Leasanna airgeadais AE a chosaint - an chalaois a chomhrac

Cuireadh coinbhinsiún i bhfeidhm sa bhliain 1995 a dhéanann iarracht, faoin dlí coiriúil, leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh (AE) agus na gcáiníocóirí a chosaint. Ó shin i leith, rinneadh forlíonadh, trí shraith prótacal, ar an gCoinbhinsiún maidir le Leasanna Airgeadais na gComhphobal Eorpach a Chosaint.

GNÍOMH

Gníomh ón gComhairle an 26 Iúil 1995 ag dréachtú an Choinbhinsiúin maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO C 316, 27.11.1995, lgh. 48-57)

ACHOIMRE

Cuireadh coinbhinsiún i bhfeidhm sa bhliain 1995 a dhéanann iarracht, faoin dlí coiriúil, leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh (AE) agus na gcáiníocóirí a chosaint. Ó shin i leith, rinneadh forlíonadh, trí shraith prótacal, ar an gCoinbhinsiún maidir le Leasanna Airgeadais na gComhphobal Eorpach a Chosaint.

CÉARD A DHÉANANN AN COINBHINSIÚN?

Déanann an coinbhinsiún agus prótacail an choinbhinsiúin:

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do na tíortha AE pionóis choiriúla éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a thabhairt isteach chun déileáil le calaois a chuireann isteach ar leasanna airgeadais AE.

Déantar idirdhealú sa choinbhinsiún idir calaois maidir le caiteachas agus calaois maidir le hioncam.

I gcás calaoise tromchúisí, ní mór pianbhreith choimeádta a bheith ina cuid de na pionóis sin, rud a d’fhéadfadh bheith ina chúis le heiseachadadh i gcásanna áirithe.

Déantar idirdhealú sa chéad Phrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, arna ghlacadh sa bhliain 1996, idir éilliú “gníomhach” agus éilliú “éighníomhach” na n-oifigeach poiblí. Chomh maith leis sin, déantar “oifigeach” (ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE araon) a shainmhíniú ann agus déantar na pionóis le haghaidh cionta éillithe a chomhchuibhiú.

Dliteanas na ndaoine dlítheanacha

Ní mór do na tíortha AE reachtaíocht a achtú a chuirfidh ar a gcumas ceannairí gnó nó aon duine eile a bhfuil an chumhacht aige nó aici chun cinntí a dhéanamh nó cúrsaí gnó a rialú (.i. daoine dlítheanacha) a fhógairt mar dhuine atá faoi dhliteanas coiriúil. Rinneadh na ceisteanna seo a leanas a shoiléiriú sa bhreis sa Dara Prótacal, arna ghlacadh sa bhliain 1997: dliteanas na ndaoine dlítheanacha, coigistiú agus sciúradh airgid.

Cúirteanna náisiúnta

Sa bhliain 1996, glacadh le prótacal a thug dlínse léiritheach don Chúirt Bhreithiúnais (CBE). Cuireann an prótacal sin ar chumas na gcúirteanna náisiúnta, mura bhfuil siad cinnte conas brí a bhaint as an gcoinbhinsiún agus as na prótacail a ghabhann leis, achainí a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le haghaidh réamhrialuithe.

Ní mór do na tíortha AE bearta cuí a ghlacadh chun dlínse a chur ar bun maidir leis na cionta atá leagtha amach acu de réir a n-oibleagáidí faoin gcoinbhinsiún.

Cásanna calaoise lena mbaineann dhá thír nó níos mó

Más ionann calaois agus cion coiriúil, agus má bhaineann an chalaois sin le dhá thír AE nó níos mó, bíonn ar na tíortha sin comhoibriú go héifeachtach lena chéile san fhiosrúchán, san ionchúiseamh agus i bhfeidhmiú na bpionós a fhorchuirtear trí mheáin dhifriúla, mar shampla cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, eiseachadadh, aistriú imeachtaí nó forfheidhmiú na bpianbhreitheanna a nglactar leo i dtír AE eile.

Díospóidí idir tíortha AE

Nuair a thagann díospóidí chun cinn maidir le ciall a bhaint as an gcoinbhinsiún nó maidir lena chur i bhfeidhm, bíonn ar an gComhairle scrúdú a dhéanamh ar an gcás ar dtús. Má theipeann ar an gComhairle teacht ar réiteach laistigh de 6 mhí, féadfaidh ceann de na páirtithe lena mbaineann achainí a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tá dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais freisin maidir le díospóidí idir na tíortha AE agus an Coimisiún Eorpach.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN GCOINBHINSIÚN?

Cuireadh an coinbhinsiún i bhfeidhm an 17 Deireadh Fómhair 2002, mar aon leis an gcéad phrótacal agus leis an bprótacal ar léiriú ag an gCúirt Bhreithiúnais. Cuireadh an dara prótacal i bhfeidhm an 19 Bealtaine 2009.

Is féidir le haon tír a théann isteach in AE an coinbhinsiún agus na prótacail a ghabhann leis a shíniú.

Féach an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise chun tuilleadh faisnéise a fháil.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Éilliú gníomhach: cion a dhéantar ag oifigeach poiblí a thugann breab do dhuine éigin nó a gheallann breab.

* Éilliú éighníomhach: cion a dhéantar ag oifigeach a ghlacann le breab.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Gníomh ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1996 ag dréachtú Prótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO C 313, 23.10.1996, lgh. 1-10)

Gníomh ón gComhairle an 29 Samhain 1996 ag dréachtú, ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Phrótacail maidir le léiriú, trí réamhrialuithe ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, ar an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint(IO C 151, 20.5.1997, lgh. 1-14)

Gníomh ón gComhairle an 19 Meitheamh 1997 ag dréachtú an Dara Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO C 221, 19.7.1997, lgh. 11-22)

Cinneadh 2008/40/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2007 maidir le haontachas na Bulgáire agus na Rómáine chuig an gCoinbhinsiún, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Choinbhinsiún ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint, le Prótacal an 27 Meán Fómhair 1996, le Prótacal an 29 Samhain 1996 agus leis an Dara Prótacal an 19 Meitheamh 1997 (IO L 9, 12.1.2008, lgh. 23-24)

Nuashonraithe 24.08.2015