Cinneadh Réime maidir le foirmeacha agus leaganacha cainte áirithe ciníocha agus seineafóbacha a chomhrac le dlí coiriúil

Is é cuspóir an Chinneadh Réime seo ná a chinntiú go gcuirtear pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le léirithe tromchúiseacha an chiníochais agus na seineafóibe. Thairis sin, féachtar leis comhar breithiúnach sa réimse seo a fheabhsú agus a spreagadh.

ACHT

Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le foirmeacha agus leaganacha cainte áirithe ciníocha agus seineafóbacha a chomhrac le dlí coiriúil.

ACHOIMRE

Cuireann an Cinneadh Réime seo le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 96/443/CGB, cinneadh réimse ina ndéantar foráil do chomhfhogasú dhlíthe agus rialacháin thíortha an AE maidir le cionta a bhfuil léirithe áirithe an chiníochais agus na seineafóibe i gceist leo. Ní mór go bpléifí le léirithe áirithe tromchúiseacha an chiníochais agus na seineafóibe mar chion i ngach tír den AE, agus go gcuirfí pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i bhfeidhm ina leith.

Baineann an cinneadh réime seo leis na cionta go léir:

“Fuathchaint”

Cuirtear pionóis i bhfeidhm maidir le cineálacha áirithe iompair, a dtugtar tuairisc orthu thíos, agus pléitear leo mar choireanna coiriúla:

Gearrtar pionós chomh maith má spreagtar na cionta thuas, má chabhraítear leo nó má ghlactar páirt iontu.

Maidir leis na cionta atá liostaithe, ní mór go gcinnteodh tíortha an AE go ngearrfaí:

Maidir le daoine dlítheanacha, ní mór go mbeadh pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i gceist agus go ngearrfaí fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla mar chuid de na pionóis sin. Ina theannta sin, is féidir na pionóis seo a leanas a ghearradh i leith daoine dlítheanacha:

Ní ceart tús a chur le himscrúduithe ná le hionchúisimh maidir le cionta ciníocha ná seineafóbacha bunaithe ar thuairisc ná ar chúiseamh íospartaigh.

“Coireacht Fuatha”

Measfar an t-inspreagadh ciníoch nó seineafóibe a bheith ina imthoisc ghéaraitheach i gcónaí nó, ina mhalairt de chás, ní mór go dtabharfaí cumhacht do na cúirteanna chun a leithéid d’inspreagadh a chur san áireamh, agus na pionóis atá le gearradh á leagadh amach.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh Réime 2008/913/CGB

6.12.2008

28.11.2010

IO L 328, 6.12.2008, lch. 55-58

ACHTANNA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh Réime 2008/913/CGB maidir le foirmeacha agus leaganacha cainte áirithe ciníocha agus seineafóbacha a chomhrac le dlí coiriúil [ COM(2014) 27 final an 27.1.2014 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Cuirtear béim sa tuarascáil seo ar thíortha an AE ar theip orthu forálacha uile an Chinneadh Réime a thrasuí go hiomlán agus/nó i gceart, go háirithe maidir leis na cionta a bhaineann le coireanna áirithe idirnáisiúnta a shéanadh, a mhaithiú agus a bheag a dhéanamh díobh.

Tá forálacha ag tromlach na dtíortha san AE a dhéanann coir as gríosú poiblí chun foréigin chiníoch agus sheineafóbaigh, ach níl na coireanna a chumhdaítear sa Chinneadh Réime trasuite go hiomlán ag cuid díobh. Chomh maith leis sin, tá ann do bhearnaí go fóill maidir leis an chur chuige a nglactar leis i ndáil le hinspreagadh ciníoch agus seineafóbach, le dliteanas daoine dlítheanacha agus le dlínse.

Tá an Coimisiún i mbun díospóireachtaí déthaobhacha leis na Ballstáit i gcúrsa na bliana 2014 lena chinntiú go ndéanfar an cinneadh a thrasuí go hiomlán agus i gceart.

Nuashonraithe 15.06.2014