An Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF)

Tacaíonn an Ciste Eorpach Forbraíochta le gníomhaíochtaí i dtíortha agus críocha i mbéal forbartha chun forbairt gheilleagrach, forbairt shóisialta agus forbairt dhaonna a chur chun cinn, chomh maith le comhar réigiúnach a chur chun cinn.

ACHT

Rialachán (CE) Uimh. 215/2008 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta.

Cinneadh 2013/759/AE ón gComhairle an 12 Nollaig 2013 maidir le bearta bainistíochta idirthréimhseacha CEF ón 1 Eanáir 2014 go dtí teacht i bhfeidhm an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta.

ACHOIMRE

Is é an Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) príomhionstraim an Chomhphobail maidir le comhar um fhorbairt na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) chomh maith leis na dtíortha agus na gcríoch thar lear (TCTL). Rinneadh foráil don chiste i gConradh na Róimhe 1957 d’fhonn cúnamh teicniúil agus airgeadais a thabhairt, ar dtús, do thíortha a raibh naisc stairiúla acu le Stáit áirithe den Chomhphobal.

Cé gur cuireadh cúlchiste in áirithe don Chiste i mbuiséad an Aontais Eorpaigh (AE) ón mbliain 1993 ar aghaidh, de bharr éilimh a rinne Parlaimint na hEorpa, ní chuirtear an CEF san áireamh i mbuiséad ginearálta an AE fós. Is iad na Ballstáit a mhaoiníonn an Ciste agus is faoi réir a chuid rialacha airgeadais féin agus faoi bhainistiú choiste ar leith atá sé. Leanfaidh an CEF ar aghaidh ag maoiniú an chúnaimh a thugtar do thíortha ACC agus TCTL ar an dóigh chéanna don tréimhse 2014-2020 ar a laghad.

Déantar gach CEF a thabhairt i gcrích do thréimhse roinnt blianta. Ónar cuireadh i gcrích an chéad choinbhinsiún comhpháirtíochta sa bhliain 1964, leanann timthriallta an CEF, de ghnáth, timthriallta chomhaontas/choinbhinsiún na comhpháirtíochta.

Cuireadh deireadh leis na hionstraimí Stabex agus Sysmin a ceapadh chun cúnamh a thabhairt do na hearnálacha talmhaíochta agus mianadóireachta faoi seach faoin gcomhaontú nua um chomhpháirtíocht a síníodh ag Cotonou i Meitheamh 2000. Rinne an comhaontú sin an CEF a chuíchóiriú freisin agus thionscain sé córas rollach ar mhaithe le tuilleadh solúbthachta, chomh maith le freagracht níos mó a thabhairt do na Stáit ACC.

Cuireadh maoiniú EUR 13.5 billiún ar fáil don naoú CEF don tréimhse 2000 go dtí 2007. Thairis sin, is ionann iarmhéid nár caitheadh na CEFanna a tháinig roimhe seo agus EUR 9.9 billiún.

Faoi Chinneadh Uimh. 6/2005 ó Chomhairle na nAirí ACC-CE an 22 Samhain 2005 cuireadh EUR 482 milliún den tsuim choinníollach 1 billiún in áirithe don naoú Ciste Eorpach Forbraíochta. Leithdháiltear an tsuim sin mar seo a leanas: EUR 352 milliún chun tacú le forbairt fhadtréimhseach, EUR 48 milliún don chomhar agus don lánpháirtíocht réigiúnach agus EUR 82 milliún don tsaoráid infheistíochta. Thairis sin, cuireadh an dara tráthchuid de EUR 250 milliún ar fáil chun Saoráid Uisce ACC-AE a bhunú de réir Chinneadh Uimh. 7/2005 ó Chomhairle na nAirí ACC-AE.

Is faoi chuimsiú chreata Eorpaigh níos fairsinge atá an cúnamh forbraíochta a sholáthraíonn an CEF. San Aontas Eorpach, is féidir ciste bhuiséad ginearálta an Chomhphobail a úsáid do chineálacha áirithe cúnaimh. Thairis sin, chomh maith le bainistiú a dhéanamh ar acmhainní an CEF (iasachtaí agus caipiteal riosca), cuirfidh an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) EUR 1.7 billiún dá acmhainní féin ar fáil don tréimhse atá cuimsithe ag an naoú CEF.

Chuimsigh an deichiú CEF an tréimhse ón mbliain 2008 go dtí an bhliain 2013, agus soláthraíodh buiséad iomlán EUR 22,682 milliún faoi. As an méid sin, leithdháileadh EUR 21,966 milliún do na tíortha ACC, EUR 286 milliún do na tíortha agus críocha thar lear (TCTL) agus EUR 430 milliún don Choimisiún mar chúlchiste le haghaidh an chaiteachais a bheidh le tabhú de bharr chláreagrú agus chur i bhfeidhm an CEF. Leithdháiltear an méid atá ag dul do na Stáit ACC mar seo a leanas: EUR 17,766 milliún do chláir tháscaigh náisiúnta agus idirnáisiúnta, EUR 2,700 milliún don chomhar laistigh de na Stáit ACC agus don chomhar idir-réigiúnach, agus EUR 1,500 milliún do Shaoráidí Infheistíochta. Cuirtear méid níos mó fós den bhuiséad ar fáil do chláir réigiúnacha, rud a chuireann béim ar an tábhacht a bhaineann le lánpháirtíocht geilleagrach réigiúnach atá mar chreat bunaidh don fhorbairt náisiúnta agus áitiúil. Ba bheart nuálach de chuid an deichiú CEF é “méideanna dreasachta” a chur ar fáil do gach tír.

Tá a gcuid chomhaontuithe déthaobhacha féin ag na Ballstáit agus gabhann siad de láimh a gcuid tionscnamh féin leis na tíortha atá i mbéal forbartha, tionscnaimh nach bhfaigheann maoiniú ón gCiste Eorpach Forbraíochta nó ó chistí eile an Chomhphobail.

Beidh an 11ú CEF i bhfeidhm idir 2014 agus 2020: tá luach iomlán EUR 30.5 billiún aige agus cuirfidh an Banc Eorpach Infheistíochta EUR 2.6 billiún breise ar fáil i bhfoirm iasachtaí óna chuid acmhainní dílse.

I mí an Mheithimh 2013, tháinig tíortha an AE ar chomhaontú inmheánach faoinar cuireadh ar bun an 11ú CEF, lena n-áirítear roinnt leasaithe ranníocaíochtaí eatarthu; ní mór an comhaontú inmheánach sin a dhaingniú fós. I gCinneadh 2013/759/AE ón gComhairle, leagtar síos bearta bainistíochta idirthréimhseacha CEF go dtí teacht i bhfeidhm an 11ú CEF.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 215/2008

20.3.2008

-

IO L 78 den 19.3.2008, lgh. 1-34

Treoir 2013/759/AE

1.1.2014

-

IO L335, 14.12.2013, lgh. 48-49

Nuashonraithe 29.04.2014