Scéim na bhfabhar don tréimhse ó 2006 go dtí 2015 - Treoirlínte

Is é cuspóir chóras na bhfabhar ginearálaithe (CFG) ná cabhair a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha bochtaineacht a laghdú trí fhabhair tharaife a úsáid a chabhróidh leo ioncam a thuilleamh ó thrádáil idirnáisiúnta. Sa teachtaireacht leagann an Coimisiún amach na prionsabail ar ceart go dtacóidís le rialacháin idir 2006 agus 2015 chun an cuspóir seo a bhaint amach.

ACHT

Teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Iúil 2004 chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Tíortha, trádáil idirnáisiúnta agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn: feidhm chóras na bhfabhar ginearálaithe (CFG) de chuid an Chomhphobail do thréimhse deich mbliana ó 2006 go dtí 2015 [COM(2004) 461 final - Iris Oifigiúil C 242, 29.9.2004]

ACHOIMRE

Sa teachtaireacht seo molann an Coimisiún Eorpach treoirlínte do chóras na bhfabhar ginearálaithe don tréimhse 2006-2015, bunaithe ar thaithí córas roimhe sin. Moltar na nithe seo a leanas sa teachtaireacht:

Rátaí taraifí flaithiúla a chothú

Is féidir na fabhair tharaife a chothú agus fiú a fheabhsú trí roinnt bealaí éagsúla. I measc nithe eile, molann an Coimisiún gur cheart ag CFG a chur i mbaint le táirgí áirithe nach gcumhdaítear faoin chóras reatha, a bhfuil beagnach an deichiú cuid de na táirgí incháinithe sa Taraif Chustaim gan a bheith cumhdaithe faoin chóras seo.

Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí cuid de na táirgí a aicmítear mar tháirgí íogair a aistriú chuig catagóir na dtáirgí neamhíogair.

Caomhnófar corrlaigh fhabhracha (3.5 % i gcomhair táirgí íogair agus 100 % i gcomhair táirgí neamhíogair i láthair na huaire) agus méadófar iad más féidir.

Le méadú an Aontais Eorpaigh (AE) de dheich mBallstát nua sa bhliain 2004 agus le méaduithe ina dhiaidh sin (an Bhulgáir, an Rómáin agus an Chróit) cuireadh lenar féidir leis an Chomhphobal a thairiscint toisc gur méadaíodh margadh an AE chun 100 milliún custaiméir féideartha breise a chur san áireamh.

An CFG a dhíriú ar na tíortha ina bhfuil an gá is mó leis

Molann an Coimisiún gur cheart an CFG a dhíriú ar na tíortha ina bhfuil an gá is mó leis, amhail na tíortha is lú forbairt (TLFanna) agus na tíortha is leochailí i measc na dtíortha eile atá i mbéal forbartha (geilleagair bheaga, tíortha talamhiata agus tíortha le hioncam íseal) chun cabhrú leo páirt níos mó a ghlacadh sa trádáil idirnáisiúnta.

Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh meicníocht ag an CFG chun tír a tharraingt siar de réir a chéile ón CFG speisialta, an scéim gach ní seachas airm, ina dtugtar rochtain saor ó dhleachtanna agus ó chuótaí ar na táirgí ar fad (seachas airm agus muinisin) ó na caoga tír is boichte.

CFG níos simplí agus rochtain níos éasca air

Ba cheart go bhfeabhsófaí an próiseas simplithe, ar cuireadh tús leis cheana faoin CFG reatha. Mhol an Coimisiún gur cheart na cúig shocrú CFG a laghdú agus trí shocrú CFG a chaomhnú: an socrú ginearálta, an socrú speisialta do na tíortha is lú forbairt agus socrú speisialta nua (CFG+) lena spreagfar forbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas.

Grádúchán níos trédhearcaí a chur ar fáil agus é a dhíriú ar na príomhthairbhithe

Molann an Coimisiún gur cheart grádúcháin (aistarraingt ón CFG) níos trédhearcaí a chur ar fáil trí na grúpaí táirgí is iomaíche de chuid tíortha áirithe tairbhíocha a aistarraingt ón CFG.

