Córas na bpeirspictíochtaí airgeadais agus an chreata airgeadais ilbhliantúil

Na tosaíochtaí buiséid leagtha amach ag na comhaontuithe idirinstitiúideacha

Le linn na 1980í, ba suntasach an straidhn ag síorfhás sa chothromaíocht pholaitíoch agus institiúideach de chóras airgeadais an Chomhphobail. Mar gheall ar thimpeallacht an chomhraic idir an dá bhrainse den údarás buiséid (Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle) bhí oibriú an nóis imeachta bhuiséadaigh bhliantúil ag dul i ndeacracht i gcónaí, bhí míchothromaíochtaí buiséadacha ann agus bhí mí-oiriúnú idir na hacmhainní agus riachtanais an Chomhphobail ag méadú. Seo an fáth ar chuir an Comhphobal córas i bhfeidhm chun an nós imeachta buiséadach a fheabhsú.

I ndiaidh Comhaontú Idirinstitiúideach (CII) a bhaint amach, d’aontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún roimh ré faoi na tosaíochtaí móra buiséid go ceann tréimhse ilbhliantúla. Is ionann na tosaíochtaí buiséid seo agus creat caiteachais an Chomhphobail a chur i bhfeidhm (an creat airgeadais ilbhliantúil), i bhfoirm peirspictíochtaí airgeadais. Cuireann córas na bpeirspictíochtaí airgeadais feabhas ar an nós imeachta buiséadach agus ráthaíonn sé meas ar an smacht buiséadach. Ní luaitear an creat airgeadais ilbhliantúil sna Conarthaí.

Peirspictíochtaí airgeadais agus creat airgeadais ilbhliantúil: ag deimhniú smachta bhuiséadaigh

Léiríonn an creat airgeadais ilbhliantúil uasmhéid agus comhdhéanamh chaiteachas intuartha an Chomhphobail. Cuireadh an chéad CII i gcrích sa bhliain 1988 chun na peirspictíochtaí airgeadais 1988-1992 (“Pacáiste Delors I”) a chur i bhfeidhm, agus iad ag iarraidh na hacmhainní ba ghá a chur ar fáil le haghaidh chur i bhfeidhm buiséadach na hIonstraime Aonair. Ina dhiaidh sin, athnuaíodh na peirspictíochtaí airgeadais sa bhliain 1992 don tréimhse 1993-1999 (“Pacáiste Delors II”), sa bhliain 1999 don tréimhse 2000-2006 (“Agenda 2000”) agus sa bhliain 2006 don tréimhse 2007–2013.

Mar sin, tá córas na bpeirspictíochtaí airgeadais ag iarraidh an smacht buiséadach a neartú, méadú iomlán an chaiteachais a choinneáil faoi smacht, agus an bealach a réiteach roimh an nós imeachta buiséadach. Tugann an creat airgeadais isteach uasteorainn dhúbailte: ar an chaiteachas iomlán agus ar gach aon chatagóir de chaiteachas.

Struchtúr an chreata airgeadais

Le haghaidh gach tréimhse an chláir, léiríonn an creat airgeadais na “huasteorainneacha” (uasmhéid na leithreasaí gealltanais agus na leithreasaí íocaíochta) de réir “catagóire” (catagóirí caiteachais) do gach bliain. Cinneann an nós imeachta buiséadach bliantúil ar leibhéal beacht an chaiteachais agus ar a roinnt i measc na línte buiséadacha éagsúla don bhliain atá i gceist.

Tá roinnt an chaiteachais de réir na gcatagóirí bunaithe ar thosaíochtaí polaitíocha an Aontais don tréimhse atá i gceist. Tá struchtúr an chreata airgeadais do 2007-2013 mar seo a leanas:

1.

Fás inbhuanaithe

1a.

Iomaíocht ar son an fháis agus na fostaíochta

1b.

Comhtháthú ar son an fháis agus na fostaíochta

2

Caomhnú agus bainistíocht na n-acmhainní nádúrtha (agus caiteachas an mhargaidh agus íocaíochtaí díreacha san áireamh)

3.

Saoránacht, saoirse, sábháilteacht agus ceartas

3a.

Saoirse, sábháilteacht agus ceartas

3b.

Saoránacht

4.

An AE mar ghníomhaí domhanda

5.

Riarachán

6.

Cúiteamh

Mar gheall ar an díonacht idir na catagóirí, maoinítear líne bhuiséadach ó chatagóir áirithe. Mar sin, caithfidh go leor maoine a bheith ag gach catagóir chun caiteachas a ath-imscaradh idir ghníomhaíochtaí éagsúla na catagóire céanna más gá, de réir mar is riachtanach, nó chun aghaidh a thabhairt ar chaiteachas gan choinne.

Is é feidhmeannas an “chorrlaigh le haghaidh caiteachais gan choinne” idir uasteorainn na n-acmhainní dílse agus uasteorainn an leithreasaí íocaíochta ná:

Ceangail le córas na n-acmhainní dílse

Faightear uasteorainn iomlán na leithreasaí gealltanais trí uasteorainneacha éagsúla a chur le chéile de réir na catagóire. Chun comhoiriúnacht na bpeirspictíochtaí airgeadais le huasteorainn na n-acmhainní dílse, ar teorainn dhearfach na n-acmhainní í ar féidir leis na Ballstát a chur ar fáil don Aontas, a dhearbhú, cuirtear ar bun uasteorainn bhliantúil maidir le leithreasaí íocaíochta. Is uasteorainn iomlán í seo agus níl sé roinnte de réir catagóire. Cuirtear in iúl mar chéatadán den olltáirgeacht náisiúnta (OTN) í, a mheasann an Comhphobal.

Modhanna chur i bhfeidhm an chreata airgeadais

Leagtar amach na modhanna chun an creat airgeadais a chur i bhfeidhm sa chomhaontú idirinstitiúideach, a bhfuil na rialacháin agus na nósanna imeachta ann maidir le bainistíocht bhliantúil an chreata airgeadais (amhail coigeartuithe teicniúla, oiriúnuithe a bhaineann le coinníollacha curtha i bhfeidhm nó le méadú an Aontais agus nósanna imeachta athbhreithniú na bpeirspictíochtaí airgeadais). Mar sin feabhsófar an nós imeachta buiséadach bliantúil.

Gach bliain, déanann an Coimisiún an coigeartú teicniúil don chreat airgeadais don bhliain le teacht faoina fhreagracht féin. Baineann an coigeartú seo leo seo a leanas:

Féadann an Coimisiún moladh don dá bhrainse den údarás buiséadach leanúint ar aghaidh le hoiriúnú an chreata airgeadais in dá chás:

Féadann an dá bhrainse den údarás buiséadach an creat airgeadais a athbhreithniú ar thogradh an Choimisiúin. Mar sin, féadann an Comhphobal aghaidh a thabhairt ar an riachtanas gníomhaíochtaí gan choinne a dhéanamh, de réir uasteorainn na n-acmhainní dílse, nuair a bhunaítear na peirspictíochtaí airgeadais.

See also

Nuashonrú is déanaí: 16.06.2011