Saoirse chun seirbhísí a sholáthar san AE (trádáil mhuirí)

Féachtar leis an rialachán seo deireadh a chur le srianta ar an tsaoirse chun seirbhísí iompair mhuirí a sholáthar san Aontas Eorpach (AE).

ACHT

Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar d’iompar muirí sna Ballstáit (cabatáiste muirí).

ACHOIMRE

Raon

Buíochas leis an dlí seo, cinntítear go bhfuil an ceart ag cuideachtaí loingseoireachta nó ag náisiúnaigh atá bunaithe i mBallstát AE áirithe seirbhísí iompair mhuirí (ar a dtugtar cabatáiste muirí) a sholáthar i mBallstáit AE eile ar an choinníoll go gcloíonn siad leis na coinníollacha uile a bhaineann le cabatáiste a chur i gcrích sa tír sin. Féadfaidh cuideachtaí loingseoireachta atá bunaithe i dtíortha lasmuigh den AE, atá á rialú ag náisiúnaigh AE, seirbhísí dá leithéid a sholáthar freisin.

Sainmhínítear sa rialachán na frásaí seo a leanas: “seirbhísí iompair mhuirí i mBallstát AE (cabatáiste muirí)”, “longúinéirí Comhphobail”, “conradh seirbhíse poiblí”, “oibleagáidí seirbhíse poiblí”, agus “suaitheadh tromchúiseach ar an mhargadh iompair inmheánach”.

Líon foirne

Ag brath ar an chineál seirbhíse iompair, bíonn an Ballstát AE cláraithe (Ballstát a bhfuil a bhratach ar foluain) nó an tír ina gcuirtear an cabatáiste i gcrích (an tír aíochta) freagrach as an líon foirne.

Seirbhís phoiblí

Féadfaidh Ballstáit AE oibleagáidí seirbhíse poiblí a chur i bhfeidhm maidir leis an cheart chun seirbhísí iompair a sholáthar nó feadfaidh siad conarthaí seirbhíse poiblí a chur i gcrích ar mhaithe le seirbhísí leordhóthanacha cabatáiste a chothú idir an mhórthír agus na hoileáin nó idir na hoileáin féin.

Bearta cosanta

Má thagann fadhbanna chun cinn nuair a osclaítear an margadh le haghaidh cabatáiste, (amhail rósholáthar mór i gcomparáid le héileamh), a d’fhéadfadh todhchaí airgeadais na gcuideachtaí loingseoireachta a chur i mbaol, féadfaidh an Coimisiún bearta cosanta a thabhairt isteach. Féadfar a chur san áireamh sna bearta seo an réimse a eisiamh go sealadach ó raon an rialacháin.

Neamh-idirdhealú

Na daoine a sholáthraíonn seirbhísí iompair mhuirí i mBallstát AE, nach seirbhísí dá gcuid féin iad, féadfaidh siad na seirbhísí sin a sholáthar go sealadach faoi na téarmaí céanna a chuirtear i bhfeidhm ar náisiúnaigh na tíre sin.

Clár ama

Léirscaoileadh cabatáiste muirí an 1 Eanáir 1993. Sa Fhrainc, san Iodáil, sa Ghréig, sa Phortaingéil agus sa Spáinn, léirscaoileadh cabatáiste mórthíre de réir a chéile agus clár ama sonrach á chur i bhfeidhm ar gach cineál seirbhíse iompair. Léirscaoileadh cabatáiste idir an mhórthír agus na hoileáin agus idir na hoileáin féin sna tíortha seo sa bhliain 1999. Cuireadh siar an eisceacht seo go dtí 2004 don Ghréig le haghaidh seirbhísí sceidealaithe paisinéirí agus le haghaidh seirbhísí a úsáideann árthaí nach bhfuil ach 650 olltonna orthu ar a mhéad. Fuair an Chróit eisceacht go dtí an 31 Nollaig 2016 le haghaidh conarthaí reatha seirbhíse poiblí agus le haghaidh seirbhísí cúrsála idir chalafoirt na Cróite a úsáideann longa nach bhfuil ach 650 olltonna orthu ar a mhéad, a chuirtear i bhfeidhm ar longa na Cróite amháin agus a thiocfaidh deireadh leo an 31 Nollaig 2014.

Cúlra

Tá breis faisnéise le fáil ar an láithreán Gréasáin seo.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92

1.1.1993

-

IO L 364, 12.12.1992, lgh. 7-10

Acht leasaitheach

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Acht a bhaineann le coinníollacha aontachais na Cróite

1.7.2013

-

IO L 112, 24.4.2012

ACHTANNA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le léiriú ar Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar d’iompar muirí sna Ballstáit (cabatáiste muirí)( COM(2003) 595 final - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil).

