Éarthaigh feithidí, díghalráin agus ceimiceáin (bithicídí) thionsclaíocha shábháilte eile san Aontas Eorpach
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Comhchuibhítear leis na rialacha san Aontas Eorpach (AE) maidir le díol agus úsáid táirgí bithicídeacha*, agus ardleibhéil chosanta do shláinte an duine agus ainmhithe agus don chomhshaol á áirithiú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ceadú substaintí gníomhacha
- Teastaíonn cead ó tháirgí bithicídeacha chun iad a dhíol san Aontas Eorpach. Ní mór na substaintí gníomhacha atá iontu a cheadú nó go bhfuil siad san áireamh in Iarscríbhinn I den rialachán.
- Déantar measúnú na substaintí gníomhacha i mbithicídí ar leibhéal AE. Ceaptar “rapóirtéir” ó Bhallstát AE do gach substaint ghníomhach atá le measúnú. Beidh an rapóirtéir freagrach as tuarascáil um measúnú a sholáthar ar a ndéanann ionadaithe Ballstáit eile laistigh de Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) athbhreithniú piaraí. Ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha tuairim ón ngníomhaireacht, a bheidh mar bhunús le cinneadh an Choimisiúin Eorpach maidir leis an tsubstaint a cheadú (nó gan í a cheadú).
- Ní cheadaítear substaintí gníomhacha a chomhlíonann na critéir eisiaimh. Is iad sin substaintí atá:
- carcanaigineach, só–ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh;
- ina suaiteoirí inchríneacha*;
- imchoimeádach*, inbhithbhailithe* agus tocsaineach*; nó
- an–imchoimeádach nó an–inbhithbhailithe.
- Is féidir díolúintí a thabhairt, áfach, sna cásanna seo a leanas:
- tá na rioscaí maidir le nochtadh don tsubstaint fánach;
- tá an tsubstaint riachtanach chun contúirt thromchúiseach do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol a chosc nó a rialú; nó
- bheadh éifeacht dhiúltach dhíréireach ar an tsochaí mar gheall ar neamhcheadú i gcomparáid leis na héifeachtaí a bheadh mar thoradh ar úsáid na substainte gníomhaí.
- Ní mór measúnú sonrach a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le bithicídí nana–ábhair*.
- Déantar substaint ghníomhach a cheadú ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana.
- Tá substaintí ceadaithe gníomhacha liostaithe ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA).
Údarú táirge
A luaithe a dhéantar substaint ghníomhach a cheadú, ní mór do chuideachtaí cead a iarraidh chun a gcuid táirgí a chur ar an margadh.
- Trí iarratas ar údarú AE a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán: má mheastar go bhfuil an táirge sábháilte i ndiaidh d’údarás inniúil Ballstáit measúnú a dhéanamh air agus i ndiaidh don Choimisiún údarú a dheonú ina leith, féadfar é a dhíol go díreach ar fud AE gan gá le húdarú náisiúnta sonrach a fháil.
- Trí iarratas a chur isteach ar údarú náisiúnta má tá sé beartaithe an táirge a dhíol i mBallstát aonair. Má dheonaítear údarú, féadfaidh cuideachtaí ar mian leo an táirge a chur ar an margadh i mBallstáit eile iarratas a dhéanamh ar an bprionsabal um aitheantas frithpháirteach d’údarú an táirge.
Tá nós imeachta údaraithe simplithe ann chomh maith maidir leis na táirgí is lú díobháil a chomhlíonann coinníollacha sonracha (níl aon substaintí a mbaineann imní leo iontu, nó tá na nana–ábhair éifeachtach go leor agus ní gá trealamh cosanta pearsanta a úsáid chun iad a láimhseáil).
Trí bhíthin eisceachta, féadfar táirgí bithicídeacha ina bhfuil substaintí gníomhacha a bhí ar an margadh cheana i mí na Bealtaine 2000 agus a chuimsítear sa chlár oibre chun substaintí gníomhacha bithicídeacha atá ann cheana a scrúdú a chur ar fáil ar an margadh agus iad a úsáid de réir dhlíthe náisiúnta gach Ballstáit go dtí go ndéanfar an cinneadh deiridh ar cheadú na substainte gníomhaí/na substaintí gníomhacha atá iontu.
Comhroinnt sonraí
Chun costais agus úsáid tástálacha ainmhithe a íoslaghdú, éilítear leis an rialachán nach mór sonraí a chomhroinnt faoi na substaintí agus táirgí ceadaithe atá údaraithe san Aontas Eorpach. Tá córas faisnéise curtha ar bun ag an ngníomhaireacht (clár le haghaidh táirgí bithicídeacha) ina gcuimsítear an fhaisnéis uile maidir le hiarratais, measúnuithe agus údaruithe nó ceaduithe.
Earraí cóireáilte
Cumhdaítear sa rialachán earraí a cóireáladh le táirge bithicídeach nó a bhfuil táirge bithicídeach iontu (amhail troscán agus pacáistíocht bia). Ní féidir earraí cóireáilte a chóireáil ach le substaintí gníomhacha atá ceadaithe san Aontas Eorpach agus ní mór lipéad a chloíonn le rialacha sonracha a chur orthu.
Gníomhartha cur chun feidhme
Ghlac an Coimisiún Eorpach roinnt gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 528/2012.
Baineann suntasacht leo seo a leanas:
- Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 lena leagtar amach critéir eolaíocha chun airíonna réabtha inchrínigh a chinneadh;
- Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/698 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/157 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá i dtáirgí bithicídeacha.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 1 Meán Fómhair 2013.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Táirgí bithicídeacha: táirgí amhail díghalráin tí, feithidicídí agus ceimiceáin eile chun lotnaidí (seadáin, fungais, baictéir, etc.) a chosc nó chun ábhair a chosaint. Toisc go bhféadfadh a n–airíonna dochar a dhéanamh don duine, d’ainmhithe agus don chomhshaol, déantar iad a rialú ar leibhéal AE.
Suaiteoirí inchríneacha: ceimiceáin a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar chóras hormónach daoine agus ainmhithe faoi choinníollacha áirithe.
Imchoimeádach: ceimiceáin a mhaireann sa chomhshaol (i.e. nach mbriseann síos) agus a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá réir sin do shláinte an duine. Is sampla é an lotnaidicíd DDT.
Inbhithbhailithe: bailiú substainte, amhail ceimiceán, in orgánach. Tarlaíonn bithbhailiú nuair a dhéanann orgánach an tsubstaint sin a ionsú níos tapa ná mar a dhéanann sé an tsubstaint a dhíothú.
Tocsaineach: substaintí ar féidir dochar a dhéanamh don chomhshaol nó don tsláinte má dhéanfar iad a ionanálú nó a ionsú tríd an gcraiceann.
Bithicíd nana–ábhair: bithicíd a tháirgtear ag úsáid nana–ábhair. Is éard is nana–ábhair ann ná substaintí ceimiceacha nó ábhair cheimiceacha a mhonaraítear agus a úsáidtear ar mhionscála. Tá saintréithe uathúla agus níos suntasaí ag nana–ábhair ná mar atá ag an ábhar céanna nach bhfuil gnéithe nanascála aige (foinse: an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán).
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lgh. 1-123)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 88/2014 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2014 lena sonraítear nós imeachta chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 32, 1.2.2014, lgh. 3-5)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe ar tháirgí bithicídeacha údaraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lgh. 4-13)
Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críocha eolaíochta (IO L 276, 20.10.2010, lgh. 33-79)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 15.04.2022