An ceart vóta a chaitheamh agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha

Leagtar amach sa treoir na socruithe faoinar féidir le saoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) vóta a chaitheamh nó seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha* sa tír AE ina bhfuil cónaí orthu.

GNÍOMH

Treoir 94/80/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1994 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir leis an gceart chun vóta a chaitheamh agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a chur i bhfeidhm ag saoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh ann iad

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Leagtar amach sa treoir na socruithe faoinar féidir le saoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) vóta a chaitheamh nó seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha* sa tír AE ina bhfuil cónaí orthu.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an ceart ag saoránach AE, nach náisiúnach é nó í den AE ina bhfuil cónaí air nó uirthi, vóta a chaitheamh sa tír sin agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha na tíre sin, faoi na coinníollacha céanna is a chuirtear i bhfeidhm ar náisiúnaigh na tíre sin.

Chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin, ní mór do shaoránaigh AE iarratas a dhéanamh ar a n-ainm a chur le rolla toghthóirí na tíre cónaithe, trí na doiciméid thacaíochta chéanna a chur ar fáil is a chuirtear ar fáil ag vótálaithe náisiúnta. Sna tíortha ina bhfuil an vótáil éigeantach, beidh siad cumhdaithe freisin ag an dualgas sin.

Más rud é go mbíonn ar náisiúnaigh na tíre cónaithe AE a bheith ina gcónaí sa tír sin ar feadh íostréimhse áirithe chun vóta a chaitheamh nó chun seasamh mar iarrthóirí, is féidir le saoránaigh AE ó lasmuigh den tír tréimhse chomhionann a caitheadh i dtíortha AE eile a chur san áireamh maidir leis an gceanglas sin.

Is féidir le tíortha AE diúltú do shaoránaigh AE seasamh mar iarrthóirí:

más rud é gur chaill siad an ceart sin faoin dlí ina dtír AE bhunaidh de thoradh ar chinneadh aonair faoin dlí sibhialta nó coiriúil;

más rud é nach féidir leo dearbhú náisiúnta agus cónaithe, nó doiciméid áirithe eile a thaispeánann cé hiad, a chur ar fáil, más gá.

Is féidir le tíortha AE cinneadh a dhéanamh i gcúinsí áirithe nach bhfuil seilbh poist thofa bhardasaigh sa tír chónaithe comhoiriúnach le seilbh post i dtíortha AE eile.

Is féidir le tíortha AE cinneadh a dhéanamh chun poist áirithe thofa shinsearacha a thabhairt dá náisiúnaigh féin amháin, nó chun cosc a chur ar shaoránaigh thofa ó thíortha AE eile bheith páirteach i dtoscairí a ainmniú, toscairí ar féidir leo baill de thionól parlaiminteach a thoghadh nó vóta a chaitheamh sa tionól sin.

Aithnítear eisceachtaí sa treoir freisin le haghaidh:

tíortha AE ina bhfuil breis is 20 % de na toghthóirí ina saoránaigh AE d’aois vótála, saoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu sna tíortha sin ach nach náisiúnaigh na dtíortha sin iad; agus

saoránach AE a bhfuil an ceart acu cheana vóta a chaitheamh i dtoghcháin pharlaimint náisiúnta a dtíre cónaithe AE.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Ón 20 Eanáir, 1995 ar aghaidh.

EOCHAIRTHÉARMA

* Toghcháin bhardasacha: toghcháin atá ar oscailt do chónaitheoirí incháilithe lánfhásta ar bhunleibhéal an rialtais áitiúil, mar atá liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an treoir.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 94/80/CE

20.1.1995

31.12.1995

IO L 368, 31.12.1994, lgh. 38-47

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Iarscríbhinní na Treorach 94/80/CE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 24.09.2015