Díriú ar leanaí i ngníomhaíocht sheachtrach AE
ACHOIMRE AR:
Teachtaireacht (COIM(2008) 55 final) — Áit speisialta do leanaí i ngníomhaíocht sheachtrach AE
CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?
-
Tá sé mar aidhm léi cur chuige cuimsitheach de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a fhorbairt maidir le cearta an linbh i dtíortha neamh-AE a chosaint agus a chur chun cinn.
-
Tá an cur chuige bunaithe ar dhearcadh iomlánaíoch atá infheidhme go huilíoch maidir le cearta leanaí agus tá sé ina chuid de straitéisí níos leithne AE maidir le forbairt agus laghdú na bochtaineachta.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Cuimsítear sa chur chuige foriomlán maidir le cearta leanaí a chur chun cinn i dtíortha neamh-AE an teachtaireacht seo mar aon leis an bPlean Gníomhaíochta um Chearta an Linbh i nGníomhaíocht Sheachtrach agus an Doiciméad Inmheánach Oibre maidir le Leanaí i gCásanna Éigeandála agus Géarchéime.
-
Tá cearta leanaí ina gcuid de chearta uilíocha an duine a bhfuil AE tiomanta d’urramú a thabhairt dóibh faoi chonarthaí idirnáisiúnta agus AE, amhail:
-
Tá na huirlisí seo a leanas le húsáid ag AE chun cearta an linbh a chur chun cinn i dtíortha neamh-AE:
-
comhar forbraíochta chun an bhochtaineacht a dhíothú ag an bhfoinse;
-
beartas trádála atá comhsheasmhach le cearta leanaí a chosaint agus a chur chun cinn;
-
idirphlé polaitiúil idir AE agus tíortha comhpháirtíochta eile ina gcuirtear béim ar na tiomantais faoi CNACL;
-
cumhacht a thabhairt do leanaí agus d’ógánaigh chun ról níos gníomhaí a bheith acu i gcúrsaí a mbaineann leo;
-
cabhair dhaonnúil chun cuidiú le leanaí a bhíonn thíos le coinbhleachtaí, éigeandálaí casta agus tubaistí nádúrtha.
-
Ar chomóradh 25 bliana (2014) CNACL NA, rith Parlaimint na hEorparún ag iarraidh ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála “tús áite a thabhairt do chearta an linbh i ngach gníomhaíocht sheachtrach de chuid AE” agus tuairisc a thabhairt don Pharlaimint gach bliain.
CÚLRA
-
Tá leanaí agus an óige tábhachtach do dhul chun cinn agus do rath a sochaithe amach anseo. Má infheistítear i leanaí infheisteofar sa todhchaí. Is leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois nó níos óige iad 47 % de na daoine ar fad atá ag maireachtáil i ndianbhochtaineacht, áfach, agus astu siúd, tá a lán dóibh faoi eisiamh sóisialta, déantar foréigean agus mí-úsáid orthu, agus cuireann sé sin srian ar dheiseanna chun saol sásúil a bheith acu agus cuireann sé le héagobhsaíocht sa tsochaí.
-
Tagann an teachtaireacht seo mar thoradh ar theachtaireacht 2006 ar a dtugtar I dTreo Straitéis AE ar Chearta an Linbh, ina leagtar síos an bonn le haghaidh straitéis fhadtéarmach d’AE i réimse chearta an linbh. Tagann sé sin le Treoirlínte AE maidir le Cearta an Linbh a Chur chun Cinn agus a Chosaint 2007, arb é an bonn le haghaidh ghníomhaíocht AE maidir le cearta an linbh a chur chun cinn i mbeartas seachtrach.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Áit speisialta do leanaí i ngníomhaíocht sheachtrach AE (COM(2008) 55 lfinal, 5.2.2008)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin — Leanaí i gcásanna éigeandála agus géarchéime (SEC(2008) 135 final, 5.2.2008)
Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin — Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Linbh i nGníomhaíocht Sheachtrach (SEC(2008) 136 final, 5.2.2008)
Nuashonraithe 06.12.2016