Ciallaíonn seo nach mbíonn an CFG de dhíth ar thairbhithe a thuilleadh chun easpórtálacha na dtáirgí sin chuig an AE a mhéadú. Ní dhéanfar na tairbhithe beaga a ghrádú, rud a chuirfidh ar a gcumas sciar níos mó de na buntáistí a bhaineann leis an CFG a bhaint amach.

Na critéir reatha don ghrádúchán (sciar d’iompórtálacha fabhracha, an t-innéacs forbartha agus an t-innéacs um speisialtacht easpórtálacha), cuirfear critéar aonair díreach ina n-ionad: sciar de mhargadh an Chomhphobail, curtha in iúl mar sciar d’iompórtálacha fabhracha.

Tionscnamh nua a cheapadh chun forbairt agus rialachas inbhuanaithe a spreagadh

Mar a luadh cheana, molann an Coimisiún gur cheart tionscnamh nua a thabhairt isteach maidir le forbairt inbhuanaithe agus le dea-bhainistiú gnóthaí poiblí trí chatagóir nua aonair, CFG+, a chur in ionad na socruithe speisialta seo a leanas: socruithe speisialta drugaí, sóisialta agus comhshaoil.

Le CFG+ cuirfear tionscnaimh speisialta ar fáil do na tíortha a shínigh na príomhshocruithe idirnáisiúnta maidir le cearta sóisialta, le cosaint an chomhshaoil, le rialachas agus le táirgeadh drugaí neamhdhleathacha agus lena ngáinneáil.

Cuirfear san áireamh ag an Choimisiún measúnaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí atá freagrach as gach comhaontú idirnáisiúnta lena mbaineann, sula roghnófar na tíortha iarrthacha a dtabharfar cead dóibh an CFG+ a rochtain. Áireofar leis an scéim seo clásal inchreidte curtha ar fionraí ar féidir a chur i bhfeidhm go tapa má theipeann ar thír áirithe a gealltanais faoi na comhaontuithe a chomhlíonadh.

Na rialacha tionscnaimh a fheabhsú

Molann an Coimisiún gur cheart na rialacha tionscnaimh a fheabhsú trína bhfoirm (a shimpliú), a substaint (na critéir thionscnaimh agus na rialacha carntha a oiriúnú) agus a nósanna imeachta (foirmiúlachtaí agus rialuithe) a athrú.

Ba cheart go mbeadh na rialacha nua tionscnaimh solúbtha chomh maith chun forbairt a spreagadh. Ní mór go ndéanfadh ceann de na cuspóirí éadáil tionscnaimh a éascú chun buntáistí na bhfardal a bharrfheabhsú.

D’fhéadfaí an córas a fheabhsú trí charnadh réigiúnach, mar shampla, rud a chuirfeadh comhar réigiúnach idir thíortha tairbhíocha chun cinn. Measann an Coimisiún go bhfuil comhtháthú réigiúnach tábhachtach ach go háirithe do thíortha theas chun go nglacfaidh siad páirt níos mó sa trádáil idirnáisiúnta.

Ionstraimí aistarraingthe, bearta cosanta agus bearta frithchalaoise sealadacha a athbhunú

Molann an Coimisiún gur cheart socruithe sealadacha aistarraingthe agus clásal cosanta an CFG a athshainiú chun an grádúchán nua a chur san áireamh a dhírítear ar na tíortha tairbhíocha is iomaíche.

Cé go mbainfear úsáid as na socruithe seo go fóill i gcúinsí eisceachtúla, ní mór iad a dhéanamh níos creidiúnaí, rud a dhéanfar trína simpliú agus trí úsáid níos solúbtha a bhaint astu, go háirithe i gcásanna cleachtas éagórach tráchtála. Ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit atá freagrach as an CFG a chur i bhfeidhm na rialacha seo a fhorfheidhmiú go docht nuair a aimsítear calaois.

