Meicníocht na n-acmhainní dílse

Is beocheist pholaitiúil í ceist na n-acmhainní dílse: múnlaíonn foinse na n-acmhainní an caidreamh idir saoránaigh, Ballstáit agus institiúidí an Chomhphobail, gan trácht ar cheist neamhspleáchas airgeadais an Chomhphobail. Tá an díospóireacht faoi acmhainní dílse an Chomhphobail ceangailte leis an díospóireacht ghinearálta faoin gcomhtháthú Eorpach agus an dá fhís iomaíoch don Eoraip, an fhís cónaidhme agus an fhís idir-rialtasach.

Idirdhealaíonn Cinneadh 1970 maidir le hacmhainní dílse an Comhphobal agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, eagraíochtaí a bhfuil a gcistiú bunaithe ar ranníocaíochtaí óna mbaill féin.

I dtreo neamhspleáchais airgeadais don AE: ranníocaíochtaí náisiúnta do na hacmhainní dílse

Rinneadh foráil i gConradh na Róimhe a síníodh an 25 Márta 1957 do mhaoiniú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa trí ranníocaíochtaí náisiúnta sular athraíodh go dtí córas acmhainní dílse. Leagadh síos prionsabal na n-acmhainní dílse in Airteagal 201 den Chonradh, a shonraigh: “Maoinítear an buiséad go huile is go hiomlán ag acmhainní dílse, gan dochar d’ioncam eile.” Is féidir acmhainní dílse a shainiú mar acmhainní airgeadais atá go hiomlán neamhspleách ar na Ballstáit. Is cineál acmhainní iad arna sannadh aon uair amháin don Chomhphobal chun a bhuiséad a mhaoiniú agus atá ag luí dó ex officio ionas nach mbeadh gá le cinneadh ina dhiaidh sin ó na húdarás náisiúnta. Dá bhrí sin, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit íocaíochtaí a chur ar fáil do bhuiséad an Chomhphobail.

Sa bhliain 1965, rinneadh céad iarracht acmhainní dílse “nádúrtha” a aistriú — dleachtanna custaim agus tobhaigh talmhaíochta a d’eascair as beartais an Chomhphobail (an t-aontas custaim agus an comhbheartas talmhaíochta) — ach theip ar an iarracht sin de bharr chur in aghaidh na Fraince, rud a spreag comhréiteach Lucsamburg. Níor urramaíodh an idirthréimhse i gcomhair an athraithe go dtí córas airgeadais a rathódh méid áirithe neamhspleáchas don Chomhphobal, áfach. Ghlac na Ceannairí Stáit nó Rialtais cinneadh an t-athrú sin a dhéanamh ag Cruinniú Mullaigh na Háige sa bhliain 1969, mar iarracht chun an Comhphobal a threisiú tar éis na ndeacrachtaí uile a bhí aige le blianta beaga anuas. Ghlac an Chomhairle Cinneadh an 21 Aibreán 1970 arna sannadh do na Comhphobail (de thoradh an Chonartha Chumaisc, an 8 Aibreán 1965) acmhainní dílse chun a gcaiteachas ar fad a chumhdach. Chuir Cinneadh an 21 Aibreán 1970 deireadh leis na ranníocaíochtaí stáit, a bhronn cumas áirithe rialúcháin ar na Ballstáit maidir le beartais a bhí á nglacadh ar láimh ag na Comhphobail, agus chuir sé tús le córas maoinithe neamhspleách tríd acmhainní dílse “traidisiúnta” (tobhaigh talmhaíochta agus dleachtanna custaim) agus tríd acmhainn atá bunaithe ar cháin bhreisluacha (CBL).

Cad as do na hacmhainní dílse?

Meastar acmhainní dílse traidisiúnta (ADT) a bheith ina n-acmhainní dílse “nádúrtha”, toisc go mbailítear iad de bhua beartas Comhphobail, agus nach bhfaightear iad de bhua ranníocaíochtaí náisiúnta ó na Ballstáit. Faoi láthair, faightear acmhainní dílse ó dhleachtanna custaim, ó thobhaigh talmhaíochta, ó chánacha siúcra, ó chuid ar ráta comhréidh den cháin bhreisluacha (CBL) agus ar thobhach ar ráta comhréidh den ollioncam náisiúnta (OIN).

