An Banc Eorpach Infheistíochta

 

ACHOIMHRE AR:

Prótacal (Uimh. 5) ar reachtanna an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú AE

CAD IS AIDHM LEIS AN BPRÓTACAL (UIMH. 5)?

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuireadh BEI ar bun chun cuidiú le forbairt chothrom sheasta a dhéanamh ar AE. Cuireann an BEI maoiniú agus saineolas ar fáil le haghaidh tionscadal infheistíochta fónta inbhuanaithe san Eoraip agus lasmuigh di freisin. Is leis na 28 dtír AE an BEI, agus cuireann na tionscadail lena dtacaíonn sé le dul chun cinn a dhéanamh ar chuspóirí beartais AE.

Bonn, baill agus caipiteal

Tá an BEI bunaithe i Lucsamburg. Tugann na tíortha AE uile síntiús do chaipiteal BEI, caipiteal a raibh luach €243 billiún air amhail an 1 Iúil 2015. Braitheann an méid a thugann na tíortha don BEI ar a meáchan eacnamaíoch (arna áireamh de réir Olltáirgeachta Intíre) tráth a n-aontachais leis an Aontas Eorpach. Nuair a théann tír nua isteach in AE, tagann méadú ar chaipiteal BEI. Féadfaidh Bord Gobharnóirí BEI cinneadh a dhéanamh d’aon toil freisin chun an caipiteal suibscríofa a mhéadú.

Comhdhéanamh

Bord Gobharnóirí

Tá airí atá ainmnithe ag na tíortha AE (airí airgeadais de ghnáth) ar an mBord Gobharnóirí. Is príomhchomhlacht cinnteoireachta BEI é. Leagann an Bord Gobharnóirí treoirlínte síos le haghaidh an bhainc agus tá sé freagrach as na cinntí is tábhachtaí a dhéanamh, amhail:

Bord Stiúrthóirí

Tá 29 stiúrthóir ar an mBord Stiúrthóirí, stiúrthóir amháin ainmnithe ag gach tír AE agus ag an gCoimisiún Eorpach. Ina theannta sin, tá 19 stiúrthóir uainíochta ann. Chun cur le saineolas gairmiúil an Bhord Stiúrthóirí i réimsí áirithe, tá sé shaineolaí comhthofa aige, saineolaithe a ghlacann páirt i gcruinnithe an bhoird nach bhfuil cearta vótála acu.

Déanann an Bord Stiúrthóirí gach cinneadh chun maoiniú a chur ar fáil a cheadú agus déanann sé an clár iasachtaíochta a cheadú freisin. Déanann sé athbhreithniú ar oibríochtaí iasachtaíochta agus státchiste agus déanann sé gníomhaíochtaí an Choiste Bainistíochta a rialú.

Coiste Bainistíochta

Tá an Coiste Bainistíochta freagrach as an mbanc a bhainistiú ó lá go lá, faoi údarás Uachtarán BEI. Tá Uachtarán amháin agus 8 Leas-Uachtarán ag BEI. Go traidisiúnta, ainmnítear ball amháin ag gach ceann de na tíortha AE a bhfuil scairshealbhú mór acu (an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Ríocht Aontaithe (1)), agus ainmnítear na cúig bhall eile ag na tíortha eile, roinnte i ngrúpaí de chúig thír. Is don bhanc amháin atá baill an Choiste Bainistíochta freagrach agus cuireann siad a gcuid dualgas i bhfeidhm go neamhspleách.

Coiste Iniúchóireachta

Comhlacht neamhspleách is ea an Coiste Iniúchóireachta, coiste atá freagrach go díreach don Bhord Gobharnóirí. Ní mór don choiste a fhíorú go bhfuil oibríochtaí an bhainc curtha i gcrích i gceart agus go bhfuil na leabhair coimeádta i gceart. Tá an Coiste Iniúchóireachta freagrach freisin as iniúchadh a dhéanamh ar chuntais an bhainc. Fíoraíonn an coiste go gcloíonn gníomhaíochtaí an bhainc leis an dea-chleachtais baincéireachta is infheidhme. Tá sé bhall ag an gCoiste Iniúchóireachta. Ina theannta sin, is féidir trí shaineolaí a cheapadh chun cuidiú leis an gcoiste.