Bíonn freagrachtaí bainistíochta CFG ar na tíortha tairbhíocha chomh maith agus, mar sin, iarrtar orthu ag an Choimisiún struchtúir bainistíochta atá éifeachtach agus cuí a bhunú chun bailíocht na ndeimhnithe nó an tionscnaimh a ráthú.

Cúlra

Faoi chóras na bhfabhar ginearálaithe, is féidir táirgí monaraithe agus táirgí áirithe talmhaíochta a easpórtáiltear ag tíortha atá i mbéal forbartha a chur ar fáil ar mhargadh an Chomhphobail agus díolúine iomlán nó páirteach ó dhleachtanna custaim ag gabháil leo.

Is ionstraim é mar sin de bheartas trádála agus de bheartas forbartha an Chomhphobail Eorpaigh. Is meicníocht shealadach é toisc gur ionstraim comhair é agus aistarraingítear na sochair a bhaineann leis ó na tíortha nach mbíonn sé de dhíth orthu a thuilleadh.

Glactar san AE leis an cúigiú cuid d’easpórtálacha na tíortha i mbéal forbartha. Tagann 40 % d’iompórtálacha AE ó thíortha i mbéal forbartha. Chomh maith leis sin, is é an AE an t-iompórtálaí is mó ar domhan de tháirgí talmhaíochta ó thíortha i mbéal forbartha agus níos mó á iompórtáil aige ná na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an tSeapáin i dteannta a chéile.

ACHTANNA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - Na rialacha tionscnaimh a bhaineann le comhaontú trádála fabhrach - Beartais don todhchaí [ COM(2005) 100 final - Gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil]

Leanann an teachtaireacht seo comhairliúchán arna sheoladh faoi Pháipéar Uaine an Choimisiúin maidir le todhchaí na rialacha tionscnaimh a bhaineann le socruithe trádála fabhracha. Léirítear inti gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach. Ní mór athbhreithniú a dhéanamh chomh maith toisc go bhfuil beartaithe tíortha i mbéal forbartha a chomhtháthú sa gheilleagar domhanda. De bhreis ar athbhreithniú a dhéanamh, ba cheart go ndéanfaí na nósanna imeachta a oiriúnú ó thaobh bainistíochta agus rialaithe de.

Molann an Coimisiún gur gá beart a dhéanamh i dtrí réimse ar leith:

Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 lena ndéantar scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe a chur i bhfeidhm [Iris Oifigiúil L 211, 6.8.2008, lch. 1]

Leagtar síos sa Rialachán seo scéim na bhfabhar ginearálaithe taraife de chuid an Chomhphobail a cuirtear i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011.

Dírítear go príomha sa CFG 2009-2011 ar fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas a spreagadh sna tíortha ina mbíonn an gá is mó leo. Tá an nuashonrú seo ina chuid de chreat na treoirlínte arna nglacadh ag an Choimisiún sa bhliain 2004, inar leagadh amach príomhphrionsabail an CFG 2006-2015.

Rialachán (AE) Uimh. 512/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle lena ndéantar scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe don tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011 a chur i bhfeidhm [Iris Oifigiúil L 145, 31.05.2011, lch. 28]

Leasaítear leis an rialachán seo gnéithe de Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 a bhí riachtanach chun tréimhse feidhme an rialacháin a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2013.

Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle [Iris Oifigiúil L 303, 18.12.2012, lch. 1]

Sa bhliain 2012, tar éis athbhreithniú meántéarmach a dhéanamh ar an ionstraim, leagadh amach rialacha nua ag an AE chun CFG a athdhíriú. Rinneadh amhlaidh le cinntiú go ndírítear sa chóras ar na tíortha is mó i ngátar, go háirithe toisc phatrúin athraithe trádála domhanda le deich mbliana anuas. Tá an CFG athchóirithe níos trédhearcaí agus níos intuartha anois do thíortha tairbhíocha agus d’oibreoirí eacnamaíocha. Beidh an rialachán i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2023.

Nuashonrú is déanaí: 19.06.2014