoi choinne aosaithe ghníomhaigh agus sláinte maithe fosta.

Cuspóir Uimh. 2: rochtain ar chúraimí sláinte níos fearr agus níos sábháilte a fheabhsú do shaoránaigh

Molann an Coimisiún córas creidiúnaithe na líonraí Eorpacha tagartha a chur ar bun, le tacú le gníomhaíocht mar shampla i réimse na ngalar neamhchoitianta. Toilíonn sé le treoracha Eorpacha a dhréachtú maidir le slándáil na n-othar agus le húsáid na n-ábhar frithmhiocróbaigh.

Cuspóir Uimh. 3: an tsláinte a chur chun tosaigh agus na galair a chosc

Iarrtar ar na Ballstáit a gcuid dea-chleachtaí a mhalartú sna réimsí seo: cosc ar chaitheamh tobac, ar mhí-úsáid alcóil agus ar an otracht. Caithfear sainghníomhaíochtaí a dhéanamh le cuidiú leis na galair ainsealacha, agus an ailse ina measc, a chosc.

Cuspóir Uimh. 4: saoránaigh a chosaint ar chontúirtí sláinte thar na teorainneacha anall

Dar leis an gCoimisiún caithfidh ullmhú agus cumas comhordaithe níos fearr a bheith aige i gcás contúirtí troma thar na teorainneacha anall.

Forálacha airgeadais

Tá dearlaic airgeadais EUR 446 milliún ag an gclár don tréimhse idir an 1ú Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020. Féadann siad seo páirt a ghlacadh sa chlár:

Féadann an AE páirt a ghlacadh trí fhóirdheontais nó trí mhargaí poiblí chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú a bhfuil breisluach Eorpach acu nó chun fóirdheontais oibriúcháin a bhronnadh ar eagraíochtaí neamhrialtasacha. Íoctar 60 % de na costais inghlactha leis na fóirdheontais seo agus baineann siad le raon mór eagraíochtaí comhdhéanta go dlíthiúil amhail, mar shampla:

Ní fhéadann na fóirdheontais seo 80 % na gcostas inghlactha a shroicheadh ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

Féadtar an dearlaic airgeadais a úsáid le costais a íoc a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, monatóireachta, seiceála, iniúchta agus measúnaithe riachtanacha do chur i bhfeidhm an chláir.

Cur i bhfeidhm an chláir

Bíonn cur i bhfeidhm ghníomhaíochtaí an chláir faoi stiúir an Choimisiúin, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Cuidíonn coiste leis an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán ar chumhachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin.

Bíonn ar na Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta a ainmniú chun eolas an chláir agus a thoradh a fhorleathadh taobh istigh dá dtír.

Aisghaireann an Rialachán seo an cinneadh a bhaineann leis an Dara Clár Gníomhaíochta an Chomhphobail i réimse na sláinte ón 1 Eanáir 2014 amach.

Tagairtí

Togra

Iris Oifigiúil

Nós imeachta

COM(2011) 709 críochnaitheach

2011/0339/COD

See also

Nuashonrú is déanaí: 11.01.2012