Na leanaí a chosaint sa domhan digiteach

Chonacthas athruithe móra in úsáid na meán ag tomhaltóirí, agus go háirithe ag na mionaoisigh. Mhéadaigh úsáid na meán i measc na mionaoiseach trí mheán trealaimh mhóibíleach, físchluichí ar líne san áireamh, a mhéadaíonn an ráchairt ar sheirbhísí ar éileamh ar an Idirlíon. Agus é ina fheiniméan nua, chuaigh na gréasáin shóisialta i dtábhacht, ag daoine aonair agus ag an sochaí. Tá a lán athruithe le teacht go fóill. Is iomaí áiméar don aos óg atá sna forbairtí nua seo, ach tá dúshlán iontu maidir lena chosaint. Déanann an tuarascáil seo achoimre ar a ndearnadh chun an t-aos óg a chosaint sa domhan digiteach agus léiríonn sí na chead chéimeanna eile atá le déanamh chun an méid seo a neartú.

ACHT

Tuarascáil ón gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún an 13 Meán Fómhair 2011 ar mholadh an Chomhairle an 24 Meán Fómhair 1998 maidir le cosaint na mionaoiseach agus dhínit an duine, agus ar mholadh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 20 Nollaig 2006 faoi chosaint na mionaoiseach agus dhínit an duine agus faoin gceart freagartha maidir le hiomaíocht thionscal Eorpach na seirbhísí closamhairc agus faisnéise ar líne dar teideal “Protecting Children in the Digital World” [COM(2011) 556 críochnaitheach – Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil].

ACHOIMRE

Léiríonn an tuarascáil seo na bearta a rinne na Ballstáit chun leanaí a chosaint agus iad i mbun gníomhaíochtaí ar líne. Leanann sí moladh 2006 faoi chosaint na mionaoiseach sna seirbhísí closamhairc agus faisnéise, agus moladh 1998 faoi chosaint na mionaoiseach agus dhínit an duine.

Inneachar neamhcheadaithe nó díobhálach

Tugann an tuarascáil achoimre ar na tionscnaimh a rinne na Ballstáit chun troid in éadan an inneachair leatromaigh, neamhcheadaithe nó díobhálaigh ar líne. Is iad gealltanais nó cóid iompraíochta atá i gceist go bunúsach. Forálann siad, mar shampla, go gcuirtear lipéad oiriúnach ar na suíomhanna gréasáin.

Ní seasmhach ó Bhallstát go chéile áfach leibhéal na cosanta a thugann a leithéid de thionscnamh. Ba chóir na bearta atá ann a chur faoi shíormhonatóireacht chun iad a dhéanamh níos éifeachtaí.

Ina theannta sin, tagann an t-inneachar neamhcheadaithe nó díobhálach as Ballstáit eile an AE nó as tríú tíortha de ghnáth. Dá mbeadh cur chuige comhordaithe Eorpach, agus ansin idirnáisiúnta, ann, d’fhéadfaí an chosaint ar a leithéid d’inneachar a chomhchuibhiú.

Beolínte

Forálann an straitéis dhigiteach ar son na hEorpa go suiteálfar beolínte roimh 2013 chun inneachar ar líne atá coscrach nó díobhálach a fhógairt. Beidh cómhaoiniú ó chlár “faoi choinne Idirlín níos sábháilte” do na beolínte seo. Ina theannta sin, is éifeachtach an uirlis é cumann na mbeolínte idirlín INHOPE (EN) do comhar na mBallstát agus na tríú tíortha. Cuirtear ar bun nósanna imeachta fógartha agus aistarraingthe fosta ar mhodh is go n-aistarraingíonn soláthróirí seirbhísí idirlín (ISP) gach inneachar neamhcheadaithe a fhógraíonn duine a bhain úsáid as an mbeolíne.

Mar sin féin, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit monatóireacht níos déine a dhéanamh ar a gcuid beolínte. Níl eolas ná rochtain go leor ag úsáideoirí Idirlín n ag páistí orthu go fóill.

Soláthróirí Seirbhísí Idirlín (ISP)

Iarrtar ar na ISPanna éirí níos gníomhaí ag cosaint na mionaoiseach. Ní mór cóid iompraíochta a chur i bhfeidhm go forleathan agus súil ghéar a choinneáil orthu. Iarrtar ar na cumainn ISP cosaint na mionaoiseach a chur san áireamh ina gcuid gníomhartha agus deimhin a dhéanamh de go mbíonn a gcuid ball tiomanta don rud céanna. Thairis sin, má fheabhsaítear rannpháirtíocht na dtomhaltóirí agus na n-údarás chun na cóid iompraíochta seo a chumadh, beidh an féinrialúchán in ann éabhlóid ghasta an domhain dhigitigh a fhreagairt go réadach.

