Rialacha AE maidir le cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas
ACHOIMRE AR:
Treoir 2003/96/CE — córas AE le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas a athstruchtúrú
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
-
Leagtar síos inti rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) ar chánacha maidir le leictreachas, gach breosla mótair agus formhór na mbreoslaí téimh.
-
Is é an cuspóir a chinntiú go bhfeidhmeoidh margadh aonair fuinnimh AE go réidh agus saobhadh ar bith ar thrádáil agus ar iomaíocht a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar dhifríochtaí móra sna córais náisiúnta chánach a sheachaint.
-
Cuireann na rialacha le spriocanna níos leithne amhail aistriú go dtí geilleagar iomaíoch, ísealcharbóin atá tíosach ar fhuinneamh.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Gearrtar cáin ar tháirgí fuinnimh nuair a úsáidtear iad mar bhreosla mótair nó le haghaidh téimh amháin.
-
Tugtar isteach leis an reachtaíocht íosleibhéil chánach ar bhreoslaí mótair, ar bhreoslaí téimh agus ar leictreachas atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2004.
-
Féadfar cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh a úsáidtear le haghaidh téimh, sa talmhaíocht, mótair dho-aistrithe agus innealra le haghaidh oibreacha tógála agus poiblí ag leibhéil níos ísle ná mar a ghearrtar ar bhreosla do charranna.
-
Féadfaidh rialtais ráta níos ísle dleachta a chur i bhfeidhm ar dhíosal tráchtála (nuair a úsáideann tarlóirí bóthair é nó nuair a úsáidtear mar iompar paisinéirí é) ná mar a chuirtear i bhfeidhm ar dhíosal d’úsáid neamhthráchtála.
-
Ceadaítear díolúintí agus laghduithe cánach leis an treoir go háirithe ar chúiseanna beartais ar son an chomhshaoil agus na sláinte. Féadfaidh rialtais foinsí fuinnimh in-athnuaite a dhíolmhú ó chánachas, amhail bithbhreoslaí nó breoslaí nó leictreachas a úsáidtear chun earraí agus paisinéirí a iompar d’iarnród, ar an meitreo, ar thram nó ar bhus tralaí.
-
Déantar foráil sa reachtaíocht i leith cánacha laghdaithe do ghnóthais dianfhuinnimh — iad siúd a bhfuil an iarracht is mó déanta acu chun ídiú a laghdú. Tugadh socruithe idirthréimhseacha do thíortha AE a raibh deacracht acu leis na bearta úra a chur chun feidhme roimh an reachtaíocht a chur chun feidhme (an Bheilg, an Ghearmáin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair agus an Phortaingéil).
-
Deonaíodh díolúintí agus tréimhsí idirthréimhseacha comhchosúla do thíortha a ghlac ballraíocht in AE in 2004 agus 2007.
-
Níl feidhm ag an reachtaíocht maidir le roinnt de na hearnálacha dianfhuinnimh (e.g. sa mhiotalóireacht) nó maidir le táirgí fuinnimh dé-úsáide, i.e. úsáidtear chun críche téimh agus chun críche eile iad (e.g. chun ceimiceáin áirithe a tháirgeadh).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 31 Deireadh Fómhair 2003. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 2003.
CÚLRA
Tuilleadh faisnéise:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 ag athstruchtúrú chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lgh. 51-70)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2003/96/CE a chorprú sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha atá an leagan comhdhlúite seo amháin.
Nuashonraithe 28.11.2016