Soláthar poiblí i réimsí na cosanta agus na slándála

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/81/CE maidir le comhordú ar nósanna imeachta chun conarthaí oibre, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse áirithe arna ndámhachtain ag údaráis nó eintitis chonarthacha i réimsí na cosanta agus na slándála

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Nósanna imeachta athbhreithnithe

Leis an treoir ceadaítear nósanna imeachta athbhreithnithe (i.e. féidearthacht le haghaidh tairgeora* le dámhachtain conartha do thairgeoir eile a cheistiú) a bhfuil sé mar aidhm leis cosaint dhlíthiúil a sholáthar do na tairgeoirí lena mbaineann. Spreagtar leis na nósanna imeachta freisin trédhearcacht agus neamh–idirdhealú i ndámhachtain conarthaí gan baint den ghá atá ag Ballstáit AE le rúndacht.

Táirgí a bhaineann le cosaint

Glacadh Treoir 2009/81/CE mar chuid de shraith a raibh Treoir 2009/43/CE maidir le haistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Aontas Eorpach (féach an achoimre) mar chuid de. Tá na haistrithe simplithe de tháirgí a bhaineann leis an gcosaint idir Ballstáit mar a leagtar amach i dTreoir 2009/43/CE tábhachtach le haghaidh feidhmiú cuí tairiscintí trasteorann.

Tuarascáil mheastóireachta

Thángthas ar an gconclúid i dtuarascáil de chuid an Choimisiúin a foilsíodh in 2016 agus ina ndearnadh measúnú ar chur chun feidhme Threoir 2009/81/CE gur chuidigh an treoir leis an margadh inmheánach le haghaidh cosanta a oscailt ach go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh ann fós.

Plean gníomhaíochta cosanta, an Ciste Eorpach Cosanta agus soláthar comhoibríoch

Chun tacú le caiteachas níos éifeachtúla ag Ballstáit ar chomhchumais chosanta agus chun cur le bonn tionsclaíoch iomaíoch agus nuálach earnáil cosantaAE, sheol an Coimisiún an plean gníomhaíochta cosanta ag deireadh 2016. Mar ghné ríthábhachtach leis an bplean cruthaíodh an Ciste Eorpach Cosanta (CEC) chun tacú le hinfheistíocht i dtaighde chomhpháirteach agus i gcomhfhorbairt trealaimh agus teicneolaíochtaí cosanta (féach an achoimre).

In 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún fógra inar tugadh treoir ar fhéidearthachtaí éagsúla a bhaineann le soláthar comhoibríoch i réimse na cosanta agus na slándála. Soláthraítear faisnéis úsáideach san fhógra freisin ar ghnéithe ábhartha chun tabhairt faoi thionscadail atá maoinithe faoi CEC.

I mí Feabhra 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht ar ranníocaíocht an Choimisiúin le cosaint Eorpach, a bhfuil roinnt tograí chun soláthar comhpháirteach cumas cosanta a forbraíodh ar bhealach comhoibríoch in AE a spreagadh.

Cur leis an ról atá ag Fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)

I moladh ón gCoimisiún in 2018 maidir le rochtain ar an margadh trasteorann le haghaidh fosholáthróirí agus FBManna, moltar bearta chun suíomh FBManna i slabhraí soláthair cosanta a fheabhsú.

Leasuithe ar Threoir 2009/81/CE

Leasaíodh an treoir roinnt uaireanta maidir le tairsí cur i bhfeidhm (luachanna nach bhfuil feidhm ag an treoir faoina mbun) le haghaidh nósanna imeachta dámhachtana conartha. Rinneadh an leasú is deanaí le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1950 ón gCoimisiún a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 21 Lúnasa 2009 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 21 Lúnasa 2011.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tairgeoir. Eagraíocht nó cuibhreannas a chuireann tairiscint isteach mar fhreagra ar ghlaoch ar thairiscintí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú ar nósanna imeachta chun conarthaí oibre, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse áirithe arna ndámhachtain ag údaráis nó eintitis chonarthachta i réimsí na cosanta agus na slándála, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lgh. 76–136).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/81/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Ranníocaíocht an Choimisiúin le cosaint Eorpach (COM(2022) 60 final, 15.2.2022).

Rialachán (AE) Uimh. 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lgh. 149–177).

Moladh (AE) 2018/624 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2018 maidir le rochtain thrasteorann ag fosholáthróirí agus FMBanna san earnáil cosanta (IO L 102, 23.4.2018, lgh. 87–94).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean Eorpach Gníomhaíochta Cosanta (COM(2016) 950 final, 30.11.2016).

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin – Measúnú ar Threoir 2009/81/CE maidir le soláthar poiblí i réimse na cosanta agus i réimse na slándála – A ghabhann leis an doiciméad “Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/81/CE maidir le soláthar poiblí i réimse na cosanta agus i réimse na slándála”, d’fhonn Airteagal 73(2) den Treoir sin a chomhlíonadh (SWD(2016) 407 final, 30.11.2016).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – I dtreo earnáil cosanta agus slándála atá níos iomaíche agus níos éifeachtaí (COM(2013) 542 final, 24.7.2013).

Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le haistrithe táirgí atá gaolmhar don chosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.6.2009, lgh. 1–36).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 03.03.2022