Dliteanas sibhialta i leith damáiste ó thruailliú ola: An Coinbhinsiún um Ola Umair
ACHOIMRE AR:
An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Dhliteanas Sibhialta i leith Damáiste ó Thruailliú Ola Umair, 2001 (an Coinbhinsiún um Ola Umair)
Cinneadh 2002/762/CE lena dtugtar údar do na Ballstáit, ar mhaithe leis an gComhphobal, chun an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Dhliteanas Sibhialta i leith Damáiste ó Thruailliú Ola Umair a shíniú agus a dhaingniú nó chun aontú dó
CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH?
Glacadh leis an gCoinbhinsiún um Ola Umair faoi choimirce na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) chun a áirithiú go dtabharfar cúiteamh leordhóthanach éifeachtach go pras dóibh siúd a ndéantar dochar dóibh nuair a dhoirteann ola breosla ó umair long.
Leis an gcinneadh seo tugtar údarú do thíortha AE an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Dhliteanas Sibhialta i leith Damáiste ó Thruailliú Ola Umair, 2001 (an Coinbhinsiún um Ola Umair) a shíniú, a dhaingniú nó aontú dó.
PRÍOMHPHOINTÍ
Comhoiriúnacht le rialacha AE
- Tá tionchar ag Airteagal 9 agus Airteagal 10 den Choinbhinsiún um Ola Umair ar na rialacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle (Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 anois) maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála.
- Ní dhéantar coinníoll de sa choinbhinsiún nach mór d’eagraíocht idirnáisiúnta, amhail AE, an coinbhinsiún a shíniú, a dhaingniú nó aontú dó.
- Mar sin, ní mór do thíortha AE, le húdarú AE, an coinbhinsiún a shíniú nó a dhaingniú nó aontú dó ar mhaithe leis an Aontas Eorpach. Nuair a dhéanann siad amhlaidh, ní mór dóibh a dhearbhú freisin go gcuirfidh siad Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012 i bhfeidhm ina gcaidreamh frithpháirteach.
Raon feidhme
Tá feidhm ag an gcoinbhinsiún maidir le:
- damáiste ó thruailliú a tharlaíonn i gcríoch, in uiscí teorann nó i gcrios eisiach eacnamaíoch nó a choibhéis de thír ar bith atá páirteach sa choinbhinsiún;
- bearta a chuirtear i bhfeidhm chun damáiste dá leithéid a chosc nó a íoslaghdú.
Ní chuirtear an coinbhinsiún i bhfeidhm maidir le longa cogaidh, le longa cúnta cabhlaigh ná le longa eile de chuid tíre. Ach is féidir le haon tír atá páirteach sa choinbhinsiún é a chur i bhfeidhm maidir le longa dá leithéid.
Dliteanas an longúinéara
Tá an longúinéir ag am an teagmhais faoi dhliteanas i leith an damáiste ó thruailliú ola umair. Féadfaidh longúinéir dliteanas a sheachaint i leith an damáiste, áfach, más féidir an méid seo a leanas a chruthú:
- gur tharla an damáiste mar thoradh ar ghníomh cogaidh, ar chogaíocht, ar éirí amach nó ar fheiniméan nádúrtha eisceachtúil, dosheachanta agus dosháraithe; nó
- go ndearna tríú páirtí an damáiste mar thoradh ar ghníomh nó neamhghníomh agus é beartaithe aige nó aici damáiste a dhéanamh; nó
- gur tharla an damáiste go hiomlán de bharr faillí rialtais nó aon údarás freagrach eile.
Árachas éigeantach nó sláine airgeadais
- Ní mór d’úinéirí a bhfuil olltonnáiste de bhreis is 1,000 tonna ar a gcuid long, agus atá cláraithe i dtír atá ina páirtí sa choinbhinsiún, árachas nó urrús airgeadais eile a bheith acu, amhail ráthaíocht bhainc nó ráthaíocht ó institiúid airgeadais chomhchosúil eile, chun a ndliteanas i leith damáiste ó thruailliú a chumhdach.
- Eisíonn an t-údarás cuí teastas chuig gach long, ar a dtaispeántar go bhfuil árachas nó urrús airgeadais ag an long sin agus ní mór é a iompar ar bord loinge. Ní mór cóip de a sheoladh chuig na húdaráis a bhfuil clárú na loinge coimeádta acu.
Dlínse agus forghníomhú breithiúnas
- Chun cúiteamh a fháil ón longúinéir, ó árachóir nó ó dhuine eile a chuireann seirbhísí slándála ar fáil, ní mór an dlí a chur orthu sa tír nó sna tíortha inar tharla an damáiste ó thruailliú.
- Sainmhínítear sa choinbhinsiún na coinníollacha faoinar féidir breithiúnas a thugann cúirt i dtír áirithe ar páirtí í sa choinbhinsiún a aithint nó a fhorghníomhú i dtír eile.
Teorainneacha ama
- Rachaidh aon chearta chun cúitimh faoin gcoinbhinsiún seo as feidhm mura gcuirtear an dlí ar dhuine éigin laistigh de 3 bliana ón dáta a tharla an damáiste.
- Ní féidir an dlí a chur ar dhuine éigin níos mó na 6 bliana ón dáta a tharla an teagmhas a bhí ina chúis leis an damáiste.
DÁTA TEACHT I BHFEIDHM
Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm ar an 21 Samhain 2008. Amhail 2015, bhí an coinbhinsiún daingnithe ag gach tír AE/d’aontaigh gach tír AE dó i gcomhréir le Cinneadh 2002/762/CE ón gComhairle.
CÚLRA
Le haghaidh tuileadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉID
An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Dhliteanas Sibhialta i leith Damáiste ó Thruailliú Ola Umair, 2001 (an Coinbhinsiún um Ola Umair) (IO L 256, 25.9.2002, lgh. 9-16)
Cinneadh 2002/762/CE ón gComhairle an 19 Meán Fómhair 2002 lena dtugtar údar do na Ballstáit, ar mhaithe leis an gComhphobal, chun an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Dhliteanas Sibhialta i leith Damáiste ó Thruailliú Ola Umair, 2001 (an Coinbhinsiún um Ola Umair) a shíniú agus a dhaingniú nó chun aontú dó (IO L 256, 25.9.2002, lgh. 7-8)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lgh. 1-32)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 10.07.2020