Díol folamh urrús
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Féachann sé le gnéithe áirithe de dhíol folamh* a rialáil agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa (CDS)* a rialáil san Aontas Eorpach.
- Tugtar isteach leis:
- ceanglais trédhearcachta aonfhoirmeacha do bhainisteoirí infheistíochta; agus
- cumhachtaí nua do rialtóirí airgeadais i dtíortha AE agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) le húsáid i gcásanna eisceachtúla* sa chás go bhfuil bagairt thromchúiseach ann do chobhsaíocht airgeadais.
PRÍOMHPHOINTÍ
Leis an rialachán:
- clúdaítear gach cineál ionstraime airgeadais, go háirithe scaireanna atá liostaithe in AE, díorthaigh agus urrúis fiachais cheannasacha (iasachtaí arna n–eisiúint ag rialtais);
- leagtar síos rialacha dochta maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de CDS i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann leo, lena n–áirítear:
- bearta chun cosc a chur ar dhíol folamh “neamhurraithe”* scaireanna agus iasachtaí arna n–eisiúint ag rialtais,
- toirmeasc ar idirbhearta CDS “neamhurraithe” (lena n–áirítear ar fhiachas ceannasach);
- leagtar síos leis ceanglais nochta — caithfidh bainisteoirí infheistíochta idirbhearta díol folamh áirithe a nochtadh do na húdaráis inniúla — cé go gcaithfear idirbhearta níos mó, os cionn tairseach áirithe, a nochtadh go poiblí do na margaí;
- tugtar leis, le linn tréimhsí éagobhsaíochta airgeadais eisceachtúla i dtír AE nó in AE ar fad, cumhachtaí sealadacha do na húdaráis inniúla chun níos mó trédhearcachta a cheangal nó chun srianta a fhorchur maidir le díol folamh agus idirbhearta CDS;
- tugtar leis an méid a leanas do ESMA:
- ról lárnach comhordúcháin chun comhsheasmhacht a chinntiú idir údaráis náisiúnta inniúla agus chun a chinntiú go bhfuil aon bhearta a glacadh riachtanach agus comhréireach,
- an chumhacht chun bearta a dhéanamh i gcás ina bhfuil impleachtaí trasteorann i gceist.
Gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe
- Leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 827/2012 caighdeáin theicniúla maidir leis an méid a leanas:
- na modhanna le haghaidh nochtadh poiblí ar ghlansuíomh i scaireanna;
- formáid na faisnéise a bheidh le soláthar do ESMA i ndáil le glansuíomhanna gearra;
- na cineálacha comhaontuithe, socruithe agus bearta d’fhonn a chinntiú go leordhóthanach go bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais ceannasacha ar fáil le socrú; agus
- na dátaí agus an tréimhse chun an príomhionad le haghaidh scaire a chinneadh.
- Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 826/2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 maidir le:
- caighdeáin theicniúla maidir le ceanglais i ndáil le fógra agus nochtadh maidir le glansuíomhanna gearra;
- sonraí na faisnéise atá le soláthar do ESMA i ndáil le glansuíomhanna gearra; agus
- an modh chun láimhdeachas a ríomh chun scaireanna díolmhaithe a chinneadh.
- Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 918/2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 maidir le:
- sainmhínithe;
- ríomh a dhéanamh ar ghlansuíomhanna gearra, CDSanna ceannasacha cumhdaithe, tairseacha fógartha, tairseacha leachtachta chun srianta a chur ar fionraí, titimeacha suntasacha i luach ionstraimí airgeadais agus imeachtaí díobhálacha.
- Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 919/2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh 236/2012 maidir le caighdeáin theicniúla chun an titim i luach scaireanna leachtacha agus ionstraimí airgeadais eile a ríomh.
Paindéim COVID-19 — Cinntí ESMA
- Ar an 16 Márta 2020, tar éis ráig na phaindéim COVID-19 agus i bhfianaise na bagartha tromchúisí a tháinig ar mhuinín an mhargaidh in AE, d’eisigh ESMA cinneadh (Cinneadh (AE) 2020/525 — ESMA) á cheangal go sealadach ar shealbhóirí glansuíomhanna gearra i scaireanna a thrádáiltear ar mhargadh arna rialú ag AE fógra a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta ábhartha má shroicheann nó má sháraíonn an suíomh 0,1 % den scairchaipiteal eisithe tar éis don chinneadh teacht i bhfeidhm. Bhí an cinneadh sin bailí ar feadh 3 mhí.