Spreagtar na ISPanna le cur i bhfeidhm na gcód iompraíochta a fhorleathadh agus cosaint na mionaoiseach a chur san áireamh ina sainorduithe.

Gréasáin shóisialta ar líne

Tá iompraíocht na mionaoiseach athraithe go mór ag na gréasáin shóisialta ar líne maidir leis an gcineál caidrimh agus cumarsáide eatarthu. Is iomaí priacal atá ag gabháil leis na gréasáin seo, amhail inneachar neamhcheadaithe, inneachar nach oiriúnach do mhionaoisigh, teagmhálacha neamhfhóirsteanacha, iompraíochtaí neamhfhóirsteanacha.

Ceann de na meáin a luaitear sa tuarascáil chun aghaidh a thabhairt ar na priacail seo is ea rialacha iompraíochta a leagan amach do sholáthróirí gréasán sóisialta. Spreagann an Coimisiún leis na pointí tuairiscithe a iomadú agus struchtúir riaracháin cumasacha a chur ar bun chun iad a chur i bhfeidhm ar na gréasáin shóisialta.

Oideachas ar na meáin agus feasacht

Tá na Ballstáit tiomanta don oideachas ar na meáin a neartú. Tá a lán tionscnamh ann sa réimse seo, amhail comhpháirtíochtaí príobháidí/poiblí nó an tionscadal EU kids online (EN). Mar sin féin, is dúshláin mhóra iad go fóill páirteachas na leanaí agus na dtuismitheoirí uilig, agus comhchuibhiú idir scoileanna agus Ballstáit, cé go bhfuil cosúlacht mhaith ar thoradh chomhtháthú an oideachais ar na meáin i dtimpeallacht na scoile.

Srianta ar rochtain ar inneachar

Is ionann rochtain ar inneachar a theorannú do mhionaoisigh agus rangú de réir aoise agus inneachair. Tá córais ann ag an am seo le hábhar closamhairc a rangú agus meastar i mBallstáit áirithe go bhfuil siad sásúil nó éifeachtach, cé gurb é an tuairim i mBallstáit eile go bhfuil siad le feabhsú.

D’fhéadfadh na córais theicniúla, amhail an scagadh, na córais sheiceála aoisecórais an rialúcháin tuismitheoirí, a bheith úsáideach, ach ní fhéadann siad srian críochnaithe ar rochtain mionaoiseach ar inneachar a ráthú. Tá na rannpháirtithe níos eolaí i gcónaí maidir le córais scagtha agus le rangú, agus maidir le bogearraí seiceála aoise chomh maith. Mar sin féin, níl na Ballstáit ar aon aigne maidir le húsáideacht, le hábharthacht (i dtaca le saoráil faisnéise agus le baol na cinsireachta), le hindéantacht theicniúil agus le hintaofacht na gcóras teicniúil. Chomh maith leis sin, leagann siad béim ar gá na follasachta i dtaobh inneachar áirithe a chur ar “liosta dubh” agus a aistarraingt más ea.

Cé go meastar i bhformhór na mBallstát gur féidir déanamh amach na haoise agus córas an rangaithe a fheabhsú, níltear ar aon aigne go fóill maidir le rangú uile-Eorpach de chóras le haghaidh inneachar na meán. Iarrtar sa tuarascáil seo machnamh a dhéanamh ar chórais nuálacha rangaithe inneachair in earnáil na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC).

Seirbhísí closamhairc

Thug an Coimisiún faoi deara go bhfuil moille ann i seirbhísí teilifíse ar éileamh maidir leis na córais comhrialúcháin agus féinrialúcháin chun mionaoisigh a chosaint ar inneachar díobhálach agus maidir leis na meáin theicniúla a sholáthraíonn do pháistí rochtain roghnaitheach ar inneachar ar an Idirlíon. Ba chóir ranguithe de réir aoise cur chun suntais, mar aon le teorainneacha ama craolta dá leithéid de sheirbhís closamhairc.

Físchluichí

Ach amháin an Ghearmáin, úsáideann gach uile Bhallstát an córas Pan European Games Information System (PEGI) le mionaoisigh a chosaint i gcomhthéacs na bhfíschluichí. Léiríonn an tuarascáil seo gur chóir na bearta feasachta a iomadú mar chosc roimh ré, go háirithe sna scoileanna. Thairis sin, tá dul chun cinn le déanamh go fóill chun a bheith cinnte go ndéanfar de réir an rangaithe aoise maidir le díolachán na bhfíschluichí agus chun córais leithéid PEGI a chur i bhfeidhm níos forleithne maidir le cluichí ar líne.

See also

Nuashonrú is déanaí: 06.12.2011