Calaois a chomhrac: seiceálacha sna tíortha AE

Is mian le saoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) a bheith cinnte go mbaintear úsáid cheart as an mbuiséad AE. Sa bhliain 1995, chuir AE rialacha i bhfeidhm (Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995) a chumhdaíonn seiceálacha i dtíortha AE agus forchur pionós i gcás mírialtachtaí*.

GNÍOMH

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint

ACHOIMRE

Is mian le saoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) a bheith cinnte go mbaintear úsáid cheart as an mbuiséad AE. Sa bhliain 1995, chuir AE rialacha i bhfeidhm (Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995) a chumhdaíonn seiceálacha i dtíortha AE agus forchur pionós i gcás mírialtachtaí*.

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

Féachtar leis an rialachán seo calaois i gcoinne leasanna airgeadais AE (buiséadAE - ranníocaíochtaí cáiníocóirí) a chomhrac.

Leagtar síos sa rialachán sraith chomhchoiteann rialacha dlíthiúla le haghaidh na réimsí uile i mbeartais AE.

Go háirithe, déantar foráil sa rialachán le haghaidh seiceálacha agus beart agus pionós riaracháin sa chás nach gcloítear le rialacha cistiúcháin AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Íoctar breis is leath den chaiteachas AE le faighteoirí trí rialtais agus trí ghníomhaireachtaí rialtais AE. Cuirtear rialacha mionsonraithe i bhfeidhm maidir leis an gcóras riaracháin lárnaigh sin agus maidir le monatóireacht a dhéanamh ar úsáid an chaiteachais. Cuirtear rialacha éagsúla i bhfeidhm, ag brath ar an réimse beartais lena mbaineann.

Ní mór do na tíortha AE na bearta cuí a ghlacadh lena chinntiú go bhfuil na hidirbhearta a bhaineann le leasanna airgeadais AE ceart agus rialta. Ní mór do na bearta maidir le seiceálacha a bheith comhréireach leis na cuspóirí ionas nach mbainfidh srianta iomarcacha eacnamaíocha ná costais iomarcacha riaracháin leo. Ní mór cleachtais agus struchtúir riaracháin na dtíortha AE a bheith curtha san áireamh iontu freisin.

Ní mór don Choimisiún Eorpach a chinntiú:

go bhfuil cleachtais riaracháin ag teacht le rialacha AE;

go bhfuil ann do na doiciméid riachtanacha a thugann bunús leis an éileamh agus go bhfuil na doiciméid sin ag teacht le hioncam agus le caiteachas AE;

go ndéantar idirbhearta airgeadais agus go ndéantar scrúdú ar na hidirbhearta airgeadais sin sna himthosca cuí.

Ina theannta sin, is féidir leis an gCoimisiún Eorpach seiceálacha agus iniúchtaí a dhéanamh ar an láthair faoi Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96.

Buntáiste a fuarthas go mícheart a aistarraingt

I gcoitinne, má aimsítear mírialtacht, caithfear an buntáiste a fuarthas go mícheart a aisíoc. Féadfaidh ús ar ráta comhréidh a bheith le híoc freisin. Féadfaidh na rudaí seo a leanas a bheith i gceist leis an mbeart lena n-aistarraingeofar an buntáiste:

oibleagáid chun íoc as na méideanna atá dlite nó as na méideanna a fuarthas go mícheart nó chun na méideanna sin a aisíoc;

cailleann an páirtí lena mbaineann na ráthaíochtaí nó réamhíocaíochtaí airgeadais iomlána a fuair sé nó cuid de na ráthaíochtaí nó réamhíocaíochtaí sin.

Féadfar pionóis riaracháin a ghearradh ar mhírialtachtaí toiliúla nó ar mhírialtachtaí a bhfuil faillí ina cúis leo, pionóis amhail:

fíneáil riaracháin;

suim bhreise le híoc; níor cheart don tsuim sin a bheith níos mó ná suim áirithe atá riachtanach chun a bheith ina bac;

an buntáiste a fuarthas a bhaint go hiomlán nó go páirteach, fiú más rud é nár bhain an páirtí tairbhe as an mbuntáiste, ná as eisiamh nó aistarraingt an bhuntáiste, ach le haghaidh tréimhse teoranta i ndiaidh na mírialtachta;

pionóis eile eacnamaíocha dá bhforáiltear sa dlí AE.

Prionsabail ghinearálta

Ní mór do na seiceálacha, bearta agus pionóis riaracháin a bheith:

éifeachtach;

comhréireach; agus

athchomhairleach.

Ní mór nádúr agus tromchúis na mírialtachta a bheith curtha san áireamh iontu, mar aon leis an mbuntáiste a cuireadh ar fáil nó a glacadh leis, agus leibhéal na freagrachta.

Ní féidir pionós riaracháin a fhorchur ach amháin sa chás go raibh sé ceadaithe go sonrach i ngníomh nó i ndlí AE, roimh an mírialtacht.

Cuirtear teorainn 4 bliana le tréimhse na n-imeachtaí, ag tosú ar an dáta a taifeadadh an mhírialtacht. I gcás mírialtachtaí leanúnacha nó mírialtachtaí a tharlaíonn arís agus arís eile, tosaíonn an tréimhse theoranta ar an dáta a thagann deireadh leis an mírialtacht. I gcás cláir a mhaireann roinnt blianta (.i. cláir ilbhliantúla), leanann an tréimhse theoranta ar aghaidh go dtí go dtagann deireadh leis an gclár.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Mírialtacht: aon ghníomh nó neamhghníomh ag duine a fhaigheann cistiúchán AE, a dhéanann dochar do bhuiséad ginearálta AE, tríd an ioncam fabhraithe ar acmhainní dílse, a bhailítear go díreach ar son AE, a laghdú nó a chailleadh, nó trí mhír chaiteachais gan údar maith.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95

26.12.1995

-

IO L 312, 23.12.1995, lgh. 1-4.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair ag an gCoimisiún Eorpach chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar chalaois agus ar mhírialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lgh. 2-5)

Nuashonraithe 08.09.2015