Faisnéis do phaisinéirí: céannacht aeriompróirí
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 — maidir le liosta d’aeriompróirí atá faoi réir cosc ar a n-oibriú laistigh de AE agus céannacht aeriompróirí oibríochta
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?
-
Bunaítear ann liosta atá ar fáil go poiblí d’aerlínte a bhfuil cosc orthu eitilt in AE toisc nach gcomhlíonann siad na caighdeáin sábháilteachta riachtanacha (Iarscríbhinn A) agus d’aerlínte a bhfuil srian orthu ó eitilt faoi choinníollacha áirithe (Iarscríbhinn B).
-
Cinntítear leis go bhfuil paisinéirí ar an eolas faoi chéannacht na haerlíne a dtaistilíonn siad leo.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Cuirtear aerlíne ar an liosta coiscthe má fhaightear go bhfuil easnaimh sábháilteachta thromchúiseacha ag baint léi agus má theipeann uirthi iad a cheartú.
-
Tá critéir chomhchoiteanna AE maidir le caighdeáin sábháilteachta ábhartha ann lena dhearbhú ar cheart cosc oibríochta a chur i bhfeidhm nó nár cheart. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach iad sin a leasú i bhfianaise na bhforbairtí eolaíocha agus teicniúla.
-
Má thagann fadhbanna sábháilteachta gan choinne chun cinn, féadfaidh tír AE cosc láithreach a chur ar aerlíne.
-
Tugtar an deis d’aerlínte go n-éistfí leo má ghlacann an Coimisiún cinntí chun aeriompróir a chur ar an liosta coiscthe.
-
Tá an liosta foilsithe in Iris Oifigiúil AE. Ní mór don Choimisiún agus do thíortha AE rochtain phoiblí ar an liosta a éascú, go sonrach tríd an idirlíon. Ní mór d’údaráis eitlíochta sibhialta agus d’aerfoirt an pobal a chur ar an eolas faoin liosta chomh maith.
-
Ní mór do dhíoltóirí ticéad, oibreoirí turas agus gníomhairí taistil céannacht na haerlíne atá beartaithe acu a úsáid dá dtaisteal a chur in iúl do na paisinéirí nuair a dhéanann siad a n-áirithintí. Ní mór athruithe ar bith ina dhiaidh sin a chur in iúl do phaisinéirí a luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, ag an tseiceáil isteach nó iad ag dul ar bord.
-
Tá paisinéirí i dteideal cúitimh nó athródaithe má chuirtear an aerlíne ar an liosta coiscthe i ndiaidh dóibh a n-áirithint a dhéanamh.
In mí na Nollag 2015, d’fhoilsigh an Coimisiún straitéis chuimsitheach um eitlíocht don Eoraip. Chomh maith le féachaint le feabhas a chur ar iomaíochas na hearnála, cuirtear béim sa straitéis ar an tábhacht a bhaineann le hardchaighdeáin sábháilteachta agus slándála a choimeád agus le cosaint cearta paisinéirí.
Faoi mhí na Samhna 2016, ceanglófar ar gach aerlíne neamh-AE a iarraidh ar an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta údarú sábháilteachta aeir aonair a eisiúint chucu. Leis na húdaruithe sin déantar comhlíonadh na n-aerlínte leis na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta a bhailíochtú agus tá siad bailí ar fud AE.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Cuireadh i bhfeidhm é an 16 Eanáir 2006.
CÚLRA
Liosta de na haerlínte a bhfuil cosc orthu in AE
GNÍOMH
Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a bhunú atá faoi réir cosc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (IO L 344, 27.12.2005, lgh. 15-22)
Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin leanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a bhunú atá faoi réir cosc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lgh. 14-28).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 11.04.2023