Cosaint sonraí pearsanta a neartú

Is í an aidhm fhoriomlán anseo ná reachtaíocht um chosaint sonraí reatha an Aontais Eorpaigh (AE) a nuachóiriú trína hoiriúnú do dhúshláin an domhandaithe agus d’úsáid teicneolaíochtaí nua (m.sh. meáin shóisialta) agus cosaint níos fearr á soláthar do chearta daoine aonair.

ACHT

Togra i gcomhair Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus le saorghluaiseacht sonraí dá leithéid (Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí) [COM(2012)11 críochnaitheach - Gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

ACHOIMRE

Chuir an Coimisiún Eorpach tograí dlíthiúla chun cinn chun cosaint sonraí pearsanta a neartú ar fud an AE. Is í an aidhm ná dlí nua ginearálta a chur in ionad an dlí ghinearálta reatha (Treoir 95/46/CE) maidir le cosaint sonraí agus dlí nua ina leagtar amach rialacha um chosaint sonraí, sa chás go n-úsáidtear sonraí chun dul i ngleic le coireacht, a chur in ionad dlí eile (Cinneadh réime 2008/977/JHA).

Is é atá i gceist le sonraí pearsanta ná an t-eolas ar fad a bhaineanngo díreach nó go hindíreachle duine aitheanta nó inaitheanta .

Tá dhá phríomhdhlí i gceist le tograí athchóirithe um chosaint sonraí an AE. Déanfaidh ceann de na dlíthe atá molta (Rialachán) cosaint sonraí pearsanta daoine aonair a spreagadh agus a leibhéal iontaoibhe sa timpeallacht dhigiteach a mhéadú.

Is í aidhm an dlí eile atá molta (Treoir) ná an leibhéal cosanta a sholáthraítear do shonraí pearsanta daoine aonair a mhéadú nuair a úsáidtear na sonraí sin chun dul i ngleic le coireacht. Tá sé mar chuspóir ag an dlí chomh maith iontaoibh i measc na n-údarás um fheidhmiú an dlí a spreagadh ionas go mbeidh siad in ann sonraí pearsanta a roinnt chun dul i ngleic le coireacht.

SAMPLAÍ DE PHRÍOMHEILIMINTÍ AN RIALACHÁIN

An ceart chun sonraí pearsanta a scriosadh agus a bhogadh agus chun tuiscint a fháil ar an chaoi a úsáidtear sonraí pearsanta

Leis an Rialachán cuirfear feabhas ar chumas daoine aonair a gcuid sonraí pearsanta a rialú trí, i measc nithe eile

Cabhair a thabhairt do dhaoine aonair chun a gcuid ceart a fheidhmiú

Leis an Rialachán beidh sé níos éasca do dhaoine aonair chomh maith a gcuid ceart a fheidhmiú trí

An baol go sárófaí slándáil sonraí a laghdú

Leis an Rialachán spreagfar slándáil sonraí trí:

Éileofar leis an Rialachán chomh maith go ndéanfadh rialtóirí sonraí Oifigeach um Chosaint Sonraí a ainmniú i gcuideachtaí le breis is 250 fostaí agus i ngnólachtaí a mbíonn próiseáil sonraí ar siúl acu más rud é go bhfuil cearta agus saoirsí daoine aonair i mbaol. Beidh ar na heagraíochtaí seo Measúnachtaí Tionchair ar Chosaint Sonraí a dhéanamh chomh maith.

ACHTANNA GAOLMHARA

Togra i gcomhair Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a iniúchadh, a aimsiú nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus le saorghluaiseacht sonraí dá leithéid. [COM(2012)10 críochnaitheach - Gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil]

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Príobháideacht i nDomhan Cónasctha a Chosaint - Creat um Chosaint Sonraí Eorpach don 21ú Aois. [COM(2012)9 críochnaitheach - Gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil]

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún - Cur chuige uileghabhálach maidir le cosaint sonraí pearsanta san Aontas Eorpach [COM(2010) 609 críochnaitheach - Gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil]

Nuashonrú is déanaí: 17.03.2014