Vacsaíniú in aghaidh an fhliú shéasúraigh
ACHOIMRE AR:
Moladh 2009/1019/AE maidir le vacsaíniú in aghaidh an fhliú
CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?
Is é is aidhm leis tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) a spreagadh le bearta sláinte a dhéanamh leis an bhfliú séasúrach a chomhrac.
PRÍOMHPHOINTÍ
Dúshláin
-
Ionfhabhtú tógálach riospráide de bhunús víreasach is ea an fliú, a tharlaíonn mar eipidéim i míonna an gheimhridh. D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le haimhréidheanna tromchúiseacha, lena n-áirítear bás fiú.
-
Le haghaidh fliú séasúrach éadrom, meastar gurb ionann an líon básanna agus 8 as 100,000 den daonra. D’fhéadfadh méadú go dtí 44 teacht ar an bhfigiúr sin i mblianta níos déine.
-
I gcás eipidéimí fliú, d’fhéadfadh ró-ualach tarlú sna ospidéil agus sna seirbhísí leighis. Tagann laghdú dá bharr sin ar chostais dhíreacha (a tharlaíonn de bharr úsáid acmhainní leighis agus neamhleighis) agus ar chostais indíreacha (de bharr caillteanas táirgiúlachta agus neamhláithreachas ón obair).
Eifeachtúlacht agus éifeachtacht vacsaíní
-
Féadfar an fliú séasúrach a laghdú trí vacsaíniú. Ní mór daoine atá i mbaol sa phobal a vacsaíniú i gcoinne an fhliú. Lena chois sin, níor cheart gnéithe lóistíochta, amhail vacsaíní a sheachadadh agus a thabhairt, a mheas faoina luach chun cumhdach éifeachtach vacsaíní a chur ar fáil.
-
Tá sé tábhachtach go ngníomhófar ar leibhéal AE chun stop a chur le cineál úr den víreas fliú ó bheith ina phaindéim, faoi mar a tharla sna blianta 1918, 1957 agus 1968.
Pleananna agus straitéisí náisiúnta
-
Spreagtar leis an moladh do thíortha AE plean nó straitéis náisiúnta maidir le cumhdach vacsaíní a ghlacadh.
-
Ba é an aidhm cumhdach a sholáthar do 75% den phobal i mbaol faoi gheimhreadh 2014-2015 dá mb’fhéidir é. Sainíodh an grúpa sna treoirlínte arna bhfoilsiú ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC).
-
Spreagtar tíortha AE le tuarascálacha a chur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach, ar bhonn deonach, maidir leis an moladh seo a chur chun feidhme agus go sonrach maidir leis an gcumhdach vacsaínithe a baineadh amach laistigh de ghrúpaí i mbaol.
-
Ba cheart feachtais faisnéise a dhéanamh a bheidh dírithe ar na gairmithe cúram sláinte agus daoine sna grúpaí i mbaol agus a dteaghlaigh.
-
Iarrtar ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt don Chomhairle ar bhonn rialta maidir leis an moladh seo a chur i bhfeidhm, bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar ó thíortha AE.
Meastóireacht
-
Moltar i dtuarascáil a d’fhoilsigh an ECDC in 2015 go bhféadfadh gá a bheith ag tíortha AE athbhreithniú a dhéanamh ar a gcur chuige chun faisnéis níos cuimsithí agus níos cruinne a bhailiú maidir le cumhdach vacsaínithe in aghaidh an fhliú shéasúraigh do na spriocghrúpaí daonra.
-
Gríosaíonn sé na tíortha AE sin nach ndéanann monatóireacht ar an gcumhdach vacsaínithe i measc grúpaí scothaosta córais a thabhairt isteach chun an mhonatóireacht sin a dhéanamh, chun cur ar chumas eagraíochtaí sláinte poiblí a ndul chun cinn a rianú agus bacainní ar bhaint amach spriocanna náisiúnta agus AE a shainaithint.
-
Sonraítear sa tuarascáil go raibh formhór na dtíortha ábalta faisnéis a chur ar fáil faoi rátaí cumhdaigh vacsaínithe do ghrúpaí amhail oibrithe cúram sláinte agus mná torracha, agus tugtar moltaí inti mar bhealach le dul chun tosaigh chun rátaí vacsaínithe níos airde agus monatóireacht fheabhsaithe a bhaint amach.
-
In 2015, d’eagraigh an Coimisiún éisteacht ardleibhéil ar an ábhar, inar cuireadh béim ar an tábhacht atá ag méadú maidir le cosc galar sa chaiteachas cúram sláinte.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
-
“Vacsaíniú” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Moladh 2009/1019/AE ón gComhairle an 22 Nollaig 2009 maidir le vacsaíniú in aghaidh an fhliú shéasúraigh (IO L 348, 29.12.2009, lgh. 71–72)
Nuashonraithe 30.01.2017