Bunaítear leis an gcomhaontú creat foirmiúil maidir le comhar a dhírítear ar ghníomhaíochtaí sna réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta a spreagadh, a fhorbairt agus a éascú.
Le Cinneadh 98/591/CE, d’fhaomh an Chomhairle tabhairt i gcrích an chomhaontaithe thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois).
D’fhaomh an Chomhairle síntí comhleanúnacha in 2004 (Cinneadh 2004/756/CE), 2009 (Cinneadh 2009/306/CE — lena n–áirítear leasú ar an gcomhaontú), 2014 (Cinneadh 2014/240/AE) agus 2018 (Cinneadh (AE) 2018/1578).
Tá na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin gcomhaontú bunaithe ar na prionsabail seo a leanas
Comhar
Is iad seo a leanas réimsí gníomhaíochtaí comhoibríocha:
Gníomhaíochtaí
Féadfaidh na gníomhaíochtaí seo a leanas a bheith i measc na ngníomhaíochtaí comhoibritheacha:
Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 1998 ar feadh tréimhse thosaigh 5 bliana agus féadfar é a shíneadh mar aon le leasuithe féideartha ar feadh tréimhsí breise 5 bliana.
Síneadh an comhaontú 4 huaire, an t–am deireanach in 2018, ar feadh tréimhse bhreise 5 bliana gach uair. Cuimsíodh leasú sa dara síneadh — lenar cuireadh taighde maidir le slándáil agus spás le liosta na n–earnálacha le haghaidh gníomhaíochtaí comhoibríocha.
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le comhar Taighde agus Nuálaíochta (T&N) leis na Stáit Aontaithe, féach:
Cinneadh (AE) 2018/1578 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2018 maidir leis an gcomhaontú um chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas na Stáit Aontaithe a shíneadh (IO L 263, 22.10.2018, lgh. 1-2)
Cinneadh 2014/240/CE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir leis an gComhaontú um chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá a shíneadh (IO L 128, 30.4.2014, lgh. 43-44)
Cinneadh 2009/306/CE ón gComhairle an 30 Márta 2009 maidir leis an gComhaontú um chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá a shíneadh agus a leasú (IO L 90, 2.4.2009, lgh. 20-21)
Cinneadh 98/591/CE ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir leis an gComhaontú um chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá a thabhairt i gcrích (IO L 284, 22.10.1998, lgh. 35-36)
Comhaontú um chomhar eolaíochta agus sa teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas na Stáit Aontaithe (IO L 284, 22.10.1998, lgh. 37-44)
Socrú cur chun Feidhme idir an Coimisiún Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá le haghaidh comhair idir taighdeoirí a mhaoinítear ar leithligh ó Chreatchláir an Aontais Eorpaigh agus na Stát Aontaithe maidir le taighde agus nuálaíocht, Dé Luain 17 Deireadh Fómhair 2016.
Nuashonraithe 20.05.2020