Éilimh neamhchonspóidithe – Ordú forfheidhmiúcháin Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 – lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d’éilimh neamhchonspóidithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm leis an rialachán i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála. Ní chumdaítear leis, go háirithe, cúrsaí ioncaim, custaim nó riaracháin. Tá sé infheidhmithe i ngach tír AE cé is moite den Danmhairg.

Meastar go bhfuil éileamh neamhchonspóidithe sna cásanna seo a leanas:

Ordú forfheidhmiúcháin Eorpach

Deimhníonn an tír AE inar seachadadh an breithiúnas (stát tionscnaimh) breithiúnas ar éileamh neamhchonspóidithe mar ordú forfheidhmiúcháin Eorpach. Déantar an deimhniú trí fhoirm chaighdeánach. D’fhéadfadh feidhm a bheith leis sin i gcás díreach codanna den bhreithiúnas, agus sa chás sin tabharfar “ordú forfheidhmiúcháin Eorpach i bpáirt” ar an ordú.

Íoschaighdeáin

Ionas go ndéanfaí breithiúnas ar éileamh neamhchonspóidithe a dheimhniú mar Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach, ní mór do na himeachtaí cúirte sa tír thionscnaimh AE ceanglais nós imeachta áirithe a chomhlíonadh.

Dá bhrí sin, ní cheadaítear ach amháin na modhanna seirbhíse doiciméid atá liostaithe sa rialachán má táthar chun an breithiúnas a dheimhniú mar ordú forfheidhmiúcháin Eorpach.

Ina theannta sin, ní mór do dhoiciméad tionscanta na n-imeachtaí sonraí a thabhairt maidir leo seo a leanas:

Ar deireadh, ní mór don tír thionscnaimh AE foráil a dhéanamh maidir leis an gceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreithiúnas i gcásanna eisceachtúla.

Forfheidhmiú

Is é an dlí a chuirfear i bhfeidhm ar an nós imeachtaí forfheidhmiúcháin dlí na tíre AE ina n-iarrtar forfheidhmiú an bhreithiúnais (stát forfheidhmiúcháin). Ní mór don chreidiúnaí iad seo a leanas a thabhairt do na húdaráis atá freagrach as forfheidhmiú:

Ní féidir aon urrús, banna nó éarlais a iarraidh ar chreidiúnaithe ar an bhforas gur náisiúnaigh choigríche iad nó nach bhfuil sainchónaí nó cónaí orthu sa tír forfheidhmiúcháin AE.

Féadfaidh an chúirt inniúil sa tír forfheidhmiúcháin AE, faoi réir choinníollacha áirithe, diúltú d’fhorfheidhmiú breithiúnais má tá sé bunoscionn le breithiúnas a tugadh níos túisce in aon tír AE nó i dtír neamh-AE. I gcásanna áirithe, is féidir leis bac nó teorainn a chur le forfheidhmiú.

Forálacha deiridh agus ginearálta

D’fhonn rochtain ar nósanna imeachta forfheidhmiúcháin a éascú, geallann tíortha AE faisnéis ábhartha laistigh de chreat an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála a thabhairt don phobal i gcoitinne agus do dhreamanna gairmiúla.

Tá saoirse ag creidiúnaithe fós aitheantas agus forfheidhmiú breithiúnais a lorg faoi Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012. Anuas air sin, ní dhéanann an rialachán seo dochar d’fheidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 21 Deireadh Fómhair 2005.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d’éilimh neamhchonspóidithe (IO L 143, 30.4.2004, lgh. 15–39)

Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 28.06.2016