Airm ollscriosta: leathadh a chomhrac
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
De réir straitéis AE 2003 i gcoinne leathadh arm ollscriosta, tacaíonn an cinneadh le cur chunfeidhme Rún 1540 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Tá sé mar thoradh ar chinntí den chineál céanna a glacadh in 2006, in 2008 agus in 2013.
Tá straitéis AE deartha chun cláir ollscriosta (WMD) a bhac, a chosc agus a stopadh ar fud an domhain, más féidir. Ó bunaíodh í in 2003, áirítear ar bhunphrionsabail na straitéise:
PRÍOMHPHOINTÍ
Déanann an Chomhairle faireachán leanúnach ar an straitéis, agus faigheann sí tuarascálacha ar dhul chun cinn gach 6 mhí.
Tá an straitéis curtha chun feidhme trí thionscadail agus trí ghníomhaíochtaí amhail:
In 2008, ghlac AE línte nua le haghaidh gníomhaíochta ar leathadh AOS. Dearadh iad seo chun straitéis 2003 a dhéanamh níos éifeachtaí trí, mar shampla, feasacht a ardú in institiúidí eolaíocha, acadúla agus airgeadais agus bearta a fhorbairt chun aistriú eolais faoi AOSanna ar na páirtithe míchearta a chosc. Athdhearbhaíonn iontu an tábhacht a bhaineann le straitéis 2003 agus na prionsabail lena gcinntear gníomhaíocht AE (iltaobhacht éifeachtach, cosc agus comhar idirnáisiúnta) agus a ról maidir le cuidiú leo Rún 1540 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme.
Ceanglaítear le Rún 1540 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar a shínitheoirí staonadh ó thacaíocht a thabhairt do ghníomhaithe neamhstáit* trí mheán ar bith maidir leis an méid seo a leanas a dhéanamh i dtaca le hairm núicléacha, cheimiceacha nó bhitheolaíocha agus a gcórais seachadta:
úsáid a bhaint astu.
In 2011, ghlac an Chomhairle Slándála Rún na Náisiún Aontaithe 1977, ina n–athdhearbhaítear gur bagairt ar shíocháin agus ar shlándáil idirnáisiúnta é leathadh arm núicléach, ceimiceach agus bitheolaíoch agus a modh seachadta. Síneann sé go dtí 2021 sainordú Choiste 1540, coiste arb é ról a bheith páirteach go gníomhach le stáit agus le heagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta, réigiúnacha agus fo-réigiúnacha chun comhroinnt na taithí, na gceachtanna a foghlaimíodh agus na cleachtais éifeachtacha a chur chun cinn, sna réimsí atá clúdaithe faoi UNSCR 1540.
Tagraítear sa chinneadh do thacaíocht AE, i gcomhréir lena straitéis AOS, chun an ról atá ag Comhairle Slándála na NA a chothú agus a saineolas a fheabhsú maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin leata. I dtéarmaí praiticiúla, is éard atá sa tacaíocht sin ceardlanna fo-réigiúnacha, cuairteanna tíre, cruinnithe, imeachtaí, oiliúint agus iarrachtaí maidir le caidreamh poiblí. Tá Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála freagrach as cur i bhfeidhm teicniúil na dtionscadal, i gcomhar leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhoibriú san Eoraip, in Aontas na hAfraice, in Eagraíocht Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i Sraith na Stát Arabach, de réir mar is iomchuí.
CÚLRA
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh ón gComhairle (CBES) 2017/809 an 11 Bealtaine 2017 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (2004) maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modh seachadta (IO L 121, 12.5.2017, lgh. 39-44)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh ón gComhairle (CBES) 2015/259 an 17 Feabhra 2015 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 43, 18.2.2015, lgh. 14-28)
Cinneadh 2014/913/CBES ón gComhairle an 15 Nollaig 2014 chun tacú le Cód Iompair na Háige agus neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 360, 17.12.2014, lgh. 44-52)
Cinneadh 2013/668/CBES ón gComhairle an 18 Samhain 2013 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte i réimse na bithshábháilteachta agus na bithshlándála i gcreat Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh Arm Ollscriosta (IO L 310, 20.11.2013, lgh. 13-19)
Cinneadh 2013/391/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2013 chun tacú le cur chun feidhme praiticiúil Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modh seachadta (IO L 198, 23.7.2013, lgh. 40-44)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2013/391/CBES a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Cinneadh 2010/430/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear gréasán Eorpach um meithleacha machnaimh neamhspleácha um neamhleathadh chun tacú le cu chun feidhme Straitéis AE i gcoinne leathadh Arm Ollscriosta (IO L 202, 4.8.2010, lgh. 5-9)
Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/368/CBES ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus faoi chuimsiú Straitéis AE i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 127, 15.5.2008, lgh. 78-83)
Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/419/CFSP ón gComhairle an 12 Meitheamh 2006 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne leathadh Arm Ollscriosta (IO L 165, 17.6.2006, lgh. 30-34)
Straitéis AE i gcoinne leathadh arm ollscriosta an 10 Nollaig 2003 (doc. 15708/03 — nár foilsíodh san Iris Oifigiúil)
Nuashonraithe 02.03.2018