Saoráid um Shíocháin san Afraic

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Uimh. 3/2003 ó Chomhairle na nAirí ACC-CE ar úsáid acmhainní CEF chun Saoráid um Shíocháin san Afraic a chruthú

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Bunaítear leis scéim airgeadais don tSaoráid um Shíocháin san Afraic, arb é príomhfhoinse maoiniúcháin AE d’iarrachtaí Aontais na hAfraice (AA) agus chomhphobail eacnamaíocha réigiúnacha na hAfraice (RECanna) i réimse na síochána agus na slándála.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is sa Chomhaontú Cotonou a fhaightear bunús dlí d’APF, agus is tríd an gChiste Eorpach Forbraíochta (CEF) a mhaoinítear é.

Bunaítear an APF ar phrionsabal úinéireacht na hAfraice. Is iad an atAontas Afracach agus comhphobail eacnamaíocha réigiúnacha na hAfraice tairbhithe díreacha thacaíocht AFP.

Ó 2004, tá níos mó ná €2.2 bhilliún de mhaoiniú ón AE faighte ag APF.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 11 Nollaig 2003.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Uimh. 3/2003 ó Chomhairle an nAirí ACC-CE an 11 Nollaig 2003 ar úsáid acmhainní ó imchlúdach fadtéarmach forbraíochta airgeadais an naoú CEF chun Saoráid um Shíocháin san Afraic a chruthú (IO L 345, 31.12.2003, lgh. 108-111)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 617/2007 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2007 maidir leis an 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta a chur chun feidhme faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta an ACC-AE (IO L 152, 13.6.2007, lgh. 1-13)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 617/2007 a chorprú sa doiciméad bunaidh. Níl de luach leis an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

2007/461/CE: Cinneadh Uimh. 2/2007 ó Chomairle na nAirí ACC-CE an 25 Bealtaine 2007 lena gceadaítear ranníocaíochtaí déthaobhacha breise, atá le bainistiú ag an gCoimisiún, mar thaca le cuspóirí na Saoráidí um Shíocháin san Afraic (IO L 175, 5.7.2007, lch. 35)

Rialachán (CE) Uimh. 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a chur chun feidhme faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta an ACC-AE (IO L 58, 3.3.2015, lgh. 1-16)

Nuashonraithe 07.12.2016