Fuadach sceimhlitheoireachta — comhroinnt faisnéise
ACHOIMRE AR:
Mholadh ón gComhairle maidir le comhroinnt faisnéise ar fhuadach sceimhlitheoireachta
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA MHOLADH?
-
Leagtar amach nós imeachta ann maidir le taithí a chomhroinnt idir tíortha AE chun cuidiú le cásanna um fhuadach sceimhlitheoireachta a réiteach.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Cuireann fuadach sceimhlitheoireachta dúshlán ollmhór os comhair thíortha AE. Chun cásanna den sórt sin a réiteach go rathúil, teastaíonn faisnéis chúlra ó thíortha, chun teagmhálacha a bhunú agus plé rúnda a thionscnamh. Trí fhaisnéis a chomhroinnt féadfar a aithint go gasta cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil taithí úsáideach ag tír AE cheana ar fhuadach sa réigiún céanna, leis an ngrúpa sceimhlitheoireachta céanna nó i gcúinsí comhchosúla.
-
Chun é sin a bhaint amach, moltar do gach tír AE bileoga sonraí a scaipeadh ar thíortha AE eile maidir le fuadach sceimhlitheoireachta, i ndiaidh an teagmhas a réiteach.
-
Ba cheart an méid seo a leanas a bheith san fhaisnéis sin:
-
an tír agus an réigiún inar tharla an fuadach;
-
líon agus náisiúntachtaí na ngiall;
-
am agus dáta an fhuadaigh agus an deireadh a bhí air;
-
an grúpa sceimhlitheoireachta nó an coireach a bhí freagrach as;
-
modh an fhuadaigh;
-
an chúis leis an bhfuadach;
-
bainteacht idirghabhálaí ar bith;
-
duine teagmhála sa tír AE lena mbaineann.
-
Ba cheart an fhaisnéis bhreise seo a leanas a sholáthar de réir mar is cuí chomh maith:
-
cúis leis na gialla a bheith sa tír, a scileanna teanga agus a n-inscne;
-
idé-eolaíocht, náisiúntacht agus scileanna teanga na gcoireach;
-
an modh a d’úsáid déantóir na coire chun labhairt leis an bpobal;
-
sonraí faoi mhodh oibrithe dhéantóir na coire.
-
In iarscríbhinní leis an moladh moltar formáid chaighdeánach don fhaisnéis seo, chomh maith le moltaí chun faisnéis bhreise a sholáthar, amhail straitéis idirbheartaíochta, bearta moilleadóireachta agus cibé acu an raibh nó nach raibh airgead fuascailte nó éilimh pholaitiúla i gceist.
-
Ba cheart faisnéis bhreise agus taithí a chomhroinnt go déthaobhach de réir an dlí náisiúnta. Ba chóir sonraí pearsanta a láimhseáil de réir an dlí náisiúnta chomh maith.
-
Ba cheart do gach tír AE faisnéis a thiomsú maidir le teagmhais ar bith a tharla ón 1 Eanáir 2002 agus achoimre a sholáthar do thíortha AE eile. Ba cheart liosta de dhaoine teagmhála a scaipeadh chomh maith d’fhonn cumarsáid dhíreach a éascú.
-
Ba cheart faisnéis a chomhroinnt tríd an líonra nasc déthreoch do chomhroinnt faisnéise ar fud AE maidir le teagmhais sceimhlitheoireachta (féach Cinneadh 2005/671/JHA ón gComhairle). Ba cheart faisnéis a chomhroinnt chomh maith le Europol, agus athbhreithniú a dhéanamh i ndiaidh 12 mhí lena dhearbhú an bhfuil bunachar sonraí de dhíth i gcomhair mhéid agus chineál na sonraí.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
GNÍOMH
Moladh ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir le comhroinnt faisnéise ar fhuadach sceimhlitheoireachta (IO L 214, 17.8.2007, lgh. 9-12)
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Cinneadh 2005/671/JHA ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le malartú faisnéise agus comhar i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta (IO L 253, 29.9.2005, lgh. 22-24)
Nuashonraithe 03.05.2016