Rialacha iomaíochta AE a chur i bhfeidhm: cur chun feidhme Airteagail 101 agus 102 den CFAE

Ar mhaithe le tomhaltóirí agus gnólachtaí araon, tá rialacha ag an Aontas Eorpach (AE) chun cosc a chur ar chairtéil ina socraítear praghsanna nó ina roinntear margaí idir iomaitheoirí. Féachann AE chomh maith le cosc a chur ar ghnóthais ó mhí-úsáid a bhaint as a staid cheannasachta i margadh, mar shampla, trí phraghsanna éagóra a ghearradh nó trí tháirgeadh a theorannú.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta arna leagan síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh.

ACHOIMRE

Ar mhaithe le tomhaltóirí agus gnólachtaí araon, tá rialacha ag an Aontas Eorpach (AE) chun cosc a chur ar chairtéil ina socraítear praghsanna nó ina roinntear margaí idir iomaitheoirí. Féachann AE chomh maith le cosc a chur ar ghnóthais ó mhí-úsáid a bhaint as a staid cheannasachta i margadh, mar shampla, trí phraghsanna éagóra a ghearradh nó trí tháirgeadh a theorannú.

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Cuirtear leis rialacha iomaíochta AE i bhfeidhm arna leagan síos le hAirteagal 101 (cleachtas comhbheartaithe lena gcuirtear srian ar iomaíocht) agus le hAirteagal 102 (mí-úsáid as staid cheannasachta) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (Airteagail 81 agus 82 roimhe seo den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach (Conradh CE). Tugadh isteach rialacha ann lenar athraíodh, thar gach ní eile, gnéithe forfheidhmiúcháin bheartas iomaíochta AE.

Tá lamháil ann do rialacha iomaíochta a chuir an Coimisiún Eorpach i bhfeidhm roimhe seo atá le forfheidhmiú ar bhonn díláraithe ag údaráis iomaíochta thíortha AE. Dá bhrí sin feabhsaíodh ról na n-údarás náisiúnta in aghaidh trustaí agus na gcúirteanna maidir le dlí iomaíochta AE a chur i bhfeidhm leis. Tugann sé sin deis don Choimisiún a acmhainní a dhíriú ar na sáruithe iomaíochta is tromchúisí a fhorfheidhmiú le gné thrasteorann.

PRÍOMHPHOINTÍ

Nósanna imeachta Airteagal 101 (CFAE)-in aghaidh trustaí

Spreagtar cásanna chun comhaontuithe frithiomaíochta a imscrúdú (m.sh. cairtéil) trí:

gearán (m.sh. ó iomaitheoir);

tionscnamh an údaráis iomaíochta (údarás náisiúnta nó an Coimisiún Eorpach);

iarratas faoi chlár trócaire (trínar féidir le rannpháirtí i gcairtéal fíneáil a sheachaint nó í a fháil laghdaithe má sholáthraíonn sé faisnéis maidir leis an gcairtéal).

Sa chás go lainseálann an Coimisiún Eorpach imscrúdú, tá cumhachtaí fairsinge aige. Áirítear orthu sin an ceart faisnéis a iarraidh ó chuideachtaí ach tá an ceart aige fosta dul isteach ar áitreabh na gcuideachtaí, a dtaifid a ghabháil agus a n-ionadaithe a dhiancheistiú.

Má chinneann an Coimisiún, ar bhonn a imscrúduithe tosaithe, imscrúdú domhain a dhéanamh, leagan sé ráiteas agóidí amach a chuireann sé chuig na cuideachtaí lena mbaineann.

Is féidir le cuideachtaí atá á n-imscrúdú comhad an Choimisiúin a rochtain agus freagairt a thabhairt ar an ráiteas agóidí. Is féidir leo éisteacht a iarraidh chomh maith. Má tá sé fós ina luí ar an gCoimisiún, i ndiaidh na céime sin, go bhfuil sárú déanta, féadfaidh sé cinneadh mar gheall ar shárú a eisiúint lena bhféadfaí fíneálacha a ghearradh ar na páirtithe.

