Comhpháirteanna agus ábhair feithiclí a athúsáid, a athchúrsáil agus a athshlánú
Ní mór do mhonaróirí feithiclí a dhearadh ionas gur féidir íostairseacha de chomhpháirteanna agus d’ábhair na bhfeithiclí a athúsáid, a athchúrsáil nó a athshlánú ag deireadh a saolré nádúrtha. Féachtar anseo le dramhaíl ó fheithiclí a bhfuil a ré caite, mar a dtugtar orthu, a laghdú.
GNÍOMH
Treoir 2005/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil leis na mótarfheithiclí sin a athúsáid, a athchúrsáil agus a athshlánú agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?
Leagtar síos sa treoir rialacha riaracháin agus theicniúla chun a chinntiú go ndéanfar an chuid is mó de chomhpháirteanna agus d’ábhair feithicle a athúsáid, a athchúrsáil nó a athshlánú faoi dheireadh. Cinntíonn an treoir nach mbainfidh aon rioscaí sábháilteachta ná comhshaoil leis na comhpháirteanna athúsáidte.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá bearta leagtha amach i reachtaíocht ar leith chun dramhaíl ó fheithiclí a bhfuil a ré caite agus óna gcomhpháirteanna a chosc agus a theorannú, agus chun a chinntiú go ndéantar iad sin a athúsáid, a athchúrsáil nó a athshlánú más féidir.
CÚLRA
Cruthaíonn feithiclí a bhfuil a ré caite idir 8 agus 9 milliún tonna de dhramhaíl gach bliain in AE.
Féach feithiclí a bhfuil a ré caite ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 2005/64/CE |
15.12.2005 |
15.12.2006 |
Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 2009/1/CE |
3.2.2009 |
- |
Nuashonraithe 25.08.2015