Formáid AE i gcomhair ceadanna cónaithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 — formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe do náisiúnaigh neamh–AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach ann formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe, agus an fhaisnéis nach mór a bheith iontu, do náisiúnaigh neamh–AE atá ina gcónaí go dlíthiúil in AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Le Rialachán (CE) Uimh. 380/2008 leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 maidir le comhtháthú na n–aitheantóirí bithmhéadracha* san fhormáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe.

Toisc go bhfuil an fhormáid reatha le haghaidh ceadanna cónaithe á húsáid ar feadh os cionn 20 bliain, glacadh Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1954.

Tugtar isteach leis teimpléad aonfhoirmeach úr le haghaidh ceadanna ar a bhfuil gnéithe slándála úra chun brionnú a chosc. Cuirtear na híomhánna agus sonraíochtaí an téacs atá cuimsithe san iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1954 in ionad na gceann atá i rialachán bunaidh 2002. Beidh idirthréimhse 6 mhí ag tíortha AE chun stoic na gceadanna cónaithe atá ann a úsáid.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón 15 Meitheamh 2002.

Beidh Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1954 i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 15 mhí i ndiaidh don Choimisiún Eorpach sonraíochtaí teicniúla úra a ghlacadh i gcomhair ceadanna cónaithe.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Aitheantóirí bithmhéadracha: an úsáid as saintréith fhisiceach amháin nó níos mó de dhuine aonair (méarloirg, struchtúr na haghaidhe, imreasc), a stóráiltear ar mheán amhail cárta cliste, barrachód nó doiciméad, chun aitheantas an duine a bheidh an doiciméad á chur i láthair aige nó aici a sheiceáil.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíre (IO L 157, 15.6.2002, lgh. 1-7)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2020/1730 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2020 lena ndearbhaítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíre (IO L 387, 19.11.2020, lch. 22)

Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lgh. 39-58)

Nuashonraithe 27.11.2020