Radaíocht — nochtadh ó fhoinsí séalaithe a chosc (go dtí 2018)

ACHOIMRE AR:

Treoir 2003/122/Euratom — caighdeáin sábháilteachta chun cosaint ar radaíocht

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Tugtar rialacha níos géire isteach faoin treoir seo chun déileáil le “foinsí séalaithe radaighníomhacha”. Déantar cur chuige an Aontais Eorpaigh (AE) a chomhchuibhiú sa treoir freisin.

Is “foinsí séalaithe radaighníomhacha” ann ná méideanna beaga ábhair radaighníomhaigh atá:

séalaithe go buani gcapsúl, nó

greamaithe d’ábhar neamh-radaighníomhach

chun sceití/éilliú a chosc.

Tá iliomad úsáidí acu (e.g. cógas, taighde agus tionscal).

Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le foinsí radaighníomhacha ardghníomhaíochta séalaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tugtar “foinsí díthreabhacha” ar fhoinsítréigthe nó caillte nó ar fhoinsí atá curtha as ionad (nó foinsí a bhogtar gan údarú).

Is féidir lefoinsí díthreabhachadochar a dhéanamh don tsláinte . Féachtar leis an treoir an riosca sin a laghdú.

Iarrtar sa treoir ar thíortha AE:

cé atá freagrach as foinsí díthreabhacha a athshlánú a shoiléiriú;

córais a chur ar bun chun foinsí díthreabhacha a aimsiú (e.g. i gclóis dhramh-mhiotail);

feachtais a reáchtáil chun foinsí díthreabhacha a athshlánú;

oiliúint a chur ar oibrithe chun foinsí a láimhseáil gosábháilte .

Rialacha do shealbhóirí foinse

Ní mór do shealbhóirí taifid a choimeád de na foinsí uile a bhfuil siad freagrach astu. Ní mór na sonraí seo a leanas a thaifeadadh:

suíomh;

sonraí aistrithe (an tsuímh agus/nó na freagrachta);

comharthaí aitheantais.

Ina theannta sin, ní mór do na sealbhóirí:

scrúdúa dhéanamh arriochtna foinse go rialta;

tástálacha a dhéanamh (e.g. tástálacha sceite) a chloíonn le caighdeáin idirnáisiúnta;

cailleadh, goid agus úsáid neamhúdaraithe a chosc (agus na húdaráis a chur ar an eolas faoi má tharlaíonn amhlaidh);

oiliúint maidir le cosaint ar radaíocht a chur ar fáil d’oibrithe;

na húdaráis a chur ar an eolasi gcásnochtado radaíocht .

Ní mór dothíortha AE :

údarás inniúil a ainmniú chun an treoir a chur i bhfeidhm;

scéim um údarú roimh ré a chur ar bun le haghaidh trealamh a úsáideann foinsí ardghníomhaíochta;

a chinntiú go bhfuil rialacha sábháilteachta curtha i bhfeidhm ag sealbhóirí agus gur féidir leo íoc as athúsáid nó diúscairt;

córas um rianú aistrithe a chruthú;

a chinntiú go bhfuil cistiúchán curtha ar fáil chun foinsí díthreabhacha a athshlánú;

comhoibriúle stáit AE eilemá chailltear, má bhaintear nó má ghoidtearfoinsí díthreabhacha—nó má aimsítear iad .

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Ón 31 Nollaig, 2003 ar aghaidh.

Rinneadh an treoir a aisghairm le Treoir 2013/59/Euratom, ina bhfuil príomhfhorálacha na treorach ionchorpraithe. Cuirfear Treoir 2013/59/Euratom i bhfeidhm an 6 Feabhra 2014.

GNÍOMH

Treoir 2003/122/Euratom ón gComhairle an 22 Nollaig 2003 maidir le foinsí radaighníomhacha ardghníomhaíochta séalaithe agus foinsí díthreabhacha a rialú

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2003/122/Euratom

31.12.2003

31.12.2005

IO L 346, 31.12.2003 lgh. 57–64

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos bunchaighdeáin sábháilteachta chun cosaint ar na contúirtí a eascraíonn as nochtadh do radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lgh. 1–73)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Taithí a fháil i ndáil le cur i bhfeidhm na Treorach 2003/122/Euratom maidir le foinsí radaighníomhacha ardghníomhaíochta séalaithe agus foinsí díthreabhacha a rialú (COM(2015) 158 final an 16.4.2015)

Nuashonraithe 15.10.2015