Íocaíochtaí neamhairgid — calaois agus góchumadh a chomhrac

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Réime 2001/413/CGB — Calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH RÉIME?

Forlíontar rialacha AE eile leis maidir le calaois a bhaineann le modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac. Go sonrach, sainítear cineálacha iompair chalaoisigh ann ar cheart breathnú orthu mar chionta coiriúla atá inphionóis i ngach tír AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Faoin gcinneadh réime seo, aithnítear calaois a bhaineann le cineál ar bith modhanna íocaíochta neamhairgid (e.g. aistriú creidmheasa, dochar díreach, cárta íocaíochta) mar chion coiriúil atá inphionóis trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i ngach tír AE.

Cionta coiriúla

Ní thagraítear sa chinneadh réime do chionta faoi leith faoi dhlí náisiúnta coiriúil reatha thíortha AE toisc go bhféadfadh a lán difríochtaí a bheith i gceist ó thír amháin go tír eile.

Sainítear cineálacha éagsúla gnímh bunaithe ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil siad dírithe ar:

Pionóis

Comhar agus malartú faisnéise

Ceanglaítear sa chinneadh réime chomh maith ar thíortha AE cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil in imeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis na cionta sin. Lena chois sin, ní mór dóibh pointí teagmhála a bhunú nó sásraí atá ann cheana a úsáid lena chinntiú gur féidir faisnéis ar chionta dá leithéid a chomhroinnt.

Is féidir comhar maidir le calaois agus góchumadh in AE a dhéanamh trí líon beart, sásraí, gníomhaireachtaí agus institiúidí, lena n-áirítear:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 2 Meitheamh 2001. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 2 Meitheamh 2003.

AN PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Réime 2001/413/CGB an 28 Bealtaine 2001 — calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac (IO L 149, 2.6.2001, lgh. 1-4)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 112-142)

Tuarascálacha

Tuarascáil ón gCoimisiún bunaithe ar Airteagal 14 den Chinneadh Réime ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac (COM(2004) 346 final, 30.4.2004)

Tuarascáil ón gCoimisiún — An dara tuarascáil bunaithe ar Airteagal 14 den Chinneadh Réime ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac (COM(2006) 65 final, 20.2.2006)

Nuashonraithe 01.08.2016