Rialacha maidir le hiompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn in AE
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Aontais Eorpaigh chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn
Rialachán (CE) Uimh. 181/2008 lena leagtar síos bearta áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Aontais Eorpaigh chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn
Rialachán (CE) Uimh. 546/2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Aontais Eorpaigh chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn
CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?
- Mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 181/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 546/2014, leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 na rialacha maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach AE.
- Féachtar leo forbairt iompair ar uiscebhealaí intíre atá inbhuanaithe agus iomaíoch a spreagadh in AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
Rialachán (CE) Uimh. 718/1999
- Cumhdaítear sa rialachán soithigh ina n–iompraítear earraí ar bhonn tráchtála. Tá roinnt díolúintí i gceist, amhail do shoithigh a oibrítear ar an Danóib nó a úsáidtear chun earraí a stóráil nó le haghaidh dreidireachta amháin.
- Ceanglaíodh ar thíortha AE ag a bhfuil tonnáiste cabhlaigh os cionn 100 000 tona, agus a bhfuil a n–uiscebhealaí nasctha le tíortha AE, Cistí Uiscebhealaí Intíre a bhunú (le cúlchistí ar leith d’iompróirí tirimlasta*, tancaeir* agus soithigh bhrúite*).
- Bhí na cistí sin le riar ag údaráis náisiúnta agus d’fhéadfaí iad a úsáid in 2 chás:
- i gcás ina mbeadh “suaitheadh mór sa mhargadh” i margadh an iompair ar uiscebhealaí intíre (laistigh de bhrí Threoir 96/75/CE); agus
- ar iarratas d’aon ghuth é ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht don iompar ar uiscebhealaí intíre – amhail tús 2014, níor úsáideadh na cúlchistí sin riamh.
- Bhí riail “sean in áit nua” sa rialachán ar dtús. Chiallaigh sé sin go raibh ar úinéir ar bith arbh mhian leo soithigh úra a thabhairt isteach sa chabhlach tonnáiste an tsean–soithigh a bhriseadh nó airgead a íoc. Tháinig deireadh leis an riail faoi Rialachán (CE) Uimh. 411/2003 (agus rinneadh é a aisghaireadh le Rialachán (AE) Uimh. 181/2008 ón gCoimisiún agus cuireadh an Rialachán sin ina hionad ó shin — féach thíos) agus ní fhéadfaí í a athghníomhachtú, cibé an raibh bearta feabhsuithe struchtúracha ag gabháil léi nó nach raibh, ach dá mbeadh suaitheadh mór ar an margadh den chineál dá dtagraítear i dTreoir 96/75/CE.
Rialachán (CE) Uimh. 181/2008
Le Rialachán (AE) Uimh. 181/2008 leagtar síos na rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 718/1999 a chur chun feidhme. Leagtar amach leis ráta na ranníocaíochtaí speisialta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 (Airteagal 7), na cóimheasa maidir leis an riail “sean in áit nua”, agus na socruithe praiticiúla maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail a chur chun feidhme.
Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 546/2014
Faoi Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 546/2014, rinneadh raon feidhme na mbeart atá ar fáil faoi Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 a leathnú. Áirítear ar na bearta sin anois:
- cuidiú (amhail faisnéis) d’oibrithe ar iompróirí ar uiscebhealaí intíre a bhfuil an tionscal á fhágáil acu le pinsin luathscoir a fháil nó le haistriú go dtí post eile;
- gairmoiliúint nó scéimeanna athoiliúna do bhaill foirne a bhfuil an tionscal á fhágáil acu;
- feabhas ar scileanna i loingseoireacht intíre agus eolas ar lóistíocht chun forbairt agus todhchaí na gairme a chosaint;
- úinéirí/oibreoirí a spreagadh chun ballraíocht a ghlacadh i gcumainn trádála agus na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht don iompar ar uiscebhealaí intíre a neartú ar leibhéal AE;
- uasghrádú ar shoithigh a spreagadh chun feabhas a chur ar dhálaí agus ar shábháilteacht oibre;
- nuálaíocht a spreagadh maidir le soithigh agus a bhfeidhmíocht fheabhsaithe chomhshaoil;
- úsáid na gcúlchistí mar aon le hionstraimí airgeadais a spreagadh, amhail Fís 2020 agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?
- Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 ón 29 Aibreán 1999.
- Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 181/2008 ón 20 Márta 2008.
- Tá Rialachán leasaitheach (AE) 546/2014 i bhfeidhm ón 18 Meitheamh 2014.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Iompróirí tirimlasta: soithigh ina n–iompraítear lasta tirim (e.g. gráin).
Tancaeir: soithigh ina n–iompraítear lasta fliuch (e.g. ola).
Soithigh bhrúite: soithigh a úsáidtear le soithigh eile amhail báirsí a bhrú ach nach n–úsáidtear chun lasta a iompar.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 an 29 Márta 1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn (IO L 90, 2.4.1999, lgh. 1-5)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (CE) Uimh. 181/2008 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2008 lena leagtar síos bearta áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn (leagan códaithe) (IO L 56, 29.2.2008, lgh. 8-12)
Rialachán (AE) Uimh. 546/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn (IO L 163 an 29.5.2014, lgh. 15-17)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 96/75/CE ón gComhairle an 19 Samhain 1996 maidir le córais chairtfhostaithe agus phraghsála i ndáil le hiompar náisiúnta agus idirnáisiúnta ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal (IO L 304, 27.11.1996, lgh. 12-14)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 02.10.2020