An córas airgeadais a úsáid chun sciúradh airgid a chosc

ACHOIMRE AR:

Threoir 2005/60/CE maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

PRÍOMHPHOINTÍ

De bhreis ar an earnáil airgeadais, baineann an treoir le hearnálacha áirithe neamhairgeadais freisin, lena n-áirítear dlíodóirí, nótairí, cuntasóirí, gníomhairí eastáit, soláthraithe seirbhísí cearrbhachais, soláthraithe seirbhísí iontaobhais agus cuideachta, agus soláthraithe earraí nuair a dhéantar íocaíocht de bhreis is €15 000 in airgead tirim.

I measc rudaí eile, bíonn orthu siúd ar a ndírítear an treoir:

Cuirtear riachtanais agus bearta cosanta breise (“dícheall cuí feabhsaithe”) i bhfeidhm faoin treoir freisin chun déileáil le cúrsaí lena mbaineann riosca níos mó de sciúradh airgid agus de mhaoiniú sceimhlitheoirí, mar shampla trádáil le bainc chomhfhreagracha atá lonnaithe lasmuigh den Aontas Eorpach.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 15 Nollaig 2005. Bhí ar thíortha AE an treoir a ionchorprú ina dlí náisiúnta faoin 15 Nollaig 2007.

Ghlac AE le Treoir (AE) 2015/849 i mí an Mheithimh 2015. Aisghairfear Treoir 2005/60/CE leis an treoir seo ón 26 Meitheamh 2017.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar:

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Úinéir tairbhiúil: an duine/na daoine ar leis/léi/leo an custaiméir, nó a rialaíonn an custaiméir a bhfuil idirbheart á chur i gcrích ar a s(h)on, e.g. i gcás cuideachta, an duine ar leis/léi céatadán leordhóthanach de na scaireanna nó vótaí.

* Sciúradh airgid: comhshó fáltas ó choireacht, trí mheáin éagsúla, in “airgead glan”, mar shampla trí chineál na bhfáltas a athrú nó trí chistí a bhogadh go dtí áit éigin nach mbeidh an méid céanna amhras fúthu.

* Maoiniú sceimhlitheoirí: cistí a sholáthar nó a bhailiú chun dul i mbun aon cheann de na cionta atá leagtha amach i gCinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac, amhail doiciméid bhréagacha riaracháin a dhréachtú agus grúpa sceimhlitheoirí a threorú.

GNÍOMH

Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí (IO L 309, 25.11.2005, lgh. 15-36)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 2005/60/CE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2006 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú ar dhuine atá faoi riteacht pholaitiúil agus maidir leis na critéir theicniúla do nósanna imeachta simplithe i dtaca le dícheall cuí don chustaiméir agus don díolúine ar bhonn gníomhaíochta airgeadais a dhéantar ó am go ham nó ar bhonn an-teoranta (IO L 214 an 4.8.2006, lgh. 29-34)

Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 73-117)

Nuashonraithe 02.02.2016