Toscaire FBM

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2008) 394 leagan deireanach) –“Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús” – “Gníomh um Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip

Gníomhaíonn Toscaire na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (FBManna) mar idirghabhálaí idir an Coimisiún Eorpach agus an pobal FBM. Tá dhá ról ag an toscaire: gníomhaíonn sé nó sí laistigh den Choimisiún agus idirghníomhaíonn sé nó sí leis an domhan mór. Éisteann an toscaire le cúraimí FBManna agus déanann sé nó sí ionadaíocht dá leasanna i bpróiseas reachtóireachta an Aontais Eorpaigh (AE). Aghaidh dhaonna is ea an toscaire don Choimisiún ina ghnóthaí le FBManna acu cuireann an toscaire béim freisin ar a thábhachtaí is atá FBManna don fhorás eacnamaíoch agus don chruthú post san Eoraip.

Braitheann iomaíochas an AE go bunúsach ar leas FBManna. Is ionann na 23 mhilliún ceann de FMBanna in AE agus 99% de chuideachtaí AE agus cruthaíonn siad an chuid is mó de na poist nua. Mar sin, cuireann FBManna go bunúsach le forás, le fostaíocht mhéadaithe agus le poist níos fearr sa gheilleagar Eorpach, ar príomhchuspóirí straitéis Liospóin iad.

Cé go dtéann a lán beartas AE i gcion orthu, is deacair é do FBManna a dtuairimí a chur in iúl.

Chinn an Coimisiún Eorpach toscaire FBM a cheapadh chun deis a thabhairt do FBManna iad féin a chur in iúl agus chun an prionsabal “Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús” a chur i bhfeidhm i ndáiríre, prionsabal a leagadh amach sa Chairt Eorpach um Fhiontair Bheaga a glacadh ag Comhairle Eorpach Santa Maria de Feira i mí an Mheithimh 2000.

Go hinmheánach, tá an toscaire freagrach as feasacht an Choimisiúin a mhéadú maidir leis na fadhbanna atá os comhair FBManna. Déanann an toscaire scrúdú ar na beartais AE a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar FBManna agus cinntíonn sé nó sí go ndéantar leasanna agus riachtanais shainiúla FBManna a chur san áireamh agus beartais á leagadh amach.

Is cuid de chóras um measúnaithe tionchair an toscaire, a ceapadh chun a chinntiú go ndéantar réamhmheastóireacht ar thograí an Choimisiúin ó thaobh a dtionchar eacnamaíoch, comhshaol agus sochaí de. An príomhrud a dhéanann an toscaire FBM ná cás a dhéanamh ar son FBManna go luath sa phróiseas reachtóireachta, rud a thiocfaidh roimh thionchair na ndlíthe nua.

Ar an chaoi seo, cuirfidh obair an toscaire le comhordú sa Choimisiún maidir le saincheisteanna a bhaineann le FBManna.

Go seachtrach, is duine infheicthe teagmhála an toscaire atá aitheanta ag an bpobal FBManna. Bíonn ar an toscaire éisteacht le FBManna agus lena n-eagraíochtaí ionadaíochta trí theagmháil dhíreach, teagmháil rialta agus neamhfhoirmiúil araon. De bhreis ar fhaisnéis a bhailiú, coinnítear FBManna ar an eolas ag an toscaire faoi chláir agus faoi chistiúchán AE agus is féidir leis nó léi ceisteanna na FBManna a fhreagairt go díreach. Trí idirphlé a chruthú idir an AE agus an gnó Eorpach, cuireann an toscaire le rialachas feabhsaithe san Eoraip.

Ainmníodh an chéad toscaire FBM sa bhliain 2001.

Is é toscaire FMB reatha AE an tUasal Elżbieta Bieńkowska, Comhalta de chuid an Choimisinéara um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

“Suíomh gréasáin an toscaire FBManna” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - “Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús” – “An tAcht um Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip (COM(2008) 394 leagan deireanach, 25.6.2008)

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Toscaire FBM an AE ag an seoladh seo a leanas: Toscaire FBM an Choimisiúin Eorpaigh, An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna, Aonad GROW. H1 – Clár COSME agus Líonra Toscairí FBM, B-1049, An Bhruiséil, An Bheilg nó trí ríomhphost: grow-sme-envoy@ec.europa.eu.

Nuashonraithe 01.12.2016