Uasteorainneacha náisiúnta do thruailleáin áirithe san aer

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2001/81/CE maidir le huasteorainneacha náisiúnta do thruailleáin áirithe san aer

CAD É AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach leis an treoir uasteorainnneacha i gcomhair líon iomlán astaíochtaí náisiúnta de 4 thruailleán — dé-ocsaíd sulfair, ocsaídí de nítrigin, comhdhúile soghalaithe orgánacha agus amóinia .

D’fhéadfadh go dtarlódh na nithe seo a leanas mar thoradh ar na truailleáin sin:

Tá gá fós le gníomh AE mar gheall ar chineál trasteorann na dtruailleán. Is céimeanna tosaigh iad na huasteorainneacha sin i dtreo cuspóirí fadtéarmacha atá níos uaillmhianaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÚLRA

Ós rud é gur fadhb é truailliú an aeir a thrasnaíonn teorainneacha náisiúnta, d’aontaigh AE, i mí an Mheithimh 2003, don Phrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin chun laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún (féach an achoimre ábhartha)

In 2013, thug an Coimisiún ar aird go raibh feabhas suntasach tagtha ar cháilíocht an aeir san Eoraip, ach nach raibh na spriocanna a bhí leagtha síos á gcomhlíonadh aici go fóill. Ghabh an measúnú a leagtar amach ina cumarsáid “Clár um Aer Glan don Eoraip”, le glacadh Threoir (AE) 2016/2284 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer.

Aisghairtear Treoir 2001/81/CE leis an treoir seo, agus is éard is aidhm léi na huasteorainneacha astaíochtaí náisiúnta a shíneadh go dtí 2020 agus cinn nua a thabhairt isteach do 2025.

Le haghaidh tuilleamh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le huasteorainneacha náisiúnta do thruailleáin áirithe san aer (IO L 309, 27.11.2001, lgh. 22-30)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir Uimh. 2001/81/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lgh. 1-31)

Cinneadh 2003/507/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le haontachas an Chomhphobail Eorpaigh leis an bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin chun laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún (IO L 179, 17.7.2003, lgh. 1-2)

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Clár um Aer Glan don Eoraip (COM(2013) 918 final an 18.12.2013)

Nuashonraithe 29.08.2019