Príobháideachas saoránach a chinntiú: An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá sé mar aidhm le dlí an Aontais Eorpaigh (AE) a chinntiú go dtugtar meas ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha saoránach, go háirithe an ceart chun príobháideachais i dtaca le sonraí pearsanta* a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí AE.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

ACHOIMRE

Tá sé mar aidhm le dlí an Aontais Eorpaigh (AE) a chinntiú go dtugtar meas ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha saoránach, go háirithe an ceart chun príobháideachais i dtaca le sonraí pearsanta* a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí AE.

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Bunaítear an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) ann. Leagtar amach rialacha ann lena chinntiú go dtugtar meas do shonraí pearsanta arna mbainistiú ag institiúidí agus ag comhlachtaí AE agus sainítear cearta saoránach maidir leis sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Déantar foráil sa rialachán seo i leith MECS a bhunú, an t-údarás atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha um chosaint sonraí ag institiúidí agus ag comhlachtaí AE. Is féidir le saoránaigh gearáin a chur isteach díreach chuig MECS má mheasann siad nár tugadh meas dá gcearta cosanta sonraí faoin rialachán seo.

Ní mór do gach institiúid agus comhlacht AE oifigeach cosanta sonraí amháin ar a laghad a cheapadh agus an cúram a chur air/uirthi comhoibriú le MECS agus a chinntiú nach ndéantar dochar do chearta agus do shaoirsí ábhair shonraí trí phróiseáil sonraí.

Sonraí pearsanta agus próiseáil sonraí

Faoin rialachán, agus chun na gcríoch dár bailíodh iad, ní mór sonraí pearsanta:

Ceadaítear sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críocha stairiúla, staitistiúla nó eolaíoch má tá cosaintí cuí ann maidir le neamhainmníocht.

Ní féidir sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin:

Cearta saoránach

I bprionsabal tá cosc ar shonraí pearsanta ina nochtar bunadh ciniúil nó eitneach, tuairimí polaitiúla, prionsabail chreidimh nó fhealsúnacha, ballraíocht ar cheardchumann, agus sonraí maidir le sláinte nó saol gnéis, chomh maith le sonraí a bhaineann le cionta coiriúla a phróiseáil, ach amháin ar chúiseanna atá údaraithe go sainráite le dlí.

Tá cearta infheidhmithe le dlí ag saoránach faoin rialachán, amhail an ceart chun sonraí pearsanta arna sealbhú ag institiúidí agus ag comhlachtaí AE a rochtain, a cheartú, a chosc nó a scriosadh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Ón 1 Feabhra 2001.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

*Sonraí pearsanta faisnéis ar bith a bhaineann le duine nó “ábhar sonraí” inaitheanta i dtéarmaí tréithe amhail tréithe fisiciúla, intinne, eacnamaíocha, cultúrtha nó aitheantais shóisialta.

*Próiseáil sonraí pearsanta: oibríocht a fheidhmítear ar shonraí pearsanta, amhail bailiú, stóráil, úsáid, modhnú, tarchur, scaipeadh, nó scriosadh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 45/2001

1.2.2001

-

IO L 8 an 12.1.2001, lgh. 1-22

Ceartúchán

-

-

IO L 164 an 26.6.2007, lgh. 36-36

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 2008/597/CE ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2008 lena ghlactar na rialacha cur chun feidhme i ndáil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí de bhun Airteagal 24(8) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (Iris Oifigiúil L 193, 22.7.2008, lgh. 7-11).

Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. (Iris Oifigiúil L 281, 23.11.1995, lgh. 31-50).

Nuashonraithe 12.06.2015