Rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí

Comhchuibhítear leis an treoir seo an chaoi ina rialaítear na nithe seo a leanas ag tíorthaí an Aontais Eorpaigh (AE): rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara agus a n-idirnascadh. Cuirtear ar bun creat rialála maidir leis an chaidreamh idir sholáthraithe líonraí agus seirbhísí, rud a chruthóidh iomaíocht agus idir-inoibritheacht inbhuanaithe maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

GNÍOMH

Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain a dhéanamh ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí ghaolmhara agus maidir lena n-idirnascadh (An Treoir maidir le Rochtain).

ACHOIMRE

Tá an Treoir maidir le Rochtain agus ceithre threoir eile (an Chreat-treoir, an Treoir maidir le húdarú, an Treoir um sheirbhís uilíoch agus an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) ina gcuid den phacáiste cumarsáide leictreonaí, pacáiste a shainíonn an creat rialála a bhfuil mar aidhm aige cur le hiomaíochas san earnáil líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

Sa bhliain 2009, leasaíodh an pacáiste cumarsáide leictreonaí leis an Treoir maidir le reachtóireacht níos fearr agus leis an Treoir um chearta na saoránach, agus trí bhíthin Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) a chruthú.

Cur i bhfeidhm

Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le líonraí cumarsáide leictreonaí de gach saghas, líonraí a mbíonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chuirtear ar fáil go poiblí á n-iompar acu. Áirítear leis na líonraí seo líonraí teileachumarsáide seasta agus móibílí, na líonraí a bhaintear feidhm astu don chraoltóireacht trastíre, líonra teilifíse cábla, agus na líonraí satailíte agus Idirlín a bhaintear feidhm astu chun guthghlaonna, facsanna, sonraí agus íomhánna a tharchur.

An prionsabal ginearálta

Bíonn ar na tíortha AE a chinntiú nach mbíonn ann do shrianta, srianta a chuireann cosc ar ghnóthais sa Bhallstát céanna nó i mBallstáit éagsúla idirbheartaíocht a dhéanamh idir eatarthu maidir le rochtain agus/nó idirnascadh, faoi réir rialacha iomaíochta an chonartha.

Is é atá i gceist leis an phrionsabal ginearálta ná go bhfuil sé oiriúnach sna margaí ina bhfuil leibhéil cumhachta idirbheartaíochta an-éagsúla ag na gnóthais go fóill creat a chur ar bun, creat atá bunaithe ar phrionsabail an mhargaidh inmheánaigh agus ar rialacha iomaíochta agus a n-úsáidfear é chun an margadh a rialú.

Agus cur chuige á ghlacadh atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, is iad na cuspóirí ná:

creat a chur ar bun a spreagfaidh iomaíocht agus a chothóidh infheistíocht éifeachtach sa bhonneagar líonra trí rochtain leordhóthanach ar líonraí agus a n-idirnascadh a chumasú agus trí idir-inoibritheacht seirbhísí ar mhaithe le húsáideoirí deiridh;

a chinntiú nach gcuirfear teorainn le seirbhísí nuálacha a chruthú, mar gheall ar bhaic margaidh, seirbhísí a d’fhéadfadh dul chun sochair do na húsáideoirí.

Ceart agus oibleagáidí na n-oibreoirí

Leagtar síos leis an treoir riail bhunúsach a thugann an ceart d’oibreoirí líonraí cumarsáide poiblí agus a chuireann oibleagáid orthu, ar iarratas ó ghnóthais údaraithe eile, idirbheartaíocht a dhéanamh lena chéile maidir le hidirnascadh, chun idir-inoibritheacht na seirbhíse a chinntiú ar fud an Aontais Eorpaigh.

Bíonn na húdaráis rialála náisiúnta (NRAanna) freagrach as anailís a dhéanamh ar an mhargadh go rialta chun a fhionnadh an bhfuil cumhacht shuntasach ag oibreoir nó ag oibreoirí sa mhargadh lena mbaineann. Tar éis anailís a dhéanamh ar an mhargadh, forchuirfidh na NRAanna ceann amháin nó níos mó de hoibleagáidí seo a leanas ar aon oibreoir a bhfuil cumhacht shuntasach aige sa mhargadh, bunaithe ar na cúinsí:

1.

Oibleagáidí na trédhearcachta maidir le hidirnascadh agus/nó le rochtain a éilíonn ar oibreoirí eolas áirithe a chur ar fáil go poiblí, amhail eolas cuntasaíochta, sonraíochtaí teicniúla nó saintréithe líonra, más iomchuí san trí thairiscint tagartha.

2.

