Mionairm agus airm éadroma: a gcarnadh a chomhrac

 

ACHOIMRE AR:

Straitéis AE chun carnadh agus gáinneáil aindleathach i mionairm agus armlón a chomhrac

CAD IS AIDHM LEIS AN STRAITÉIS?

Soláthraítear plean gníomhaíochta inti chun an bhagairt a bhaineann le carnadh agus gáinneáil aindleathach i mionairm agus in airm éadroma (SALW)* mar aon lena n-armlón a chomhrac, ag baint tairbhe as an raon leathan sásraí atá ar fáil don Aontas Eorpach.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÚLRA

Tá na hiarmhairtí a bhaineann le carnadh iomarcach agus leathadh neamhrialaithe SALW lárnach do 4 cinn de na 5 dhúshlán (sceimhlitheoireacht, leathadh arm ollscriosta, coinbhleachtaí réigiúnacha, mainneachtain an stáit agus coireacht eagraithe) sainaitheanta i Straitéis Slándála na hEorpa.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Mionairm agus airm éadroma (SALW): arm marfach iniompartha ar bith. Áirítear ar mhionairm, gunnaí láimhe, gunnaí gráin, raidhfilí ionsaithe agus meaisínghunnaí éadroma. Áirítear ar airm éadroma meaisínghunnaí troma, teilgeoirí gránáide, agus gunnaí fritancanna.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Straitéis AE chun carnadh agus gáinneáil aindleathach SALW agus a n-armlón a chomhrac, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Bhruiséil, 13 Eanáir 2006

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim a chuireann le cobhsaíocht agus síocháin (IO L 77, 15.3.2014, lgh. 1-10)

Cinneadh (CBES )2015/1908 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2015 le tacú le sásra tuairiscithe domhanda ar mhionairm agus airm éadroma aindleathacha agus ar ghnáthairm agus armlón aindleathacha eile chun baol a dtrádála aindleathaí a laghdú (“iTrace II”) (IO L 278, 23.10.2015, lgh. 15-25)

Nuashonraithe 04.07.2016