An t-eolas rialála atá le nochtadh ag brainsí cuideachta san Aontas Eorpach (AE)

Leagtar amach sa treoir seo na ceanglais nochta a chuirtear i bhfeidhm maidir le brainsí a osclaítear i mBallstát áirithe ag cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta ó Bhallstát éigin eile nó ó thíortha nach tíortha den AE iad. Féachtar léi deireadh a chur le héagothromaíochtaí a bhaineann le scairshealbhóirí agus le tríú páirtithe a chosaint, agus an ceart bunaíochta a chosaint.

ACHT

An 11ú Treoir 89/666/CEE ón gComhairle maidir le ceanglais nochta i ndáil le brainsí a osclaítear i mBallstát ag cineálacha áirithe cuideachta a ndéantar a rialú ag dlí Ballstáit eile [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha].

ACHOIMRE

Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le brainsí a osclaítear i mBallstát áirithe ag cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta (atá liostaithe i dTreoir 2009/101/CE), atá á rialú ag dlí Ballstáit eile, nó ag cuideachtaí atá á rialú ag dlí tíre nach tír den AE í lena mbaineann foirm dlí inchomparáide.

Brainsí cuideachtaí ó Bhallstáit eile

Is iad seo a leanas na nithe atá á gcumhdach ag ceanglais éigeantacha nochta:

Cuirfear na míreanna ar gá a nochtadh go héigeantach ar fáil go poiblí trí chóras idirnaisc na gclár lárnach, tráchtála agus cuideachtaí, a cuireadh ar bun faoi Threoir 2012/17/AE agus a mbeidh fáil air faoi lár na bliana 2017. Caithfidh aitheantóir uathúil a bheith ag brainsí chun na nithe seo a leanas, mar aon le nithe eile, a aithint:

Ba cheart go mbeadh gnéithe ann chomh maith, más iomchuí, a bhainfear feidhm astu chun earráidí aitheantais a sheachaint.

Féadfaidh Ballstát an bhrainse nochtadh breise a éileamh, m.sh. síniú ionadaithe na cuideachta nó na hionstraimí bunaithe.

Más éagsúil ceanglais nochta na cuideachta agus ceanglais nochta an bhrainse, cuirtear ceanglais nochta an bhrainse i bhfeidhm maidir le hidirbhearta leis an bhrainse. Má osclaíonn cuideachta brainsí éagsúla sa Bhallstát céanna, is féidir léi pé clár brainse is mian léi a roghnú chun a doiciméid chuntasaíochta agus a hionstraimí bunaithe a nochtadh, agus is féidir léi tagairt a dhéanamh i gcláir na mbrainsí eile.

Ní mór go gcuirfí ar fáil gan mhoill ag clár na cuideachta, trí chóras idirnaisc na gclár, aon eolas faoi fhoirceannadh nó faoi imeachtaí dócmhainneachta na cuideachta agus aon eolas faoin chuideachta a bhaint den chlár, má bhaineann iarmhairtí dlíthiúla leis i mBallstát an chláir. Ní mór go mbeifí in ann a leithéid d’eolas a sheoladh chuig clár an bhrainse trí chóras idirnaisc na gclár, le go mbeifí in ann brainsí a bhaint den chlár chomh maith.

Brainsí cuideachtaí ó thíortha nach tíortha den AE iad

Cumhdaítear na míreanna seo a leanas sna ceanglais éigeantacha nochta do bhrainsí cuideachtaí ó lasmuigh den AE, a bhfuil a bhfoirm dlí inchurtha le foirm dlí chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta an AE:

Mura ndéantar doiciméid chuntasaíochta a dhréachtú faoi reachtaíocht an AE nó ar bhealach comhchosúil, féadfaidh na Ballstáit a éileamh gur gá iad seo a dhréachtú agus a nochtadh maidir le gníomhaíochtaí an bhrainse.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 89/666/CEE

3.1.1990

1.1.1992

IO L 395, 30.12.1989, lch. 36

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2012/17/AE

6.7.2012

7.7.2014

IO L 156, 16.6.2012, lch. 1

Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 89/666/CE. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonrú is déanaí: 11.07.2014