Rialacha sláinte maidir le gluaiseacht agus trádáil capall

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/156/CE maidir le dálaí sláinte ainmhithe lena rialaítear gluaiseacht agus allmhairiú ó thíortha eachainmhithe nach bhfuil san AE

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Sainítear na dálaí sláinte ainmhithe inti nach mór a chomhlíonadh maidir le hallmhairiú ainmhithe (lena n-áirítear gach ainmhí sa teaghlach eachainmhithe*, nó maidir lena ngluaisteacht laistigh den Aontas Eorpach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir le capaill atá incháilithe lena gclárú i leabhar graí*, agus atá beartaithe lena dtrádáil laistigh den Aontas Eorpach:

Níor chóir do thíortha AE atá buailte le tinneas Afracach capall capaill a sheoladh ó limistéir bhuailte ach amháin:

Ní mór do chapaill taisteal go díreach, agus deimhniú sláinte a bheith leo, i bhfeithiclí atá feistithe mar is cuí dá sláinte agus dá bhfolláine. Féadfaidh saintréidliachtaí ón gCoimisiún Eorpach iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh.

Allmhairiú ó lasmuigh den Aontas Eorpach

Ní mór do thír ar bith nach bhfuil in AE ar mian leo capaill a onnmhairiú a bheith údaraithe ag AE, bunaithe ar thaifid sláinte a n-ainmhithe agus ar ráthaíochtaí a chuirtear ar fáil ar shláinte agus ar fholláine na n-ainmhithe.

Ní mór don tír nó don réigiún nach bhfuil in AE:

D’fhéadfadh sé go mbeadh ráthaíochtaí breise de dhíth do ghalair nach mbíonn in AE.

Ní mór gur coinníodh na capaill ar feadh tréimhse socraithe sa tír nach bhfuil in AE, agus ní mór deimhniú aitheantais nó sláinte a bheith leo. Déanann saineolaithe tréidliachta ó thíortha AE agus ón gCoimisiún iniúchtaí breise.

Féadfar díolúintí maidir le cuid de na rialacha sin a dheonú do chapaill a úsáidtear chun críche spóirt, fóillíochta nó cultúrtha, nó d’fhéarach sealadach nó d’obair gar do theorainneacha inmheánacha AE.

Le Rialachán (AE) 2015/262 déantar na rialacha aitheantais a neartú le tabhairt isteach scéim pas capall.

CÉN UAIR A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR SEO?

Ón 12 Lúnasa 2010.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

*Eachainmhithe: baill den teaghlach capall, lena n-áirítear capaill, asail agus séabraí, agus ainmhithe crosphóraithe.

*Leabhar graí: leabhar, nó cineál eile taifid, ina liostaítear capaill chláraithe, agus ina luaitear a sinsir aitheanta.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

GNÍOMH

Treoir 2009/156/CE ón gComhairle an30 Samhain 2009 maidir le dálaí sláinte ainmhithe lena rialaítear gluaiseacht agus allmhairiú ó eachainmhithe tríú tíortha (IO L 192, 23.7.2010, lgh. 1-24)

Rinneadh na leasuithe agus na ceartúcháin leantacha ar Threoir 2009/156/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 92/260/CEE ón gCoimisiún an 10 Aibreán 1992 maidir le dálaí sláinte ainmhithe agus deimhniú tréidliachta d’iontráil shealadach capall cláraithe (IO L 130, 15.5.1992, lgh. 67-83). Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 93/195/CEE ón gCoimisiún an 2 Feabhra 1993 maidir le dálaí sláinte ainmhithe agus deimhniú tréidliachta d’athiontráil shealadach capall cláraithe le haghaidh rásaí, comórtas agus imeachtaí cultúrtha i ndiaidh onnmhairithe shealadaigh (IO L 86, 6.4.1993, lgh. 1-6). Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 93/196/CEE ón gCoimisiún an 5 Feabhra 1993 maidir le dálaí sláinte ainmhithe agus deimhniú tréidliachta le haghaidh allmhairí eachainmhithe lena marú (IO L 86, 6.4.1993, lgh. 7-15). Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 93/197/CEE ón gCoimisiún an 5 Feabhra 1993 maidir le dálaí sláinte ainmhithe agus deimhniú tréidliachta le haghaidh allmhairí eachainmhithe cláraithe agus eachainmhithe lena bpórú agus lena dtáirgeadh (IO L 86, 6.4.1993, lgh. 16-33). Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2004/211/CE ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2004 lena mbunaítear liosta de na tríú tíortha agus codanna dá gcríoch óna n-údaraíonn Ballstáit allmhairí eachainmhithe agus seamhan beo, ubháin agus suthanna na speiceas eachaí, agus lena leasaítear Cinneadh 93/195/CEE agus Cinneadh 94/63/CE (IO L 73, 11.3.2004, lgh. 1-10). Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/262 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2015 lena leagtar síos na rialacha de bhun na Treorach 90/427/CEE agus na Treorach 2009/156/CE i dtaca leis na modhanna chun eachainmhithe a aithint (Rialachán Pas Eachaithe) (IO L 59, 3.3.2015, lgh. 1-53)

Nuashonraithe 04.05.2020