An Treoir AE um Sheirbhísí

ACHOIMRE AR:

Treoir 2006/123/CE — An Treoir um Sheirbhísí

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Féachtar sa treoir le deireadh a chur le bacainní ar thrádáil i seirbhísí san Aontas Eorpach (AE), trí:

nósanna imeachta riaracháin do sholáthraithe seirbhísí a shimpliú;

chearta na dtomhaltóirí agus na ngnóthas a fheabhsú, tomhaltóirí agus gnóthais a fhaigheann seirbhísí; agus

chomhar idir na tíortha AE a chothú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaíonn raon na treorach réimse leathan seirbhísí, na seirbhísí seo a leanas san áireamh:

trádáil mhiondíola agus trádáil mhórdhíola in earraí agus i seirbhísí;

gníomhaíochtaí sna gairmeacha is mó rialáilte, amhail comhairleoirí dlíthiúla agus comhairleoirí cánach, ailtirí agus innealtóirí;

seirbhísí foirgníochta;

seirbhísí a bhaineann le gnó, amhail cothabháil oifigí, comhairleacht bainistíochta agus eagrú ócáidí; agus

seirbhísí turasóireachta agus fóillíochta.

Ní chuirtear seirbhísí áirithe san áireamh sa treoir, lena n-áirítear seirbhísí airgeadais, seirbhísí áirithe cumarsáide leictreonaí, seirbhísí gníomhaireachtaí sealadacha oibre, seirbhísí slándála príobháidí agus cearrbhachas.

Cuireann an treoir ar chumas gnóthas iad féin a bhunú i dtíortha AE eile seachas a dtíortha AE féin. Chun é sin a dhéanamh, bíonn ar na tíortha AE gníomhartha éagsúla a chur i gcrích, lena n-áirítear:

ionaid ilfhreastail a chur ar bun chun faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil maidir le nósanna imeachta riaracháin agus na nósanna imeachta sin a chur ar fáil ar shlí inar féidir iad a chur i gcrích go leictreonach;

na scéimeanna údaraithego léir atá acu a athbhreithniú agus a shimpliú, scéimeanna a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí;

a éileamh ar thíortha AE deireadh a chur le ceanglais idirdhealaitheacha, amhail náisiúntacht nó cónaí, agus le ceanglais shriantacha, amhail tástálacha riachtanas eacnamaíoch a éilíonn ar ghnóthais a thaispeáint do na húdaráis go bhfuil éileamh ar a seirbhísí.

Cuirtear ráthaíochtaí comhchosúla ar fáil maidir le cearta na ndaoine nó comhlachtaí a fhaigheann seirbhísí (tomhaltóirí nó gnóthais) chun a mhuiníní atá siad maidir leis an margadh aonair a neartú. Mar sin, bíonn ar na tíortha AE:

deireadh a chur le bacainní do na daoine nó comhlachtaíar mian leo seirbhísí a fháil ó sholáthraithe atá bunaithe i dtír AE eile, amhail oibleagáidí chun údarú a fháil ;

deireadh a chur le ceanglais idirdhealaitheachaatá bunaithe ar náisiúntacht nó ar áit chónaithe an duine a fhaigheann na seirbhísí;

faisnéis ghinearálta agus cúnamh a chur ar fáil maidir leis na ceanglais dhlíthiúla, go háirithe rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí, agus maidir leis na nósanna imeachta cúitimh atá infheidhme i dtíortha AE eile.

Bhí ar na tíortha AE uile an treoir um sheirbhísí a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 28 Nollaig 2009. In 2012, ghlac an Coimisiún Eorpach le teachtaireacht maidir leis an treoir um sheirbhísí a chur i bhfeidhm. Sa tuarascáil sin:

rinneadh machnamh ar an dul chun cinn a bhí déanta i dtíortha AE maidir le deireadh a chur le bacainní gan údar maith ar an margadh aonair do sheirbhísí;

aithníodh srianta nach bhfuil deireadh curtha leo go fóill, amhail ceanglais chónaithe nó tástálacha riachtanas eacnamaíoch a úsáid; agus

moladh bearta chun feidhmiú an mhargaidh aonair do sheirbhísí a fheabhsú.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR SEO?

Ón 28 Nollaig, 2006 ar aghaidh. Bhí ar na tíortha AE an treoir a thrasuí i ndlí náisiúnta faoin 28 Nollaig 2009.

CÚLRA

An Treoir um sheirbhísí

GNÍOMH

Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lgh. 36-68)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: I dtreo margadh aonair do sheirbhísí a fheidhmíonn níos fearr — ag cur le torthaí phróiseas measúnaithe fhrithpháirtigh na treorach um sheirbhísí (COM(2011) 20 final an 27.1.2011)

Cinneadh 2011/130/AE ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena mbunaítear íoscheanglais maidir le próiseáil thrasteorann a dhéanamh ar dhoiciméid a shínítear go leictreonach ag údaráis inniúla faoi Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 53, 26.2.2011, lgh. 66-72)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Chinneadh 2011/130/AE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an treoir um sheirbhísí a chur i bhfeidhm. Comhpháirtíocht le haghaidh méadaithe nua ar sheirbhísí 2012-2015 (COM(2012) 261 final an 8.6.2012)

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/148/AE ón gCoimisiún an 17 Márta 2014 lena leasaítear Cinneadh 2011/130/AE lena mbunaítear íoscheanglais maidir le próiseáil thrasteorann a dhéanamh ar dhoiciméid a shínítear go leictreonach ag údaráis inniúla faoi Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 80, 19.3.2014, lgh. 7-9)

Nuashonraithe 09.11.2015