Rialacha AE maidir le beatha ainmhithe a mhargú

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 — beatha ainmhithe a chur ar an margadh agus a úsáid

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

PRÍOMHPHOINTÍ

Beatha

Cumhdaíonn an rialachán gach substaint nó táirge, breiseáin san áireamh, cibé próiseáilte, próiseáilte i bpáirt nó neamhphróiseáilte, a ceapadh lena chaitheamh de bhéal ag ainmhithe.

Cuirtear an rialachán i bhfeidhm go neamhspleách ar rialacha eile an Aontais Eorpaigh (AE) sa réimse cothaithe ainmhithe agus gan aon tionchar a bheith aige orthu, rialacha AE a bhaineann le:

Margaíocht agus úsáid

Ní mór do bheatha ainmhithe cloí le riachtanais sábháilteachta agus mhargaíochta. Go háirithe, ní mór:

Ní ceadmhach ábhair a bheith ann atá srianta nó nach féidir iad a chur ar an margadh.

Inrianaitheacht

Ní mór a bheith ábalta beatha a rianú ag gach céim tháirgeachta, phróiseála agus dháilte. Ní mór d’oibreoirí gnó bheatha a bheith ábalta pé duine óna bhfuair siad na rudaí seo a leanas a aithint:

Ní mór beatha atá ar an margadh AE nó ar dhócha go gcuirfear ar an margadh AE é, a lipéadú nó a aithint ar bhealach ar féidir é a rianú.

Lipéadú agus cur i láthair

Cuirtear forálacha ginearálta ar bun faoin rialachán seo maidir le lipéadú agus le cur i láthair beatha, amhail an oibleagáid chun na rudaí seo a leanas a léiriú:

Ní mór don lipéadú agus don chur i láthair a bheith inléite go soiléir agus dodhearmadta. Ní ceart dó an t-úsáideoir a chur amú maidir le húsáid bheartaithe ná le saintréithe an bheatha.

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach comhairle bhreise chun cuidiú le cuideachtaí agus leis na húdaráis i dtaca leis seo, lena n-áirítear:

Pacáistíocht

Ní mór ábhair bheatha agus beatha cumaisc a chur ar an margadh i bpacáistí séalaithe agus i gcoimeádáin séalaithe. Is féidir beatha áirithe a chur ar an margadh i mbulc nó i bpacáistí nó i gcoimeádáin neamhshéalaithe áfach. Áirítear leis sin:

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN SEO?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 21 Meán Fómhair 2009.

CÚLRA

“Cothú ainmhithe — beatha a mhargú” ar láithreán Gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/373/CEE, 80/511/CEE, 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE agus Cinneadh 2004/217/CE (IO L 229, 1.9.2009, lgh. 1-28)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2009. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2013 maidir le Catalóg na n-ábhar beatha (IO L 29, 30.1.2013, lgh. 1–64)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 24.07.2022