Staidreamh dramhaíola

 

ACHOIMHRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 maidir le staidreamh dramhaíola AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Clúdaítear sa dlí soláthar staidrimh ag tíortha AE agus ag an gCoimisiún Eorpach ina gcuid réimsí inniúlachta faoi seach:

Ainmníocht

Ceanglaítear ar na tíortha AE agus ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as na hainmníochtaí (catagóirí) atá leagtha amach in Iarscríbhinn I go dtí Iarscríbhinn III chun a gcuid staidrimh a sholáthar. Déantar tagairt sna hainmníochtaí sin do

Bailiú sonraí

Ní mór na sonraí a úsáidtear chun críocha an staidrimh a bhailiú trí bhíthin suirbhéanna, nósanna imeachta meastacháin staidrimh nó trí fhoinsí riaracháin nó foinsí eile a cheadú. Ach amháin sa chás ina ngineann siad méideanna móra dramhaíola, tá gnólachtaí a bhfuil níos lú ná 10 fostaithe acu eisiata ó shuirbhéanna.

Tarchur an staidrimh chuig Eurostat

Ní mór do thíortha AE na torthaí staidrimh (lena n-áirítear sonraí rúnda) a tharchur chuig Eurostat laistigh de 18 mí ó dheireadh na dtréimhsí tagartha atá leagtha síos in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II. Déantar é sin ar bhonn débhliantúil.

Tá an Coimisiún in ann na bearta is gá a ghlacadh d’fhonn an rialachán a chur chun feidhme nó a leasú. Baineann na bearta sin leo seo a leanas:

Tuarascálacha

Gach 3 bliana, cuireann an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an staidreamh arna thiomsú de bhun an rialacháin seo, maidir lena cháilíocht agus maidir leis an ualach ar ghnólachtaí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO?

Tá sé i bhfeidhm ón 29 Nollaig 2002.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2002 maidir le staidreamh dramhaíola (IO L 332, 9.12.2002, lgh. 1–36)

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1445/2005 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2005 ina sainítear na critéir chuí um measúnú cáilíochta agus inneachar na dtuarascálacha cáilíochta ar staidreamh dramhaíola chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 229, 6.9.2005, lgh. 6–12).

Rialachán (CE) Uimh. 782/2005 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2005 ina leagtar amach an fhormáid i ndáil le tarchur na dtorthaí maidir le staidreamh dramhaíola (IO L 131, 25.5.2005, lgh. 26–37)

Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 07.11.2016