An ról atá ag zúnna i gcaomhnú na bithéagsúlachta
ACHOIMRE AR:
Treoir 1999/22/CE maidir le hainmhithe fiáine a choinneáil i zúnna
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?
-
Cuirtear cosaint agus caomhnú speicis ainmhithe fiáine chun cinn inti tríd an ról atá ag zúnna i gcaomhnú na bithéagsúlachta a neartú.
-
Áirítear inti rialacha maidir le ceadú agus cigireacht zúnna lena chinntiú go gcloíonn siad leis na bearta riachtanacha um chaomhnú agus um chosaint.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
-
Sainítear “zú” mar fhoras buan ina gcoinnítear ainmhithe fiáine ar taispeáint phoiblí ar feadh 7 lá in aghaidh na bliana nó níos mó ná sin.
-
Ní áirítear siopaí peataí nó sorcais sa treoir.
-
Féadfaidh tíortha AE forais áirithe a dhíolmhú chomh maith ón treoir mura gcuireann siad líon suntasach ainmhithe nó speiceas ar taispeáint don phobal agus mura dtagann an díolúine seo salach ar chuspóirí na treorach.
Coinníollacha
Ceanglaítear sa treoir ar thíortha AE bearta a dhéanamh maidir le ceadúnais a dheonú agus maidir le cigireacht rialta a dhéanamh ar zúnna lena sheiceáil go bhfuil na coinníollacha a theastaíonn dá ndeonú á gcomhlíonadh.
Chun ceadúnas oibríochta a fháil, ní mór do zúnna:
-
páirt a ghlacadh i dtaighde a mbaineann tairbhe lena thorthaí do chaomhnú speiceas, i malartú faisnéise ar chaomhnú speiceas agus/nó atáirgeadh i mbraighdeanas (athphobalú, athbhunú speiceas san fhiántas, etc.);
-
oideachas agus feasacht phoiblí a chur chun cinn maidir le caomhnú na bithéagsúlachta, go háirithe trí fhaisnéis a chur ar fáil faoi na speicis a chuirtear ar taispeáint agus faoina ngnáthóga nádúrtha;
-
a n-ainmhithe a chur i gcóiríocht faoi dhálaí a shásaíonn ceanglais bhitheolaíocha agus chaomhnaithe na speiceas aonair trí:
-
saibhriú atá sainiúil do speiceas a sholáthar sna clóis, agus
-
ardchaighdeán feirmeoireacht ainmhithe a choimeád trí chláir fhorbartha um chúram agus um chothú tréidliachta coisctheach agus íceach;
-
cosc a chur ar ainmhithe ó éalú chun bagairtí éiceolaíocha féideartha (e.g. speicis choimhthíocha ionracha) ar speicis dhúchasacha a sheachaint, chomh maith le cosc a chur ar ionradh lotnaidí lasmuigh;
-
taifid chothrom le dáta de na hainmhithe a choinneáil san fhoras atá éagsúil de réir an speicis.
Ceadúnú agus cigireacht
-
Ní mór do thíortha AE rialacha a ghlacadh maidir le zúnna a cheadúnú agus cigireacht a dhéanamh orthu lena chinntiú go gcomhlíontar na bearta um chaomhnú.
-
Ní mór go bhfuil ceadúnas ag gach zú.
-
Tá coinníollacha i ngach ceadúnas chun na bearta riachtanacha um chaomhnú agus um chosaint a fhorfheidhmiú.
-
Ní mór d’údaráis inniúla na dtíortha AE cigireacht a dhéanamh sula ndéanann siad ceadúnas a dheonú, a dhiúltú, a shíneadh nó a athrú go substaintiúil.
-
I gcás nach gcloíonn zú go hiomlán nó go páirteach leis na ceanglais dhlíthiúla, ní mór don údarás inniúil cosc a chur ar rochtain phoiblí ar an zú ina iomláine nó ar an gcuid de lena mbaineann.
-
I gcás go ndéanfaí an zú a dhúnadh go páirteach nó go hiomlán, ní mór na hainmhithe lena mbaineann a chóireáil nó réidh a fháil leo faoi dhálaí is iomchuí leis an tír AE lena mbaineann agus atá comhoiriúnach le rialacha na treorach.
Dea-chleachtais
In 2015, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an doiciméad dea-chleachtas i leith threoir AE maidir le zúnna. Tá sé sin deartha chun cuidiú le tíortha AE cloí le ceanglais na treorach trí bhíthin taithí agus dea-chleachtas a chomhroinnt.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 9 Aibreán 1999. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 9 Aibreán 2002.
GNÍOMH
Treoir 1999/22/CE ón gComhairle an 29 Márta 1999 maidir le hainmhithe fiáine a choinneáil i zúnna (IO L 94, 9.4.1999, lgh. 24-26)
Nuashonraithe 06.06.2016