Úsáid einsímí i mbia (seachas na cinn i mbreiseáin)

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 maidir le heinsímí bia

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Leagtar síos ann na rialacha comhchuibhithe maidir le heinsímí* a úsáidtear i mbia. Tá na rialacha sin riachtanach chun sláinte an duine a chosaint agus ionas go mbeifí ábalta na heinsímí a chur le bia áit ar bith in AE.

Áirítear sa reachtaíocht liosta AE maidir le heinsímí faofa, coinníollacha dá n-úsáid i mbia agus ceanglais um lipéadú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní féidir ach einsímí ar liosta AE a dhíol agus a úsáid i mbia.

Ní mór nach bhfuil einsímí faofa contúirteach do shláinte an duine, nó nach gcuirtear tomhaltóirí ar míthreoir leo. Ní mór dóibh freagairt do riachtanas teicneolaíoch réasúnta sa phróiseas déantúsaíochta, próiseála, ullmhaithe, cóireála, pacáistithe, iompair nó stórála.

Tá sonraí sa liosta faofa maidir le hainm na heinsíme agus faisnéis ábhartha eile, na bianna lenar féidir í a chur, coinníollacha úsáide agus srianta nó ceanglais shonracha ar bith eile.

Tá rialacha sonracha lipéadaithe i bhfeidhm maidir leis na heinsímí, ag brath ar cibé an bhfuil siad beartaithe lena ndíol leis an bpobal nó nach bhfuil.

Ní mór don fhaisnéis a bheith éasca le feiceáil, soléite, doscriosta agus intuigthe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig an Rialachán, lena leasaítear reachtaíocht roimhe sin, i bhfeidhm an 20 Eanáir 2009.

PRÍOMHTHÉARMA

* Einsím bia: táirge a fhaightear ó phlandaí, ó ainmhithe nó ó mhicrea-orgánaigh lena bhféadfaí imoibriú bithcheimiceach a spreagadh agus a úsáidtear i ndéantúsaíocht, ullmhú, cóireáil, pacáistiú, iompar nó stóráil bia.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (IO L 354, 31.12.2008, lgh. 7-15)

Rinneadh na leasuithe agus na ceartúcháin leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 11.01.2016