Cuspóirí agus oibríochtaí

Is í príomhghníomhaíocht an BEI ná tacú le hinfheistíochtaí fónta. Cuireann an BEI iasachtaí agus comhairle ar fáil agus cuireann sé rudaí le chéile, .i. cuireann sé maoiniú ar fáil, comhlánaíonn sé maoiniú AE agus tugann sé comhairle faoi dhearadh clár nó tionscadal. Tá misean BEI leagtha amach in Airteagal 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Cuireann BEI cistiúchán ar fáil le haghaidh tionscadal mór (gníomhú domhanda ar son na haeráide san áireamh), ar tionscadail thrasnáisiúnta iad go minic, nó le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil rochtain réidh acu ar mhaoiniú (m.sh. i réigiúin bheagfhorbartha agus FBManna) i gcríoch na dtíortha AE. Féadfaidh an banc, bunaithe ar chinneadh ón mBord Gobharnóirí, maoiniú a cheadú freisin le haghaidh infheistíochta lasmuigh den Aontas Eorpach.

Prionsabail atá le leanúint agus iasachtaí á gceadú

Ní mór an úsáid is ciallmhaire agus is féidir a bhaint as cistí ar mhaithe le leasanna AE.

Ní fhéadfaidh BEI ná na tíortha AE coinníollacha a chur i bhfeidhm chun iasachtaí a chaitheamh i dtír shonraithe AE. Ní fhéadfaidh BEI tionscadal a mhaoiniú a chuirtear ina aghaidh sa tír ina ndéanfar an tionscadal sin a chur i bhfeidhm.

Iarratais ar iasachtaí

Féadfar iarratais ar iasachtaí nó ar ráthaíochtaí a chur faoi bhráid an BEI tríd an gCoimisiún nó tríd an tír AE ina ndéanfar an tionscadal a chur i bhfeidhm. Féadfaidh gnó iarratas a dhéanamh go díreach ar iasacht nó ar ráthaíocht. I ngach cás, iarrtar ar an gCoimisiún agus ar an tír AE lena mbaineann a dtuairim a thabhairt.

Déanann an Coiste Bainistíochta scrúdú ar chomhlíonadh na n-iarratas ar iasachtaí nó ar ráthaíochtaí. Ní mór do thionscadail agus do chláir a bheith inmharthana sna ceithre réimse seo: an réimse eacnamaíoch, an réimse teicniúil, réimse an chomhshaoil agus an réimse airgeadais. Déantar na tionscadail uile a mheas agus a mhonatóiriú go cúramach go dtí go mbíonn siad críochnaithe.

Oibríochtaí ar na margaí caipitil

Tá cead ag BEI oibríochtaí a chur i gcrích sna margaí caipitil. Féadfaidh BEI:

Fochuideachtaí

Féadfaidh BEI fochuideachtaí nó eintitis eile a chur ar bun. Ní mór pearsantacht dhlítheanach agus neamhspleáchas airgeadais a bheith ag na fochuideachtaí nó eintitis sin. Bíonn ar an mBord Gobharnóirí glacadh le reachtanna na n-eagraíochtaí sin d’aon toil.

CÚLRA

Banc AE le haghaidh iasachtaí fadtéarmacha is ea BEI, agus cruthaíodh i 1958 é. Cuireadh an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) ar bun i 1994 chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ard-fáis agus/nó le fiontair atá ag feidhmiú i dteicneolaíochtaí nua a fhorbairt. Tá an BEI ina scairshealbhóir tromlach agus ina oibreoir den Chiste Eorpach Infheistíochta (CEI). In 2000, cruthaíodh Grúpa BEI atá comhdhéanta den BEI agus CEI. Sa ghrúpa sin, ceadaíonn BEI iasachtaí bainc meántéarmacha agus fadtéarmacha, agus déanann CEI speisialtóireacht in oibríochtaí caipitil fiontair agus cuireann sé ráthaíochtaí ar fáil le haghaidh FBManna.

Beidh ról ríthábhachtach ag BEI agus CEI sa Phlean Infheistíochta don Eoraip nuair a dhéanfar an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha a chur ar bun sa tréimhse 2015-17.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Prótacal (Uimh. 5) ar reachtanna an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú AE (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 251–264)

Nuashonraithe 03.08.2016



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.