An Coinbhinsiún um Chúnamh Bia
Cuidíonn an tAontas Eorpach (AE) le riachtanais bhia agus chothaithe na ndaoine is leochalaí a chomhlíonadh i dtíortha nach tíortha an AE iad. Leis an Choinbhinsiún seo, déanann bronntóirí comhordú níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ar an chúnamh seo, ar leibhéal domhanda.
ACHT
Cinneadh 2012/738/AE ón gComhairle i ndáil leis an Choinbhinsiún um Chúnamh Bia a chur i gcrích, ar son an Aontais Eorpaigh.
ACHOIMRE
Cad í an tsaincheist?
Leis an Choinbhinsiún um Chúnamh Bia, an comhaontú is déanaí de shraith comhaontuithe iltaobhacha idir bronntóirí, déantar iarracht cúnamh bia agus cothaithe atá cuí agus éifeachtach a thabhairt do phobail leochaileacha i dtíortha incháilithe, bunaithe ar riachtanais aitheanta.
Is é cuspóir an Choinbhinsiúin ná:
I ndáil le beartas an Aontais Eorpaigh (AE) um chúnamh daonnúil bia, is é cuspóir an Choinbhinsiúin ná rochtain ar agus caitheamh bia shláin scamhardaigh leordhóthanaigh ag pobail leochaileacha a fheabhsú, bunaithe ar anailís riachtanas cheart.
Cad a d’athraigh?
Faoin Choinbhinsiún, déanann páirtithe eolas a roinnt, comhoibríonn siad le chéile agus téann siad i dteagmháil lena chéile. Is fóram díospóireachta é chomh maith a chuireann ar a gcumas eolas faoi shaincheisteanna a roinnt le páirtithe leasmhara eile - m.sh. na ceachtanna a foghlaimíodh agus cineál áirithe cláir á reáchtáil - chun cabhrú le cinntiú go mbainfear úsáid as a gcuid acmhainní sa chaoi is éifeachtaí.
Feidhmiú: Aontaíonn gach páirtí íosghealltanas bliantúil a thabhairt maidir le cúnamh bia, a chuirtear in iúl i dtéarmaí luacha nó cainníochta. Ba chóir go mbeadh an gealltanas seo i bhfoirm deontais, más féidir.
Tá sé mar choinníoll shoiléir ann nach féidir cúnamh bia a chur i gceangal ar bhealach ar bith le honnmhairí tráchtála de tháirgí talmhaíochta ná d’earraí ná seirbhísí chuig na tíortha a fhaigheann cúnamh bia.
Féadfar deonacháin a sholáthar:
I measc nadtíortha incháilithetá :
Cúlra: tá an tAontas Eorpach páirteach sa Chomhaontú Idirnáisiúnta faoi Ghránaigh ina bhfuil dhá ionstraim dhlíthiúla ar leith: an Coinbhinsiún Trádála Gráin agus an Coinbhinsiún um Chúnamh Bia. Shínigh na Stáit Aontaithe, an Astráil, Ceanada, an tSeapáin agus an Eilvéis an comhaontú chomh maith.
Cur síos
* slándáil bhia: ag Cruinniú Mullaigh Domhanda an Bhia sa bhliain 1996 sainíodh go bhfuil ann don tslándáil bhia “nuair a bhíonn rochtain an t-am ar fad ag gach uile dhuine ar bhia leordhóthanach slán agus scamhardach chun saol sláintiúil gníomhach a bheith acu”.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta lena thrasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Cinneadh 2012/738 |
13.11.2012 |
- |
IO L 330 de 30.11.2012 |
ACHTANNA GAOLMHARA
Cinneadh 2011/339/AE ón gComhairle lena leagtar síos an seasamh a nglacfar leis ag an Aontas Eorpach, sa Choiste um Chúnamh Bia, maidir le leathnú an Choinbhinsiúin um Chúnamh Bia 1999 .
Cinneadh 2010/316/AE ón gComhairle lena leagtar síos an seasamh a nglacfar leis ar son an Aontais Eorpaigh, sa Choiste um Chúnamh Bia, maidir le leathnú an Choinbhinsiúin um Chúnamh Bia 1999 .
Cinneadh 2011/224/AE ón gComhairle lena leagtar síos an seasamh a nglacfar leis ag an Aontas Eorpach, sa Chomhairle Idirnáisiúnta Gráin, i leith leathnú an Choinbhinsiúin Trádála Gráin 1995 .
Cinneadh 2000/421/CE ón gComhairle maidir leis an Choinbhinsiún um Chúnamh Bia 1999 a chur i gcrích, ar son an Chomhphobail Eorpaigh.
Nuashonraithe 10.03.2014