Próiseáil shábháilte bia: comhchaigheáin maidir le tuaslagóirí eastóscúcháin

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le tuaslagóirí eastóscúcháin a úsáidtear i dtáirgeadh earraí bia agus comhábhar bia a chomhfhogasú (IO L 141, 6.6.2009, lgh. 3-11). Nasc leis an leagan comhdhlúite.

ACHOIMRE

Bealach is ea eastóscadh tuaslagóra chun substaint a dheighilt ó shubstaint amháin eile nó níos mó trí thuaslagóir* a chur i bhfeidhm. Baintear úsáid as sa tionscal bia agus ní mór é a rialú lena chinntiú go bhfuil sláinte an duine á cosaint agus gur féidir na táirgí a bhíonn mar thoradh ar an teicníocht a dhíol go héasca ar fud an Aontais Eorpaigh (AE).

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Cuirtear in aonad reachtaíochta roimhe seo í agus bunaítear liosta aonair inti de na tuaslagóirí eastóscúcháin* a fhéadfar a úsáid i bpróiseáil bia, comhábhair bhia agus amhábhair de réir an dea-chleachtais déantúsaíochta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad seo a leanas na tuaslagóirí eastóscúcháin ceadaithe:

própán,

bútán,

aicéatáit eitile,

eatánól,

dí-ocsaíd charbóin,

aicéatón, agus

ocsaíd nítriúil.

Ní dhéanfaidh tíortha AE díol bia nó comhábhair a thoirmeasc, a shrianadh nó a bhac má úsáideadh na tuaslagóirí sin i gcomhréir leis an reachtaíocht.

Ní dhéanfaidh tíortha AE úsáid substaintí nó ábhair eile a údarú mar thuaslagóirí eastóscúcháin.

Féadfaidh údaráis náisiúnta úsáid tuaslagóir eastóscúcháin ceadaithe a chur ar fionraí nó a shrianadh ar bhonn sealadach má bhíonn forais mhionsonraithe acu go bhféadfadh a úsáid i mbia sláinte an duine a chur i gcontúirt.

Ní mór dóibh é sin a chur in iúl láithreach do thíortha AE eile agus don Choimisiún Eorpach a dhéanfaidh imscrúdú ar an bhfianaise a cuireadh ar fáil dá gcinneadh.

Ní mór sonraí infheicthe, inléite agus doscriosta a sholáthar ar phacáistiú, ar ghabhdáin nó ar lipéid substaintí a úsáidtear mar thuaslagóirí eastóscúcháin. Áirítear orthu sin:

ainm tráchtála,

léiriú soiléir oiriúnachta maidir le bia nó comhábhair bhia a eastósc agus

dálaí speisialta stórála ar bith.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Ón 26 Meitheamh 2009.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Tuaslagóir: substaint ar bith a thuaslagann bia-ábhar.

* Tuaslagóir eastóscúcháin: substaint a úsáidtear le linn bia a phróiseáil agus a bhaintear as ansin. D’fhéadfadh sé iamhair nó díorthaigh neamhbheartaithe, ach nach féidir a sheachaint ón taobh teicniúil de, a fhágáil sa bhia.

Nuashonraithe 26.10.2015