Oibleagáidí an neamh-idirdhealaithe lena chinntiú go gcuireann oibreoirí coinníollacha coibhéiseacha i bhfeidhm i gcúinsí coibhéiseacha maidir le gnóthais a chuireann seirbhísí coibhéiseacha ar fáil, lena n-áirítear bac a chur ar chuidiú lena seirbhísí féin.

3.

Oibleagáidí na deighilte cuntasaíochta maidir le gníomhaíochtaí sonracha a bhaineann le hidirnascadh agus/nó le rochtain.

4.

Na hoibleagáidí a bhaineann le saoráidí líonra sonracha a rochtain agus a úsáid. Féadfar a éileamh ar oibreoirí:

rochtain a thabhairt do thríú páirtithe ar eilimintí agus/nó ar shaoráidí líonra sonracha, lena n-áirítear rochtain díchuachta ar an lúb logánta;

idirbheartaíocht a dhéanamh de mheon macánta leis na gnóthais a bhfuil rochtain á hiarraidh acu;

rochtain ar shaoráidí a deonaíodh cheana féin a chaomhnú;

rochtain oscailte a dheonú maidir le comhéadain theicniúla, le prótacail nó le príomhtheicneolaíochtaí eile atá riachtanach le haghaidh idir-inoibritheacht na seirbhísí;

comhshuí nó comhroinnt saoráidí gaolmhara de chineálachaeile a chur ar fáil;

rochtain a sholáthar ar sheirbhísí gaolmhara, amhail na seirbhísí a bhaineann le haitheantas, le suíomh agus le láithreacht.

5.

Na hoibleagáidí a bhaineann le gnóthú costais agus le rialuithe praghsanna, lena n-áirítear na hoibleagáidí a bhaineann le praghsáil bunaithe ar chostas agus le córais chostchuntasaíochta.

Má chuirtear na hoibleagáidí seo i bhfeidhm agus má leanann na clistí margaidh seo ar aghaidh, féadfaidh na NRAanna, mar bheart in am an éigin, a éileamh ar ghnóthas atá comhtháite go hingearach na gníomhaíochtaí aige a bhaineann le táirgí agus le seirbhísí rochtana a sholáthar ar bhonn mórdhíola a chur in eintiteas gnó a fheidhmítear go neamhspleách.

Bíonn ar an eintiteas seo a fheidhmítear go neamhspleách táirgí agus seirbhísí rochtana a sholáthar do ghnóthais, lena n-áirítear eintitis ghnó eile sa mháthairchuideachta chéanna, laistigh de na hamscálaí céanna agus de réir na dtéarmaí agus coinníollachacéanna, lena n-áirítear na cinn a bhaineann le praghas agus le leibhéil seirbhíse, agus trí mheán na gcóras agus na bpróiseas céanna.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2002/19/CE

24.4.2002

24.7.2003

IO L 108, 24.4.2002, lgh 7-20.

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2009/140/CE

19.12.2009

25.5.2011

IO L 337, 18.12.2009, 37-69

LEASÚ AR NA hIARSCRÍBHINNÍ

Iarscríbhinn II - Liosta d’uaslíon na n-earraí ar gá a chur san áireamh i dtairiscint thagartha maidir le rochtain ar bhonneagar líonra mhórdhíola, lena n-áirítear rochtain chomhroinnte nó rochtain díchuachta go hiomlán ar an lúb logánta ag suíomh seasta, suíomh a fhoilseofar ag oibreoirí arna gcur in iúl go bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu.

Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le comhchreat rialála le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, Treoir 2002/19/CE maidir le rochtain a dhéanamh ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara agus maidir lena n-idirnascadh, agus Treoir 2002/20/CE maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a údarú (IO L 337, an 18 Nollaig 2009, lgh. 37-69).

Ceartúchán ar Threoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le comhchreat rialála le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, Treoir 2002/19/CE maidir le rochtain a dhéanamh ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara agus maidir lena n-idirnascadh, agus Treoir 2002/20/CE maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a údarú (IO L 241, an 10 Meán Fómhair 2013, lgh. 8-9).

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le hanailís mhargaidh agus le measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh faoin gcreat rialála le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO C 165, an 11 Iúil 2002, lgh. 6-31)

Leagtar síos sna treoirlínte seo, faoin chreat rialála maidir le seirbhísí cumarsáide, na prionsabail a bhaintear feidhm astu ag na húdaráis náisiúnta rialála mar bhunús don anailís mhargaidh, le hiomaíocht éifeachtach a ráthú.

Tograí le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir leis an margadh aonair Eorpach le haghaidh cumarsáide leictreonaí agus maidir le hIlchríoch Cheangailte a chruthú, agus lena leasaítear Treoir 2002/20/CE, Treoir 2002/21/CE agus Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 [COM(2013)627 final an 11.9.2013 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Nuashonraithe 10.09.2015