Cinneadh 93/125/CEE maidir le hiarratas na Spáinne ar ghlacadh an Choimisiúin le bearta cosanta faoi Airteagal 5 de Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle maidir le diúltú do phrionsabal na saoirse a chur i bhfeidhm chun seirbhísí a sholáthar d’iompar muirí sna Ballstáit (cabatáiste muirí)- (IO L 49, 27.02.1993, lgh. 88-89).

Tugtar cead don Spáinn sa chinneadh seo chun mórthír na Spáinne a eisiamh ó raon Rialacháin (CEE) Uimh. 3577/92 ar feadh tréimhse sé mhí ón chinneadh seo a chur in iúl. Ní chuirtear é seo i bhfeidhm ar sheirbhísí friothálacha. Mura féidir le hárthach Spáinneach an t-éileamh ar sheirbhísí iompair cabatáiste a chomhlíonadh, beidh cead ag árthaí ó Bhallstáit AE eile seirbhísí dá leithéid a chur ar fáil.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle: An cúigiú tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabail na saoirse chun seirbhísí a sholáthar do chabatáiste muirí (2001-2010) ( COM(2014) 231 final an 22.4.2014 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil).

Tá ceithre chaibidil sa tuarascáil seo:

1.

Forbairtí cásdlí agus reachtacha le déanaí i mBallstáit AE agus dtíortha Limistéar Saorthrádála na hEorpa (LSE);

2.

Treochtaí margaidh i mBallstáit AE agus i dtíortha LSE;

3.

Na sonraí atá le fáil faoi fhostaíocht sa chabatáiste muirí (ní chuirtear staidreamh faoi chostais foirne san áireamh a thuilleadh toisc easpa sonraí iontaofa cinntitheacha).

4.

Conclúid: tá an rialachán oiriúnach don fheidhm agus ní gá athchóiriú a dhéanamh air. Cuirtear i gcéill toisc cheisteanna éagsúla a tháinig chun cinn le linn an chomhairliúcháin go bhfuil fadhbanna le léiriú agus le cur i bhfeidhm. Chuathas i ngleic leis na fadhbanna seo sa teachtaireacht ar chabatáiste muirí (féach an chéad iontráil eile).

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le léiriú ar Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairlelena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar d’iompar muirí sna Ballstáit (cabatáiste muirí) [ COM(2014) 232 final an 22.4.2014 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Bunaithe ar thaithí de bhreis is 20 bliain ar chur i bhfeidhm praiticiúil Rialacháin (CEE) Uimh. 3577/92, agus ar mhaithe le trédhearcacht agus le deimhneacht dhlíthiúil, chinn an Coimisiún a léiriú ar fhorálacha an rialacháin a nuashonrú agus a leasú.

Teachtaireachtaí léirithe an Choimisiúin ó na blianta 2003 agus 2006, leasaítear iad agus cuirtear an teachtaireacht seo ina n-ionad. Is chun críocha faisnéise amháin an teachtaireacht seo: cabhraíonn sí leis an rialachán a mhíniú agus léirítear inti an méid atá beartaithe ag an Choimisiún chun an rialachán a chur i bhfeidhm. Ní dhéantar iarracht athchóiriú a dhéanamh ar an rialachán ná cur isteach ar dhlínse na Cúirte Breithiúnais i gcúrsaí léirithe.

Sonraítear i dtús na teachtaireachta raon na saoirse a bhaineann le seirbhísí a sholáthar san earnáil chabatáiste. Léirítear inti cé hiad ag a bhfuil an tsaoirse sin agus aisghairtear inti na seirbhísí a chuimsítear sa rialachán.

Déantar cur síos inti freisin ar raon na trí mhaolú ón tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, mar a dhéantar foráil dó sa rialachán:

Is féidir le Ballstáit AE rialacha maidir le líon foirne a fhorchur ar bord árthaí nach bhfuil ach 650 olltonna orthu ar a mhéad agus ar árthaí a sholáthraíonn seirbhísí cabatáiste oileáin idir dhá chalafort ina gcríoch.

Féadfaidh Ballstáit AE oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur agus conarthaí seirbhíse poiblí a chur i gcrích chun seirbhís iompair sceidealaithe leordhóthanach a chinntiú idir an mhórthír agus oileáin agus idir na hoileáin féin.

Féadfaidh Ballstáit AE iarraidh ar an Choimisiún glacadh le bearta cosanta chun suaitheadh tromchúiseach ar an mhargadh inmheánach a réiteach.

Mar chríoch, tugtar treoir sa teachtaireacht faoi Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar, a chur i bhfeidhm ar sheirbhísí cabatáiste mhuirí.

Nuashonrú is déanaí: 11.08.2014