Sábháilteacht lotnaidicídí ar mhargadh AE
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar mhargadh AE
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 rialacha maidir le díol, úsáid agus rialú táirgí cosanta plandaí a údarú san Aontas Eorpach (AE), agus aithnítear prionsabal an réamhchúraim leis.
- Tá sé forlíonta leis an treoir maidir le húsáid inbhuanaithe (Treoir 2009/128/CE) lena leagtar amach rialacha maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí* (féach an achoimre).
PRÍOMHPHOINTÍ
- Tá feidhm ag an reachtaíocht maidir le táirgí arna n úsáid chun plandaí a chosaint nó a shlánchoimeád, chun tionchar a imirt ar a bhfás nó chun plandaí míchuibhiúla a scriosadh agus moill a chur ar a bhfás.
- Déanfar substaint ghníomhach (ceimiceán, baint plandaí nó orgánach ar bith a ghníomhaíonn i gcoinne lotnaidí nó ar phlandaí) a fhormheas sna cásanna seo a leanas:
- Maidir leis na táirgí cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach:
- má tá siad éifeachtach;
- mura bhfuil aon iarmhairt dhíobhálach láithreach ná moill dhíobhálach ar shláinte an duine ag baint leo;
- mura bhfuil aon iarmhairt do-ghlactha acu ar phlandaí nó ar an gcomhshaol; agus
- mura bhfuil siad ina gcúis le fulaingt ná pian gan gha do veirteabraigh.
- Ní foláir nó nach mbeidh aon iarmhairtí díobhálacha ar shláinte an duine ag iarmhair na dtáirgí sin, lena n áirítear sláinte na ngrúpaí leochaileacha, ná nach mbeidh aon iarmhairt do-ghlactha acu ar an gcomhshaol.
- Féadfaidh an Coimisiún Eorpach nó an t údarás náisiúnta inniúil i ngach Ballstát AE critéir agus srianta a chur le húdarú lotnaidicíde, amhail an leibhéal íosta íonachta, cineál na hullmhóide agus an modh úsáidte agus na dálaí úsáidte, agus substaint ghníomhach á formheas nó táirge cosanta plandaí á údarú lena úsáid.
- Tugann an Coimisiún a chéad fhormheas le haghaidh substaint ghníomhach ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana. Féadfar cead a athnuachan ar feadh tréimhse nach faide ná 15 bliana.
- Ní mór iarratais ar údarú substainte gníomhaí, agus an fhaisnéis eolaíoch is gá ag gabháil leo, a chur faoi bhráid údaráis náisiúnta. Beidh 12 mhí ar a mhéad acu chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, agus déanfaidh na Ballstáit agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia piarmheasúnú air ansin.
- Féadfaidh sealbhóirí údaraithe maidir le táirge cosanta plandaí atá le húsáid i mBallstát amháin úsáid a bhaint as an nós imeachta um aitheantas frithpháirteach chun a úsáid i mBallstát eile a iarraidh.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 14 Meitheamh 2011.
CÚLRA
Cuireann AE tábhacht mhór le sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint agus an comhshaol a chosaint. Tá caighdeánú na rialacha ar dhíol táirgí cosanta plandaí ina chúnamh ina leith sin, áirithítear leis feidhmiú réidh an mhargaidh aonair agus feabhsaítear táirgeacht talmhaíochta.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Lotnaidicíd. Rud a dhéanann orgánach díobhálach (lotnaid) nó galar a chosc, a scriosadh nó a rialú, nó a chosnaíonn plandaí nó táirgí planda agus iad á dtáirgeadh, á stóráil agus á n iompar. Téarma níos leithne is ea lotnaidicíd ná táirge cosanta plandaí toisc go gcumhdaítear leis úsáidí neamhphlanda/neamhbharr amhail táirgí
bithicíde.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lgh. 1-50).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 ón gCoimisiún an 1 Márta 2013 lena leagtar amach na ceanglais sonraí le haghaidh substaintí gníomhacha, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 93, 3.4.2013, lgh. 1-84).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 ón gCoimisiún an 1 Márta 2013 lena leagtar amach na ceanglais sonraí le haghaidh táirgí cosanta plandaí, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 93, 3.4.2013, lgh. 85-152).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 546/2011 an 10 Meitheamh 2011 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le prionsabail aonfhoirmeacha i ndáil le measúnú agus údarú táirgí cosanta plandaí (IO L 155, 11.6.2011, lgh. 127-175).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an liosta de shubstaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lgh. 1-186).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 12.09.2022