Seachas dleachtanna talmhaíochta, gearrtar tobhaigh freisin ar tháirgeadh siúcra, íseaglúcóis agus síoróipe ionúiline. Gearrtar na tobhaigh sin ar tháirgeoirí siúcra laistigh den Chomhphobal, áfach, murab ionann agus na cánacha a ghearrtar ar allmhairí talmhaíochta. De réir Chinneadh na bliana 2000 maidir le hacmhainní dílse féadfaidh Ballstáit 25 % de na hacmhainní dílse traidisiúnta a choinneáil chun costais bhailiúcháin a chumhdach.

Chuir Cinneadh 1970 teorainn leis an uasráta CBL arna socrú ag 1 % den bhonnráta. Mhéadaigh an dara Cinneadh maidir le hacmhainní dílse ar an 7 Bealtaine 1985 an ráta sin go dtí 1.4 %, ag tosú ar an 1ú Eanáir 1986, tar éis don Spáinn agus don Phortaingéil teacht isteach san AE. Rinneadh an méadú sin ar mhaithe le costais an aontachais a chumhdach. D’ullmhaigh an ceathrú Chinneadh maidir le hacmhainní dílse an 31 Deireadh Fómhair 1994 an bealach chun filleadh go céimneach ar an teorainn 1 % idir na blianta 1995 agus 1999, go háirithe ar mhaithe le cothromas a chosaint. Ar deireadh, ghearr Cinneadh na bliana 2000 an t-uasráta go dtí 0.5 % den bhonn comhchuibhithe agus teoranta ar a meastar CBL, agus is é sin an ráta atá ann faoi láthair.

Gnóthaítear an acmhainn bunaithe ar OIN tríd an ráta arna socrú gach bliain faoi nós imeachta an bhuiséid a chur le bonn a sheasann do shuim na n-ollioncam náisiúnta ag margadhphraghsanna. Gnóthaítear é bunaithe ar an difríocht atá ann idir chaiteachas agus shuim iomlán na n-acmhainní dílse eile. Is “eochair-acmhainn” é, ní amháin toisc go maoiníonn sé an pháirt is mó den bhuiséad, ach freisin toisc go sainítear leis cén teorainn a chur leis an mbonn ar a meastar CBL, conas lacáiste na Ríochta Aontaithe a leithdháileadh, agus cén teorainn a chur leis na hacmhainní iomlán is féidir leis an Comhphobal a bhailiú.

Cuirtear na hacmhainní dílse arna mbailiú ag na Ballstáit ar fáil don Chomhphobal gach mí, agus cuirtear do shochar iad i gcuntas “acmhainní dílse” arna n-oscailt ag an gCoimisiún i ngach cisteán nó banc náisiúnta. Cuirtear na hacmhainní dílse traidisiúnta do shochar gach mí de réir mar a bhailítear iad. Cuirtear acmhainní dílse CBL agus acmhainní bunaithe ar OIN ar fáil don Choimisiún ar an gcéad lá oibre de gach mhí, áfach, ag ráta atá comhionann leis an dara cuid déag den mheastachán atá leagtha síos i mbuiséad an Chomhphobail. Ó tharla go mbíonn riachtanais ar leith ag baint le híocaíocht an chaiteachais talmhaíochta, éilíonn an Coimisiún ar na Ballstáit acmhainní CBL agus/nó OIN a íoc mí nó dhó roimh ré sa chéad ceathrú den bhliain.

Ioncaim eile. Ní mhaoinítear an buiséad go hiomlán trí acmhainní dílse, áfach, maoinítear freisin é trí chánacha agus trí asbhaintí ó phá foirne, tríd ús bainc, trí ranníocaíochtaí a dhéanann tríú tíortha do chláir Chomhphobail áirithe (i réimse an taighde, mar shampla), tríd aisíoc deontais Chomhphobail nár úsáideadh, agus tríd ús ar íocaíochtaí déanacha agus iarmhéideanna airgid ó bhlianta eile.

Beart eisceachtúil don Ríocht Aontaithe

Sa bhliain 1984 chinn Comhairle Eorpach Fontainebleu beart cúiteach a thionscnamh don Ríocht Aontaithe. Tugann an mheicníocht sin lacáiste is comhionann le 0.66 % dá glan-iarmhéid diúltach don Ríocht Aontaithe. Roinntear costas maoinithe lacáiste na Ríochta Aontaithe idir na Ballstáit eile i gcomhréir a gcion den OIN (seachas an Ghearmáin, an Ísiltír, an Ostair agus an tSualainn, a íocann an ceathrú cuid dá gcion féin). Leithdháiltear an costas sin thar an 22 Ballstát eile.

See also

Nuashonrú is déanaí: 04.09.2007