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh le cinneadh gealltanais a ghlacadh ina áit sin sa chás nach ngearrtar fíneálacha ar bith. Anseo, déanann na páirtithe gealltanas dul i ngleic le buarthaí an Choimisiúin, le haghaidh tréimhse faoi leith de ghnáth. Má sháraíonn siad an gealltanas seo, d’fhéadfaí fíneáil a ghearradh orthu.

Féadfaidh páirtithe cinntí an Choimisiúin a achomharc ag an gCúirt Ghinearálta.

Faoi Threoir 2014/104/AE, d’fhéadfaí íobartaigh cairtéal nó sáruithe in aghaidh trustaí a chúiteamh as damáistí.

Nósanna imeachta Airteagal 102 (CFAE)-mí-úsáid as staid cheannasachta

D’fhéadfadh údarás náisiúnta iomaíochta nó an Coimisiún imscrúdú a oscailt ar a dtionscnamh féin nó i ndiaidh gearáin.

An chéad chéim thábhachtach i gcásanna dá leithéid ná a mheas an bhfuil an gnóthas lena mbaineann “ceannasach”. Is éard atá i gceist leis sin a mhargadh a shainiú i gcomhthéacs an táirge (na dtáirgí) a sholáthraíonn sé agus an limistéar geografach ina ndíoltar iad. Mar riail ghinearálta, má tá an sciar den mhargadh faoi 40 %, is cosúil nach bhfuil sé ceannasach.

Cuirtear fachtóirí eile san áireamh fosta amhail cibé an bhfuil nó nach bhfuil bacainní lena gcuirtear cosc ar iontrálaithe úra ar an margadh ann nó a mhéid a bhfuil an gnóthas a bhfuil imscrúdú á dhéanamh air bainteach ar leibhéil éagsúla den slabhra soláthair (rud ar a dtugtar “comhcheangal ingearach”).

Is í an chéad chéim eile a fháil amach an bhfuil an staid cheannasachta seo á mí-úsáid i ngeall ar chleachtais amhail praghsáil chreachach (praghsanna lena ngearrtar faoi iomaitheoirí), ag áitiú gur soláthraí eisiach atá sa ghnóthas, srl.

Tá na cumhachtaí imscrúdaithe céanna ag na húdaráis iomaíochta is atá maidir le nósanna imeachta Airteagal 101. Tá gnéithe amhail cearta um chosaint, an córas um ráitis agóidí, cinntí gealltanais, fíneálacha agus cúiteamh comhchosúil chomh maith.

Ar deireadh, tugtar deis dóibh faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear faisnéis rúnda, trí líonra Eorpach iomaíochta ina bhfuil na húdaráis náisiúnta iomaíochta agus an Coimisiún, chun cuidiú leo sáruithe ar na rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Ón 24 Eanáir 2003.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach na leathanaigh in aghaidh trustaí ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003

24.1.2003

-

IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1-25

Gníomh leasaitheach (gníomhartha leasaitheacha)

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 411/2004

9.3.2004

-

IO L 68, 6.3.2004, lgh. 1-2

Rialachán (CE) Uimh. 1419/2006

18.10.2006

-

IO L 269, 28.9.2006, lgh. 1-3

Rialachán (CE) Uimh. 169/2009

25.3.2009

-

IO L 61, 5.3.2009, lgh. 1-5

Rialachán (CE) Uimh. 246/2009

14.4.2009

-

IO L 79, 25.3.2009, lgh. 1-4

Rialachán (CE) Uimh. 487/2009

1.7.2009

-

IO L 148, 11.6.2009, lgh. 1-4

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh.773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le seoladh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE (Iris Oifigiúil L 123, 27.4.2004, lgh. 18-24). Féach an leagan comhdhlúite

Treoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 ar rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta faoi sháruithe fhorálacha dhlí iomaíochta thíortha AE agus Théacs an Aontais Eorpaigh lena bhfuil ábharthacht LEE (Iris Oifigiúil L 349, 5.12.2014, lgh. 1-19).

Nuashonrú is déanaí: 31.07.2015