- Ar an 10 Meitheamh 2020, Glacadh Cinneadh (AE) 2020/1123 — ESMA chun an cinneadh bunaidh a shíneadh 3 mhí go dtí an 17 Meán Fómhair 2020.
- Glacadh cinneadh breise an 16 Meán Fómhair 2020, ag leathnú an ceann roimhe sin go dtí an 18 Nollaig 2020.
- Glacadh cinneadh breise an 17 Nollaig 2020. Tá feidhm leis amhail ón 19 Nollaig agus sínítear leis an cinneadh roimhe sin le haghaidh tréimhse 3 mhí go dtí an 19 Márta 2021.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 1 Samhain 2012.
CÚLRA
In amanna na héagobhsaíochta airgeadais, tá an baol ann go méadóidh idirbhearta airgeadais áirithe amhail díol folamh agus CDS aon bhís anuas i bpraghsanna scaireanna, go háirithe in institiúidí airgeadais, ag bagairt a n–inmharthanachta agus ag cruthú rioscaí don chóras airgeadais iomlán. D’fhéadfadh éagobhsaíocht den sórt sin sna margaí airgeadais leathnú amach go dtí an fíorgheilleagar.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Díol folamh: idirbheart ina ndíolann institiúid airgeadais táirge airgeadais a fuair sí ar iasacht, agus é mar aidhm é a cheannach ar ais níos déanaí. Tá súil ag an institiúid go mbeidh praghas an táirge tite idir an dá linn, ionas go gcaithfidh sí níos lú ná an praghas a fuair sí ón díolachán a íoc.
Babhtálacha mainneachtana creidmheasa (CDS): díorthaigh neamhrialáilte an-rioscúla.
Cásanna eisceachtúla: i gcomhthéacs an rialacháin seo:
- tá teagmhais nó forbairtí díobhálacha ann atá ina mbagairt thromchúiseach do chobhsaíocht airgeadais nó do mhuinín an mhargaidh i dtír AE lena mbaineann nó i dtír amháin eile nó níos mó de AE; agus
- tá an beart riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt agus ní bheidh éifeacht dhíobhálach aige ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais, atá díréireach lena sochair.
Díol folamh neamhurraithe: meastar é a bheith níos rioscúla ná gnáthdhíol folamh — nuair nach bhfuair an díoltóir fiú an táirge airgeadais ar iasacht ar an gcéad dul síos.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lgh. 1-24)
Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 sa bhunthéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh (AE) 2020/525 ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí an 16 Márta 2020 lena gceanglaítear ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil glansuíomhanna gearra acu tairseacha fógra na nglansuíomhanna gearra a ísliú go sealadach i ndáil le caipiteal scaireanna eisithe cuideachtaí a nglactar lena gcuid scaireanna ag trádáil ar mhargadh rialáilte os cionn tairseach áirithe chun fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla de réir phointe (a) d’Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 116, 15.4.2020, lgh. 5-13)
Rialachán (AE) 2016/1033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le drochúsáid mhargaidh agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús (IO L 175, 30.6.2016, lgh. 1-7)
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 918/2012 ón gCoimisiúin an 5 Iúil 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa maidir le sainmhínithe, ríomh glansuíomhanna gearra, babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasacha cumhdaithe, tairseacha fógartha, tairseacha leachtachta chun srianta a chur ar fionraí, titimeacha suntasach i luach ionstraimí airgeadais agus teagmhais dhíobhálacha (IO L 274, 9.10.2012, lgh. 1-15)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 919/2012 ón gCoimisiúin an 5 Iúil 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa maidir le caighdeáin theicniúla rialála don mhodh chun an titim i luach do scaireanna leachtacha agus ionstraimí airgeadais eile a ríomh (IO L 274, 9.10.2012, lgh. 16-17)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 827/2012 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2012 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis na modhanna chun glansuíomhanna i scaireanna a nochtadh go poiblí, formáid na faisnéise a chuirfear ar fáil don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí i ndáil le glansuíomhanna gearra, na cineálacha comhaontuithe, socruithe agus bearta chun a chinntiú go leordhóthanach go bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais ceannasacha ar fáil le socrú agus na dátaí agus an tréimhse chun an príomhionad le haghaidh scaire a chinneadh de réir Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 251, 18.9.2012, lgh. 11-18)
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 826/2012 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais maidir le fógra agus nochtadh maidir le glansuíomhanna gearra, mionsonraí na faisnéise atá le soláthar don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí maidir le glansuíomhanna gearra agus an modh chun láimhdeachas a ríomh chun scaireanna díolmhaithe a chinneadh (IO L 251, 18.9.2012, lgh. 1-10)
Nuashonraithe 02.12.2020