Is é cuspóir Glao éigeandála ná freagairt na seirbhísí éigeandála d'íospartaigh thimpiste cairr a luathú

Gníomhachtaítear Glao éigeandála go huathoibríoch a luaithe is a bhraitheann braiteoirí infheithicle gur tharla timpiste thromchúiseach, agus seolann sé mionsonraí na timpiste chuig na seirbhísí éigeandála ionas gur féidir leo cuidiú níos tapa le tiománaithe agus le paisinéirí feithicle.

ACHT

Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir leis an chreat chun Córais Chliste Iompair a chur in úsáid i réimse an iompair bhóthair agus le haghaidh comhéadan le modhanna iompair eile.

ACHOIMRE

Is é cuspóir Glao éigeandála ná mearchúnamh a thabhairt do thaistealaithe feithicle a bhí i dtimpiste thromchúiseach áit ar bith san Aontas Eorpach (AE), and san Íoslainn, san Iorua agus san Eilvéis chomh maith.

Gníomhachtaítear Glao éigeandála go huathoibríoch a luaithe is a bhraitheann braiteoirí infheithicle gur tharla timpiste thromchúiseach. A luaithe is a ghníomhachtaítear an córas, cuirtear glao ar 112, an uimhir éigeandála Eorpach, déantar teagmháil trí ghuthán leis an ionad glaonna éigeandála cuí agus tugtar mionsonraí na timpiste do na seirbhísí tarrthála, lena n-áirítear an t-am a tharla an timpiste, suíomh cruinn na feithicle a bhí sa timpiste agus an treo taistil (go h-an-tábhachtach ar mhótarbhealaí agus i dtolláin). Is féidir Glao éigeandála a ghníomhachtú de láimh chomh maith ach cnaipe sa charr a bhrú, mar shampla is féidir le duine a fheiceann timpiste thromchúiseach é seo a dhéanamh. Mar sin, bíonn a fhios ag na seirbhísí éigeandála, go gairid i ndiaidh na timpiste, gur tharla timpiste agus bíonn suíomh cruinn na timpiste ar eolas acu.

Cuirfidh na mionsonraí a fhaightear tríd an chóras Glao éigeandála ar chumas na seirbhísí éigeandála cúnamh a thabhairt níos tapa do thiománaithe agus do phaisinéirí feithicle, rud a chabhróidh le saolta a shábháil agus le gortuithe a chóireáil go tapa. De réir meastachán, d'fhéadfadh Glao éigeandála agaí práinnfhreagartha a luathú faoi 40% i limistéir uirbeacha agus faoi 50% amuigh faoin tuath, agus d'fhéadfadh sé suas le 2,500 saol a shábháil gach bliain.

Mar bharr ar na sochair sábháilteachta ar bhóithre, beidh tionchar mór ag Glao éigeandála chomh maith ar an bhrú tráchta a laghdú a tharlaíonn de bharr timpistí bóthair agus ar líon na dtimpistí tánaisteacha a laghdú a tharlaíonn de bharr suíomh timpiste neamhdhaingnithe. Táthar ag súil leis chomh maith go bhféadfaí an trealamh infheithicle Glao éigeandála a úsáid le haghaidh seirbhísí éigeandála eile agus/nó seirbhísí breisluacha, agus an córas infheithicle Glao éigeandála bunaithe ar 112 á úsáid nó trí chur leis.

I dTreoir 2010/40/AE an 7 Iúil 2010 maidir leis an chreat chun Córais Chliste Iompair a chur in úsáid i réimse an iompair bhóthair agus le haghaidh comhéadan le modhanna iompair eile, aithnítear mar cheann de na sé ghníomh thosaíochta, ar gá sonraíochtaí ceangailteacha a fhormhíniú ina leith (Airteagal 6), foráil chomhchuibhithe a dhéanamh do Glao éigeandála idir-inoibritheach ar fud an AE (Airteagal 3 d).

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta lena thrasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2010/40/AE

26.8.2010

27.02.2012

IO L 207 de 6.8.2010

Achtanna tarmligthe

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta lena thrasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 305/2013 arna tharmligean ag an Choimisiún

23.4.2013

23.4.2013Forálacha maidir leis an tseirbhís eolais arna cur ar fáil cheana ar an dáta ar tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm: 23.4.2014

IO L 91 de 3.4.2013

ACHTANNA GAOLMHARA

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas Glao éigeandála laistigh den fheithicil a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE. [COM(2013)0316 críochnaitheach an 13.6.2013 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil]

Togra le haghaidh Cinnidh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGlao éigeandála idir-inoibritheach ar fud an AE a chur in úsáid. [COM(2013)0315 críochnaitheach an 13.6.2013 ]

I mí an Mheithimh 2013, ghlac an Coimisiún Eorpach le dhá thogra chun a chinntiú, faoi mhí Dheireadh Fómhair 2015, go gcuirfear glao go huathoibríoch ó charranna ar na seirbhísí éigeandála má tharlaíonn timpiste thromchúiseach. Leis an dréacht-reachtaíocht seo cinnteofar chomh maith ó mhí Dheireadh Fómhair 2015 go mbeadh 112 Glao éigeandála feistithe i ngach cineál nua charr paisinéirí agus in fheithiclí saothair éadroim agus go gcruthófaí an bonneagar riachtanach chun glacadh le Glaonna éigeandála agus chun déileáil leo in ionaid freagartha ghlaonna éigeandála - rud a dhéanfadh comhoiriúnacht, idir-inoibritheacht agus leanúnachas na seirbhíse Glao éigeandála ar fud an AE a chinntiú.

A luaithe is a ghlactar leis na tograí seo sa Chomhairle agus sa Pharlaimint, is é cuspóir an Choimisiúin ná seirbhís Glao éigeandála atá ag feidhmiú go hiomlán a bheith curtha i ngníomh ar fud an AE (agus san Íoslainn, san Iorua agus san Eilvéis chomh maith) faoi 2015.

Nuashonrú is déanaí: 24.01.2014