Clár cultúir (2007-2013)

Leis an gCinneadh seo bunaítear ionstraim mhaoinithe agus chláraithe do chomhar cultúrtha ar feadh na tréimhse 1 Eanáir 2007 go dtí 31 Nollaig 2013. Foráiltear ann le haghaidh buiséad EUR 400 milliún chun comhar cultúrtha trasnáisiúnta a fhorbairt idir oibreoirí ó thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) nó ó thíortha nach tíortha de chuid an AE iad atá rannpháirteach sa chlár. Is í aidhm an Chláir Chultúir tacú le gníomhaíochtaí comhair cultúrtha, le heagraíochtaí Eorpacha atá gníomhach i réimse an chultúir, chomh maith le faisnéis i réimse an chultúir a bhailiú agus a scaipeadh.

ACHT

Decision No 1855/2006/EC of the European Parliament and of the Council of 12 December 2006 establishing the Culture Programme (2007 to 2013) (Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 ag bunú an Chláir Chultúir (2007 go 2013)) [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha]

ACHOIMRE

Ag leanúint sampla na gclár cultúrtha roimhe seo is é cuspóir ginearálta an Chláir Chultúir an réimse chultúrtha atá i bpáirt ag Eorpaigh a fheabhsú chun saoránacht Eorpach a mhisniú chun teacht chun cinn.

Trí chuspóir

Trí chuspóir lárnacha atá ag an gclár agus breisluach suntasach Eorpach ag gabháil leis:

Chun tacaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) a fháil, beidh ar na tionscadail roghnaithe ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin a chomhlíonadh.

Trí leibhéal idirghabhála

Chun na cuspóirí thuas a chomhlíonadh, soláthraíonn an Coimisiún trí leibhéal idirghabhála, a fhreagraíonn do riachtanais ar leith:

Clár a bheidh níos fusa a úsáid

Tá cúram bhainistíocht an chláir á thabhairt ag an gCoimisiún don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus tabharfar isteach modhanna níos simplí do thairbhithe. Tá i gceist, leis, foirmeacha a shimplí agus an nós imeachta dámhachtana a dhéanamh níos trédhearcaí. Is mian leis prionsabail na comhréireachta a chur i bhfeidhm, leis, agus géilleadh ag an am céanna don Rialachán Airgeadais i bhfeidhm.

Calaois a chosc

Leanfaidh an Coimisiún de chóras iniúchóireachta a chur i bhfeidhm chun an úsáid a bhaintear as deontais a sheiceáil agus chun a iarraidh ar thairbhithe deontais doiciméid tacaíochta a sholáthar uair ar bith go ceann tréimhse chúig bliana. Beidh teacht aige chomh maith ar oifigí na dtairbhithe agus ar gach eolas riachtanach. D’fhéadfadh cinntí aisghabhála teacht de na hiniúchtaí seo, i gcás inar cuí. Tá na cearta céanna ag an Chúirt Iniúchóirí agus ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Comhar le tíortha nach tíortha de chuid an AE iad

Faoi réir coinníollacha áirithe, féadfaidh na grúpaí seo a leanas bheith rannpháirteach sa chlár:

Is ceadmhach do thíortha eile nach tíortha de chuid an AE iad ach a bhfuil comhaontuithe déthaobhacha acu leis an AE ina bhfuil ailt chultúrtha bheith rannpháirteach sa chlár chomh maith.

Bainistíocht, buiséad agus meastóireacht

Faigheann an Coimisiún cúnamh ó choiste. Ní mór formhór na mbeart feidhmithe, agus go háirithe na cinn a bhaineann le tacaíocht do ghníomhaíochtaí cultúrtha, a bheith glactha de réir an nós imeachta iniúchta.

An buiséad tosaigh a beartaíodh d'fheidhmiú an chláir sa tréimhse 2007–2013 ná EUR 400 milliún. Seo thíos miondealú táscach ar an mbuiséad sin:

Ag an bpointe lár bealaigh, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2010, foilseoidh an Coimisiún an chéad tuarascáil mheastóireacht eatramhach ar an gclár. Leanfar an tuarascáil sin le cumarsáid i dtaobh athnuachan an chláir, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2011. Ar deireadh, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2015, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta dheiridh i láthair.

Cúlra

Is é Airteagal 167 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bonn dlíthiúil le haghaidh ghníomhaíocht an AE i réimse an chultúir. Dírítear san Airteagal sin ar éagsúlacht chultúrtha agus an oidhreacht chultúrtha choiteann a chur chun cinn agus meas a léiriú ar phrionsabal na comhréireachta ag an am céanna. Bunaíodh an Clár Cultúir, a thagann de Chlár “Cultúr 2000” agus de na hiarchláir Raphael, Ariane agus Kaleidoscope, laistigh den chreat sin.

Tagairtí

Acht

Teacht i bhfeidhm – Dáta éaga

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

CinneadhUimh. 1855/2006/CE

28.12.2006–31.12.2013

IO L 372, 27.12.2006

An t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm – Dáta éaga

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

CinneadhUimh. 1352/2008/CE

25.12.2008–31.12.2013

IO L 348, 24.12.2008

ACHTANNA GAOLMHARA

Report from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions of 10 January 2011 — Interim evaluation report on the implementation of the Culture programme [COM(2010) 810 final — Not published in the Official Journal] (Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 10 Eanáir 2010 — Tuarascáil mheastóireachta eatramhach ar fheidhmiú an Chláir Chultúir [COM(2010) 810 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

Nuashonrú is déanaí: 12.04.2011